Lógó Glas an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil

Rochtain ar Cheart

 

Eolas Fúinn

Is eagraíocht neamhspleách é an Bord um Chúnamh Dlíthiúil, atá maoinithe go poiblí. Tá sé ann ó 1979 agus bunaíodh é mar chomhlacht reachtúil de bhua an Achta um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta 1995.

Is é Ráiteas Misin an Bhoird, de réir mar atá leagtha amach ina Phlean Corparáideach 2009-2011, ná "Chun seirbhís um chúnamh agus comhairle dhlíthiúil a chur ar fáil atá gairmiúil, éifeachtúil, costéifeachtach agus inrochtana". Leagann an Plean Corparáideach amach roinnt céimeanna atá glactha ag an mBord chun an cuspóir ina Ráiteas Misin a bhaint amach.

Bíonn cathaoirleach agus daréag gnáthbhall ar an mBord. Bíonn siad ceaptha ag an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí agus bíonn téarma oifige cúig bliana acu.

Tá struchtúr bainistíochta feidhmeannais ag an mBord, atá lonnaithe go príomha ag an gCeannoifig ag Sráid an Chalaidh, Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí agus ag oifig ag 47 Sráid an Mhóta Uachtarach, Baile Átha Cliath 2, chomh maith.

Tá 33 ionad dlí lánaimseartha ag an mBord atá lonnaithe ar fud na tíre, chomh maith le Seirbhís na gCleachtóirí Príobháideacha, Ionad Doiciméadú ar Dhídeanaithe agus seirbhís leabharlannaíochta atá lonnaithe ag Cúirt Montague, Lána Monatague, Baile Átha Cliath 2.

Forbhreathnú ar an mBord um Chúnamh Dlíthiúil


Lógó tsuímh idirlín OneGov