|
Cúnamh Dlíthiúil Sibhialta
Cuireann an Bord um Chúnamh Dlíthiúil seirbhísí dlíthiúla ar fáil maidir le cúrsaí dlí shibhialta, do dhaoine incháilithe. I measc na seirbhísí dlíthiúla seo tá comhairle agus cúnamh dlíthiúil. Caithfidh tú riachtanais incháilitheachta airgeadais an Bhoird a shásamh le cáiliú do na seirbhísí. Caithfidh tú léiriú don Bhord chomh maith, go bhfuil fiúntas le do chás.Tá seirbhísí uile an bhoird á rialú ag an Acht um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta 1995 agus ag na Rialacháin Chúnaimh Dhlíthiúil Shibhialta.
Is féidir níos mó eolais a fháil faoi na seirbhísí is mó a bhíonn á lorg ón mBord, sna bileoga eolais.
Ní chuireann an Bord cúnamh ná comhairle ar fáil i gcásanna coiriúla.
Comhairle dhlíthiúil
Is ionann comhairle dhlíthiúil agus aon chomhairle labhartha nó scríofa ó dhlíodóir nó abhcóide i gcúrsaí sibhialta. D'fhéadfadh litreacha a scríobhadh ar do shon, nó gníomhú ar do shon in idirbheartaíochtaí le daoine eile, a bheith i gceist. Cuirtear comhairle dhlíthiúil ar fáil ag dlíodóirí i ngréasán ionaid dlí an Bhoird.
Má tá tú ag iarraidh comhairle dhlíthiúil a lorg maidir le hábhar ar bith, ba cheart duit dul i dteagmháil le d'ionad dlí áitiúil.
Bíonn comhairle dhlíthiúil ar fáil maidir leis an gcuid is mó de chúrsaí sibhialta. Má tá breis eolais ag teastáil uait faoin tseirbhís atá ar fáil ón mBord, ba cheart duit dul i dteagmháil le d'ionad dlí áitiúil.
Cúnamh dlíthiúil
Is ionann cúnamh dlíthiúil agus ionadaíocht a bheith déanta ag dlíodóir nó abhcóide in imeachtaí sibhialta sa Chúirt Dúiche, Chuarda, san Ard-Chúirt nó sa Chúirt Uachtarach. Bíonn cúnamh dlíthiúil ar fáil chomh maith d'ionadaíocht os comhair an Binse Achomhairc do Dhídeanaithe.
Ní bhronntar cúnamh dlíthiúil ar dhuine go huathoibríoch. Má tá ionadaíocht ag teastáil uait do chás cúirte, déanfaidh an Bord measúnú air le fáil amach an bhfuil sé réasúnta chun cúnamh dlíthiúil a bhronnadh ort. Glaotar an tástáil fiúntais ar an nós imeachta seo. Baineann an tástáil seo le gach cás ar leith. Má cheapann an Bord go bhfuil sé réasúnta cúnamh dlíthiúil a bhronnadh, eiseofar teastas cúnaimh dhlíthiúil duit agus cuirfear ionadaíocht dhlíthiúil ar fáil duit i do chás.
Bíonn cúnamh dlíthiúil á chur ar fáil ag dlíodóirí a bhíonn fostaithe ag an mBord, sna hionaid dlí. I gcásanna áirithe de dhlí teaghlaigh agus i gcásanna tearmainn, d'fhéadfadh cúnamh dlíthiúil a bheith curtha ar fáil ag dlíodóirí i gcleachtas príobháideach, atá faoi chonradh ag an mBord agus atá curtha ar phainéal don chuspóir seo.
Bíonn cúnamh dlíthiúil ar fáil maidir leis an gcuid is mó de chásanna sibhialta. Bíonn méid áirithe ábhar fágtha amach ó scóip an chúnaimh dhlíthiúil shibhialta agus ba cheart duit dul i gcomhairle le dlíodóir an ionaid dlí áitiúil, má tá níos mó eolais nó dearbhú ag teastáil uait faoi seo.
Má tá tú ag iarraidh cúnamh dlíthiúil a fháil, ba cheart duit dul i dteagmháil le d'ionad dlí áitiúil. Má tá tú i do chónaí i gceantar Bhaile Átha Cliath agus má tá tú ag iarraidh cúnamh a lorg do chás de dhlí teaghlaigh sa Chúirt Dúiche, is féidir leat dul i dteagmháil le Seirbhís na gCleachtóirí Príobháideacha atá ag an mBord, ag Cúirt Montague, Sráid Montague, Baile Átha Cliath 2, guthán 01 4776200.
|