Lógó Glas an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil

Rochtain ar Cheart

 

Nósanna imeachta le gearáin a dhéanamh

Cúlra
Ní mór don Bhord na nithe seo a leanas a chur san áireamh agus iad ag breithniú na ngearán a dhéanann cliaint:-
> an tAcht um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta, 1995, agus na Rialacháin um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta;
>Téarmaí agus Coinníollacha Scéimeanna na gCleachtóirí Príobháideacha; agus
> an Plean Gníomhaíochta maidir le Seirbhís do Chustaiméirí.

An tAcht um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta, 1995
Tá foráil in Alt 30(3) den Acht um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta, 1995:-
"Is féidir leis an mBord— ( a ) painéal a bhunú agus a chothabháil (ar a dtabharfar "painéal na n-aturnaetha") ar a bheidh liosta ainmneacha na n-aturnaetha atá toilteanach cúnamh agus comhairle dlíthiúil a sholáthar, agus

Tá foráil in Alt 30(4):-
Beidh aon aturnae nó abhcóide atá sásta géilleadh do na téarmaí agus na coinníollacha dá ndéantar tagairt dóibh i bhfochuid (3) i dteideal go gcuirfí a ainm nó a hainm ar an bpainéal iomchuí ach amháin má bhíonn a leithéid d'iompar aige nó aici nuair a bhí sé nó sí ag soláthar nó nuair a roghnaíodh é nó í chun cúnamh nó comhairle dlíthiúil a sholáthar nó go raibh a leithéid d'iompar gairmiúil ginearálta aige nó aici gurb é tuairim an Bhoird nach mbeadh sé nó sí oiriúnach chun a leithéid de chabhair nó de chomhairle a sholáthar.”

Tá foráil in Alt 31(4):-
"Má tharlaíonn sé i gcás duine a bhfuil cinneadh déanta ag an mBord cúnamh dlíthiúil a thabhairt dó nó di go bhfuil:-
(a) glactha aige nó aici le hainmniúcháin aturnae nó gur roghnaigh aturnae ó phainéal na n-aturnaetha de bhun fo-alt (1) nó ar deonaíodh seirbhís aturnae dó nó di de bhun iarratas faoi réir fo-alt (3), nó ...........féadfaidh an té sin iarratas a dhéanamh chuig an mBord go gcuirfí deireadh le seirbhísí an aturnae nó an abhcóide sin agus seirbhísí aturnae eile de chuid an Bhoird nó aturnae ó phainéal na n-aturnaetha nó, dá bhfeilfeadh sé sin,
abhcóide ó phainéal na n-abhcóidí a fháil sa chás agus má cheapann an Bord go bhfuil sé réasúnta sna cúinsí go léir, féadfaidh sé toiliú don iarratas.”

Forálacha faoi leith maidir le Cleachtóirí Príobháideacha
Leagann Alt 13 de Theármaí agus Coinníollacha Scéim na gCleachtóirí Príobháideacha don Chúirt Chuarda na coinníollacha inar féidir leis an mBord aturnae a bhaint den Phainéal má mheasann sé:-
"(a) go raibh iompar an aturnae nuair a bhí seirbhísí dlíthiúla á sholáthar aige nó aici nó nuair a roghnaíodh é nó í chun é sin a dhéanamh nó
go raibh iompar gairmiúil aige nó aici den sórt sin de gnáth
gurb é meas an Bhoird nach raibh sé nó sí oiriúnach chun a leithéid de sheirbhísí a sholáthar, nó
(b) gur theip ar an aturnae na Téarmaí agus na Coinníollacha seo a shásamh, nó
(c) nár ghlac an t-aturnae páirt sa Scéim ar leibhéal sásúil, lena n-áirítear
i measc rudaí eile diúltú go rialta glacadh le daoine mar chliaint
a bhfuil cúnamh dlíthiúil le fáil acu nó diúltú comhairle nó cúnamh dlíthiúil oiriúnach a thabhairt dóibh, nó
(d) go bhfuil a leithéid de riocht sláinte ar an aturnae a d'fhágfadh é nó í neamhábalta na seirbhísí riachtanacha a chur ar fáil. Coimeádann an Bord de cheart aige féin fianaise liachta a éileamh ó aturnae nó aturnae a chuir chuig cleachtóir míochaine chun a (h)ábaltacht ina leith sin a dhearbhú”

Tá foráil in Alt 14 :-
"Má chinneann an Bord aturnae / gnólacht a chur ar fionraí nó a bhaint den Phainéal cuirfear in iúl i scríbhinn don aturnae na fáthanna a bhí leis an gcinneadh. Féadfaidh an aturnae / gnólacht achomharc a dhéanamh i scríbhinn, laistigh de mhí ón am a fhaigheann sé/sí an fógra, in aghaidh chinneadh Phríomhfheidhmeannach an Bhoird agus fáthanna iomlána an achomhairc a thabhairt. Féadfaidh an Príomhfheidhmeannach an t-aturnae / gnólacht a chur ar ais ar an bPainéal má tá sé nó sí sásta go ndearnadh cás chuige sin. Ní féidir le haon achomharc feidhmiú chun moill a chur ar an gcinneadh aturnae a chur ar fionraí nó a bhaint den phainéal nó an cinneadh sin a shéanadh ach amháin má chinneann an Príomhfheidhmeannach a mhalairt.”

Gearáin ó bhéal
Má dhéantar gearán ó bhéal don Bhord nó don aturnae déanfar gach iarracht an gearán a réiteach go neamhfhoirmiúil agus gan bacadh leis na nósanna imeachta atá leagtha amach thíos. Murar féidir an gearán ó bhéal a réiteach go neamhfhoirmiúil iarrfar ar an ngearánaí an gearán a chur is scríbhinn agus molfar dó nó dí nach ndéanfaidh an Bord gearán a mheas go foirmiúil mura ndéantar i scríbhinn é. Má bhíonn deacrachtaí teanga i gceist iarrfar ar an duine an gearán a scríobh ina teanga féin agus féadfar é sin a aistriú. Má bhíonn deacrachtaí liteartha i gceist, ba chóir cúnamh cuí a sholáthar chun an gearán a chur i scríbhinn.

Gearáin Scríofa
Féadfar gearán i scríbhinn a sheoladh chuig an aturnae nó chuig an mBord. Má chuireann cliant gearán i scríbhinn chuig an aturnae ba chóir don aturnae cóip a chur chuig Ionad na gCleachtóirí Príobháideacha nó chuig an tSeirbhís Dhlíthiúil do Dhídeanaithe (RLS), cibé ceann a oireann don chás. Is éard a dhéanfaidh an Bord nuair a fhaigheann sé gearán i scríbhinn ná:-
> cóip den ghearán i scríbhinn a sholáthar don chleachtóir príobháideach (má chuirtear go díreach chuig an mBord é);
> iarraidh ar an gcleachtóir príobháideach ráiteas a thabhairt;
> freagra i scríbhinn a chur chuig an ngearánaí nuair a fhaightear an ráiteas sin;
> cóip den fhreagra sin a chur chuig an gcleachtóir príobháideach; agus
> leanúint ar aghaidh le comhfhreagras leis an ngearánaí chomh fada is a bheadh sé sin réasúnta agus dá mbeadh sé oiriúnach.

Is éard a dhéanfaidh an Bord má theipeann ar na hiarrachtaí sin chun cúis(eanna) an gearáin a réiteach ná:-
> deis a thabhairt don ghearánaí an cás a chur faoi bhráid Oifigeach Gairmiúil Idirchaidrimh an Bhoird (PLO); agus
> má iarrann an gearánaí go ndéanfaí é sin an gearán agus ráiteas an chleachtóra príobháidigh a chur chuig an té sin.

Déanfaidh Oifigeach Gairmiúil Idirchaidrimh an Bhoird:-
> an cleachtóir príobháideach a chur ar an eolas faoina t(h)uairimí / c(h)inntí; agus
> scríobh chuig an ngearánaí maidir lena chinntí agus aon tuairimí atá aige/aici
faoin gcaoi a d'fhéadfaí an gearán a réiteach.

Fiosrú Foirmiúil de thoradh Gearáin
Má mheasann an tOifigeach Idirchaidrimh go bhfuil a leithéid de ghearáin ann gur gá fiosrú foirmiúil a dhéanamh dá bharr ar iompar an cleachtóra príobháidigh déanfaidh duine a cheapfaidh an Príomhfheidhmeannach an scéal a fhiosrú. Tabharfar aird chuí ina leithéid d'fhiosrú don riachtanas maidir le nósanna imeachta córa a beith ann agus go dtabharfaí gach ábhar bainteach don chleachtóir príobháideach.


Saincheisteanna Feidhmíochta
Má tharraingíonn ball foirne ceist anuas maidir le feidhmíocht cleachtóra príobháidigh cuirtear an scéal faoi bhráid an Oifigigh Ghairmiúil Idirchaidrimh nó chuig aturnae bainistíochta na Seirbhíse Dhlíthiúla do Dhídeanaithe más ceist tearmainn / inimirce í agus beidh an té sin freagrach as cibé beart a dhéanfar má dhéantar beart ar bith faoin gcás. Is ar an oifigeach nó aturnae bainistíochta seo a bheidh sé cinneadh a dhéanamh ar chóir an scéal a chur faoi bhráid an cleachtóra príobháidigh féin ar chor ar bith agus an méid de ar chóir a chur faoina b(h)ráid má tá.

Cleachtóir Príobháideach a bhaint den Phainéal
Má tharlaíonn sé go molann an Oifigeach Gairmiúil Idirchaidrimh, nó aon duine a cheapann an Príomhfheidhmeannach chun scéal a iniúchadh, go mbainfí cleachtóir príobháideach de phainéal faoi leith cuirfear an moladh seo ar aghaidh go dtí an Stiúrthóir Cúnaimh Dhlíthiúil le cinneadh a dhéanamh faoi. Má bheartaíonn an Stiúrthóir sin gur chóir an cleachtóir príobháideach a bhaint den phainéal tabharfar le fios don chleachtóir sin:-
> na fáthanna a bhí leis an gcinneadh sin; agus
> an ceart atá aige nó aici athbhreithniú a iarraidh agus/nó achomharc a dhéanamh in aghaidh cinnidh an Phríomhfheidhmeannaigh / Coiste Achomhairc an Bhoird laistigh de mhí amháin ón am a fhaigheann sé/sí an fógra.


Lógó tsuímh idirlín OneGov