Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Idirghabháil Teaghlaigh

Is ionann idirghabháil agus próiseas atá ann teacht ar réiteach ar díospóidí ina mbuaileann na daoine atá i ndíospóid le triú páirtí a chabhraíonn leo idirbheartaíocht a dhéanamh iad féin chun teacht ar chomhaontú.  

Seirbhís saor in aisce is ea idirghabháil teaghlaigh chun cabhrú le lánúineacha agus le tuismitheoirí  ar tháinig deireadh lena gcaidreamh idirbheartaíocht a dhéanamh iad féin chun teacht ar chomhaontú.

Suíonn an lánúin síos le chéile agus idirghabhálaí oilte ag cabhrú leo, chun teacht ar téarmaí socraíochta iad féin.

Iarr Glao Ar Ais ar Sheirbhís Idirghabhála Teaghlaigh

Ligeann ár seirbhís glao ar ais duit labhairt lenár bhfoireann, rud a fhágfaidh go mbeidh sé níos áisiúla agus níos inrochtana duit.

Is féidir leat glaoch ar ais a iarraidh ónár bhfoireann anseo

Cad nach idirghabháil ann?

Ní comhairleoireacht caidrimh í agus nílimid ann chun a chur ina luí oraibh fanacht le chéile.

Cé hiad na daoine is féidir tairbhe a bhaint as idirghabháil?

Ní gá daoibh a bheith pósta chun tairbhe a bhaint as idirghabháil. Is é an aidhm atá againn ná cabhrú libh beirt teacht ar chomhaontú faoin mbealach a dteastaíonn uaibh bogadh ar aghaidh sa saol amach romhaibh.

Conas a oibreoidh sé?

I gcás idirghabhála, buailfidh an bheirt agaibh le hidirghabhálaí atá oilte go gairmiúil nach bhfuil chun a bheith i leith duine. Tá sé nó sí ann chun cabhrú libh beirt teacht ar chomhaontú. Tá sé tábhachtach chun a bheith ar an eolas go bhfuil aon phlé atá agat le d'idirghabhálaí faoi rún. Faigh tuilleadh amach

Cad iad na tairbhí a bhaineann leis an idirghabhálaí?

  • Is seirbhís rúnda í
  • Is seirbhís saor in aisce í
  • Léiríonn an taighde gur mó seans a dhéantar cinntí a choimeád ar comhaontaíodh orthu.
  • Nuair a phléitear fadhbanna deacra chun teacht ar chinneadh is deis é chomh maith chun an bealach a ndéanann sibh cumarsáid lena chéile a athrú agus le himeacht aimsire, an imní agus an fhearg atá ann uaireanta nuair a thagann deireadh le caidreamh a laghdú.
  • Má tá leanaí agaibh, is deis é chun comhaontú a chur i bhfeidhm a thugann aird oraibh beirt mar thuismitheoirí agus féadfaimid pleananna tuismitheoireachta aonair a dhéanamh a  fhreastalaíonn ar bhur gcúinsí ar leith.
  • Próiseas is ea idirghabháil chun cabhrú le hachrainn a laghdú agus chun cosaint a thabhairt do do leanaí i ndiaidh chliseadh an chaidrimh.

Cén bhaint atá ag na leanaí ann?

Is Seirbhís leanbhlárnach í an tSeirbhís Idirghabhála Teaghlaigh a leagann béim láidir ar fholláine an linbh/leanaí atá sáite in idirscaradh agus Colscaradh.

Cinntíonn an Idirghabhálaí go dtugtar “Guth an Linbh” isteach sa phróiseas idirghábhála. Is féidir é sin a dhéanamh go díreach, go hindíreach nó trí Sheisiún Teaghlaigh ag brath ar na cúinsí teaghlaigh.

An gá dom íoc as?

Tá seirbhísí idirghabhála saor in aisce faoi láthair.

Mar a oibroínn Idirghabháil

Cinntíonn an Idirghabhálaí go dtugtar “Guth an Linbh” isteach sa phróiseas idirghábhála. Is féidir é sin a dhéanamh go díreach, go hindíreach nó trí Sheisiún Teaghlaigh ag brath ar na cúinsí teaghlaigh.

An gá dom íoc as?

Tá seirbhísí idirghabhála saor in aisce faoi láthair.

Cad is gá dom a dhéanamh chun buaileadh le hidirgabhálaí?

Ní mór daoibh beirt dul i dteagmháil leis an tSeirbhís Idirghabhála Teaghlaigh sibh féin chun coinne a fháil. Tá liosta feithimh ann i roinnt oifigí. Faigh tuilleadh amach faoi na hamanna feithimh anseo.

Conas oifig idirghabhála teaghlaigh a aimsiú?

Tá seacht n-oifig déag ar fud na tíre, ocht n-oifig atá ar ocailt go lánaimseartha agus naoi n-oifig atá ar oscailt go páirtaimseartha. Féadfaidh teacht ar na háiteanna a bhfuilimid agus na hamanna oscailte anseo.

Tá cúig oifig idirghabhála suite i líon áirithe Cúirteanna Dúiche chomh maith.  Faigh tuilleadh amach anseo.

Faigh tuilleadh amach

Molaimíd ár leabhrán Eolas faoi Idirghabhál Teaghlaigh a léamh ina leagtar amach na gnéthe difriúa gur choir machnamh a dhéanamh orthu i dtaobh scaradh nó colscaradh.