Lógó Glas an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil

Rochtain ar Cheart

 

Nósanna imeachta chun Déileáil le hIarratas chun Malairt Aturnae a fháil

Déanann Aturnae iarratas go gcuirfí Aturnae eile ar fáil
Murar mian le cleachtóir príobháideach gníomhú thar cheann cliaint ní mór dó nó di formheas a fháil ón mBord faoi réir na prionsabail agus na nósanna imeachta seo a leanas sula gcuireann siad comhad ar ais chuig Ionad na gCleachtóirí Príobháideacha:-
> déileálfar le gach iarratas ar a thuillteanas féin agus é sin i scríbhinn;
> tabharfaidh an Bord údarú don iarratas nuair a chruthaítear go bhfuil sé réasúnta agus socróidh sé go gcuirfear aturnae eile ar fáil;
> ba chóir nach ndéanfaí ach an cur isteach is lú ar an gcliant;
> ba chóir aird faoi leith a thabhairt, sna cúinsí cuí, do chiorclán an Bhoird maidir le cúlghairm / foirceannadh cúnaimh dhlíthiúil agus go mór mór do na treoirlínte atá ann maidir le hiompar míréasúnta cliaint; agus
> déanfaidh an Bord cinneadh faoi na táillí atá iníoctha leis an aturnae ag cur téarmaí agus coinníollacha na Scéime baintí san áireamh agus an obair atá déanta ag an aturnae.

Déanann Cliant iarratas chun Aturnae eile a fháil
Tá foráil in Alt 31(4) den tAcht um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta, 1995:-

"Má tharlaíonn sé i gcás duine a bhfuil cinneadh déanta ag an mBord cúnamh dlíthiúil a thabhairt dó nó di go bhfuil:-
(a) glactha aige nó aici le hainmniúcháin aturnae nó gur roghnaigh aturnae ó phainéal na n-aturnaetha de bhun fo-alt (1) nó ar deonaíodh seirbhís aturnae dó nó di de bhun iarratas faoi réir fo-alt (3), nó ...........féadfaidh an té sin iarratas a dhéanamh chuig an mBord go gcuirfí deireadh le seirbhísí an aturnae nó an abhcóide sin agus seirbhísí aturnae eile de chuid an Bhoird nó aturnae ó phainéal na n-aturnaetha nó, dá bhfeilfeadh sé sin, abhcóide ó phainéal na n-abhcóidí a fháil sa chás agus má cheapann an Bord go bhfuil sé réasúnta sna cúinsí go léir, féadfaidh sé toiliú don iarratas.”

Más mian le cliant aturnae eile a fháil de bharr deacrachtaí nó toisc go bhfuil teipthe ar an gcaidreamh idir an aturnae agus an cliant, nó de bharr choinbhleacht leasa, agus/nó aon fháth réasúnta eile, cabhrófar leis an gcliant aturnae eile a fháil faoi réir cinneadh faoi aon chostas bhreise a d'fhéadfadh a bheith i gceist. Tabharfaidh an Bord aird, áfach, ar na fáthanna a bhí leis an iarratas agus iad ag déanamh a gcinnidh. Ní móide go nglacfar le hiarratas má fhaightear amach go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh toisc nach bhfuil an cliant sásta leis an gcomhairle dhlíthiúil a fuair sé nó sí nuair is léir gur chomhairle fónta a bhí ann.

Is i scríbhinn a chaithfear gach iarratas a dhéanamh chun aturnae eile a fháil agus is féidir a dhéanamh chun an aturnae nó go díreach chun an Bhoird. Má chuireann cliant iarratas i scríbhinn chun an aturnae ba chóir don aturnae cóip de a chur chuig Ionad na gCleachtóirí Príobháideacha. I ngach cás den sórt;
> tabharfar cóip den iarratas don aturnae agus iarrfar air nó uirthi meamram a sholáthar ag tabhairt a b(h)arúil faoin iarratas;
> déanfaidh an tOifigeach Gairmiúil Idirchaidrimh cinneadh faoin scéal;
> má dhiúltaítear don iarratas cuirfear litir chuig an gcliant á chur sin in iúl dó nó di, agus cuirfear cóip chuig an gcleachtóir príobháideach, Léireoidh sí seo na fáthanna ar diúltaíodh don iarratas agus tabharfaidh sé deis don chliant go ndéanfadh Stiúrthóir Cúnaimh Dhlíthiúil athbhreithniú ar an gcinneadh más mian leis an té sin tuilleadh faisnéise a chur ar fáil. Beidh an cliant i dteideal seirbhísí a fháil le linn an phróisis athbhreithnithe ón gcéad aturnae a ainmníodh. Ba chóir go gcuirfí an cliant ar an eolas freisin faoin bpróiseas achomhairc.
> má ghéilltear don iarratas seolfar litir chuig an gcliant á c(h)ur ar an eolas faoi agus iarrfar ar an gcleachtóir príobháideach an comhad a chur chuig Ionad na gCleachtóirí Príobháideacha agus déanfaidh an tIonad iarracht aturnae eile a fháil gan aon chostas bhreise don Bhord; agus
> déanfaidh an Bord cinneadh faoi na táillí a bheidh iníoctha leis na haturnaetha faoi réir téarmaí agus coinníollacha na Scéime baintí, an obair déanta ag an aturnae agus an obair bhreise is cosúil a bheidh riachtanach.


Lógó tsuímh idirlín OneGov