Lógó Glas an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil

Rochtain ar Cheart

 

Ráiteas Inrochtaineachta

Tá an Bord um Chúnamh Dlíthiúil tiomanta le cinntiú go bhfuil rochtain ag an bpobal is leithne agus is féidir ar shuíomh gréasáin an Bhoird, beag beann ar theicneolaíocht nó ar chumas.

Táimid ag saothrú go gníomhach chun inrochtaineacht agus inúsáidteacht ár suímh ghréasáin a fheabhsú agus, tríd seo, táimid ag déanamh ár ndíchill cloí le caighdeáin agus le treoirlínte maidir le hinrochtaineacht.

I measc na bhfeabhsuithe inrochtaineachta a rinneadh le gairid, áirítear:
> Téacs malartach a chur le híomhánna ar ár suíomh gréasáin
> Ábhar atá i bhformáid PDF faoi láthair a athrú go formáid HTML nuair is cuí
> Méid an chomhaid a léiriú nuair a bhaintear úsáid as ábhar PDF
> Téacs fóinteach a chur in ionad nasc

Sonraí teagmhála don Oifigeach Rochtana

Formáidí na nDoiciméad
Tá roinnt eolais ar an suíomh gréasáin ar fáil i bhformáid PDF. Osclaítear doiciméid PDF i mbogearraí ar leith, mar shampla Adobe Reader atá ar fáil saor in aisce. De ghnáth, bíonn bogearraí den chineál sin suiteáilte ar ríomhairí an lae inniu sula gceannaítear iad. Baintear úsáid as formáid níos inrochtana de PDF (formáid ”chlibeáilte”) i ndoiciméid nua PDF. Cruthaíodh roinnt de na doiciméid is sine, áfach, sular cruthaíodh an fhormáid áirithe sin agus dá réir sin, níl na doiciméid chéanna clibeáilte. Baintear úsáid as formáid PDF go hiondúil nuair a bhíonn leagan amach ar leith riachtanach nuair a phriontáiltear an doiciméad (mar shampla foirmeacha), nó le haghaidh doiciméid thagartha mhóra nach n-úsáidfí sách minic iad chun údar a thabhairt leis an iarracht bhreise a bhainfeadh lena n-athrú de láimh go formáid xHTML inrochtana.

Má bhíonn deacracht agat le formáid doiciméid ar leith agus má theastaíonn an t-eolas uait i bhformáid leictreonach mhalartach, déan teagmháil linn agus déanfaimid iarracht leagan níos inrochtana a chur ar fáil duit. Ba cheart iarratais ar fhormáidí malartacha a sheoladh chuig info@legalaidboard.ie. Má theastaíonn eolas uait i gcló mór, ar chlostéip nó i mBraille, déan teagmháil lenár nOifigeach Rochtana (nasc HTML).

Tionscnamh Inrochtaineachta Gréasáin
Déanaimid ár ndícheall inrochtaineacht “Double-A” de Threoirlínte Rochtana an Ábhair Láithreáin 1.0 (WCAG 1.0 ) de chuid Fheadhnacht an Ghréasáin Dhomhanda (W3C) a bhaint amach ar an suíomh gréasáin seo.

Mínítear in WCAG 1.0 conas ábhar an ghréasáin a chur ar fáil i bhformáid níos inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas. Má chloítear leis na treoirlínte seo, beidh an gréasán níos soláimhsithe do gach duine.

Fadhbanna atá ar eolas againn
Cé go ndéanann an Bord um Chúnamh Dlíthiúil a dhícheall cloí le treoirlínte reatha maidir le hinrochtaineacht agus le hinúsáidteacht, ní féidir cloí go beacht le gach pointe díobh i gcónaí. Is iad seo a leanas na fadhbanna ar ár suíomh gréasáin atá ar eolas againn, agus táimid ag saothrú faoi láthair chun iad a réiteach:
> HTML as dáta in úsáid
> Tá nithe, mar shampla ceanntásca ar rónna i dtáblaí agus ceanntásca ar cholúin srl, le sonrú sa chód
> Teanga an ábhair a shonrú sa chód

An straitéis amach anseo
> Beidh an t-ábhar nua ar fad a fhoilseofar ar an suíomh gréasáin inrochtana ina iomláine.
> Déanfaimid iarracht ábhar atá níos soláimhsithe agus níos dírithe ar an gcustaiméir a chruthú.
> Laghdóimid coibhneas na ndoiciméad a fhoilsítear i bhformáid PDF, agus leanfaimid orainn ag athrú an ábhair PDF go HTML, nuair is cuí.
> D’fhonn tiomantas an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil a léiriú i leith inrochtaineacht ár suíomhanna gréasáin a sholáthar agus a chothabháil, déanfaimid athbhreithniú bliantúil ar inrochtaineacht agus tabharfaimid aghaidh ar cheisteanna ar bith a thiocfaidh chun cinn.

Tá an Bord um Chúnamh Dlíthiúil tiomanta d’inrochtaineacht an tsuímh ghréasáin seo a chothabháil, agus monatóireacht a dhéanamh uirthi. Mar chuid den phróiseas seo, cuirimid fáilte roimh thuairimí, mholtaí agus shonraí de na fadhbanna a bhíonn ag úsáideoirí. Má bhíonn deacracht ar bith agat agus tú ar an suíomh gréasáin seo, déan teagmháil linn ag info@legalaidboard.ie.


Lógó tsuímh idirlín OneGov