|
Foirmeacha
Foirmeacha iarratais
Is féidir iarratas a chur isteach ag aon cheann de na hionaid dlí atá léirithe ar Leathanach Teagmhála na nIonad Dlí, ar an suíomh seo, trí bhualadh isteach ag an ionad áitiúil, nó trí ghlaoch gutháin nó scríobh chuige. Caithfidh tú foirm iarratais a líonadh isteach, le sonraí faoi d'acmhainn, í a shíniú agus í a chur ar ais ag d'ionad dlí áitiúil.
Is iad an dá fhoirm atá ar an leathanach seo, ná an fhoirm a úsáidtear ag d'ionad dlí áitiúil agus foirm atá le comhlánú má tá tú ag iarraidh iarratas a chur isteach ar chúnamh dlíthiúil i dtír eile san AE.
Cáiliú do chúnamh dlíthiúil
Déanfaidh foireann an ionaid dlí d'ioncam "indiúscartha" a ríomhadh - is é sin, an méid a bhíonn fágtha agat tar éis go bhfuil cúinsí áirithe curtha san áireamh maidir le cleithiúnaithe, lóistín, cáin ioncaim agus roinnt costas eile - agus cuirfidh siad comhairle ort ansin faoi d’incháilitheacht leith seirbhísí dlíthiúla.
Costas na seirbhíse
Bíonn ort ranníocaíocht a íoc má bhronntar comhairle nó cúnamh dlíthiúil ort. Braithfidh an méid a íocfaidh tú ar leibhéal d'ioncaim "indiúscartha". Is é an ranníocaíocht is ísle ná €10 do chomhairle dhlíthiúil agus €50 más gá duit dul chun na cúirte. Ma tá tú ag brath go hiomlán ar leas sóisialta, íocfaidh tú an méid is ísle. Má tá acmhainní caipitil agat (seachas do theach féin), seans go mbeidh ort a thuilleadh a íoc. Cuirfidh foireann an ionaid dlí comhairle ort.
Cásanna Coiriúla
Ní bhaineann an tAcht um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta 1995, le cásanna coiriúla. Má tá tú cúisithe i leith cion coiriúil agus má tá cúnamh dlíthiúil uait, ba cheart duit dul i dteagmháil le le cléireach nó cláraitheoir na cúirte atá i gceist.
Tá roinnt de na foirmeacha ar an leathanach seo ar fáil i bhFormáid Doiciméid Shoghluaiste (PDF).Tá gá le bogearraí Adobe® Acrobat® Reader® chun iad a fheiceáil. Is féidir cóip saor in aisce de Adobe® Acrobat® Reader® a íoslódáil ó shuíomh idirlín Adobe® ag www.adobe.com.
Tá roinnt foirmeacha ar fáil mar chomhaid Microsoft® Word. Mura bhfuil na bogearraí agat chun iad a léamh, is féidir leat breathnóir saor in aisce a íoslódáil ó shuíomh idirlín Microsoft® ag www.microsoft.com/downloads.
Foirm Iarratais ar Chúnamh Dlíthiúil
Foirm Iarratais ar Chúnamh Dlíthíuil PDF (22.7KB)
Foirm Iarratais ar Chúnamh Dlíthíuil Word (61.8KB)
Foirm Iarratais ar Chúnamh Dlíthiúil Eachtrannach
Cúnamh Dlíthiúil Eachtrannach Foirm Iarratais PDF (282KB)
Cúnamh Dlíthiúil Eachtrannach Foirm Iarratais Word (83.5MB)
|