Lógó Glas an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil

Rochtain ar Cheart

 

Brollach

I mo cháil mar Chathaoirleach is mór an sásamh dom Plean Corparáideach nua an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil a chur faoi bhur mbráid, a chuimsíonn ár bpríomhaidhmeanna don tseirbhís ar feadh na dtrí bliana go dtí deireadh 2011. Is maith is eol don Bhord agus dom féin cén tábhacht atá ag baint le cúnamh dlíthiúil sibhialta do na cliaint, don rialtas agus don tsochaí. Go háirithe, tugann sé caoi do dhaoine ab fhéidir nach mbeadh i riocht é a dhéanamh de dheasca na gcostas, a gcearta a chosaint nó a sheasamh. Is séala í an deis seo, a thugtar do dhaoine atá faoi mhíbhuntáiste nó i mbaol, ar thír atá nua-aimseartha cothromaíoch agus is léirfheasach dúinn an fhreagracht atá leagtha orainn ag an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí agus ag an Rialtas.

Is ábhar sásaimh dom go bhfuil ag éirí linn i gcónaí an aidhm atá againn a chomhlíonadh, is é sin, seirbhís a chur ar fáil do na cliaint a chuireann ar a gcumas coinne a dhéanamh le haturnae laistigh de thréimhse ceithre mhí ar a fhad. Go deimhin, cuireann cuid mhaith dár gcuid ionad dlí coinní ar fáil laistigh de thréimhse is giorra ná sin, agus faigheann breis agus 16 faoin gcéad de na hiarrthóirí seirbhís láithreach, geall leis, mar gheall ar an gcás ar leith acu: foréigean sa teaghlach, fuadach páistí, cúram páistí nó cásanna ina bhfuil an teorainn ama gar don dáta éaga. Níor mhór dúinn leanúint orainn ag soláthar seirbhíse tráthúla le go mbeadh feidhm leis an tseirbhís seo.

Dála seirbhísí poiblí eile, is cinnte go gcuirfear brú ar ár gcumas an leibhéal céanna seirbhíse atáimid a thabhairt le blianta beaga anuas a chaomhnú, de dheasca na ndeacrachtaí airgeadais agus eacnamaíochta atá romhainn uile. Inár gcás féin, is géire fós an brú seo toisc an t-éileamh atá ar ár gcuid seirbhísí a bheith ag dul i méad. Is beag an seans go rachaidh an brú seo i laghad le linn shaol an Phlean seo. Mar sin féin, tá dualgas ar an bpobal i gcoitinne a chinntiú go mbeidh teacht ag daoine ar beag a n-acmhainní saolta ar an gceartas mar atá ag a gcomhshaoránaigh acmhainneacha. Tá lorg na barrshamhla atá againn don Bhord um Chúnamh Dlíthiúil ar an leagan amach atá curtha againn ar an eagraíocht: bord cúnaimh dhlíthiúil shibhialta agus seirbhís chomhairle a bheadh ar chomhchéim leis an gcleachtas idirnáisiúnta is fearr a chur ar fáil d'fhonn an rochtain ar an gceartas a éascú.

Is maith a thuigeann an Bord gur mó fós an gá atá anois ann go mbeadh an tseirbhís a thugaimid chomh héifeachtúil éifeachtach agus is féidir. Bainfear an leas is fearr is féidir as na hacmhainní airgeadais agus na hacmhainní daonna atá ag an mBord agus tá rún daingean againn a chinntiú go mbeidh an-luach ar airgead ag baint le gach gné den tseirbhís. Comhlánaíonn aturnaetha agus abhcóidí príobháideacha an tseirbhís a thugann na haturnaetha seo againne agus, dar leis an mBord, is samhail í an tseirbhís seo den chomhoibriú is éifeachtaí is féidir a dhéanamh idir na hearnálacha poiblí agus príobháideacha.

Is feasach don Bhord nach féidir na tascanna a leagtar amach sa Phlean seo, maidir leis na seirbhísí atá fúinn a sholáthar, a chur i gcrích gan ár mbaill foirne a bheith chomh tiomanta céanna i gcónaí ar gach leibhéal. Go trásta, tá an tiomantas seo thar a bheith follasach, ní hamháin maidir le seirbhísí dlí a chur ar fáil ar an gcaoi thraidisiúnta ach freisin maidir le tionscnaimh a bhrú chun cinn i réimse na réiteach malartach ar aighnis. Is éard atá uainn a chinntiú go gcuirfear ar chumas na gcliant i gcásanna áirithe aighnis a réiteach is gan ach an dochar is lú is féidir a dhéanamh ar an bhfadtéarma agus ar chaoi go rachaidh na torthaí chun sochair do gach páirtí agus do leas na bpáistí.

Tá go leor spriocanna diana curtha romhainn againn thar na trí bliana seo chugainn agus rún daingean againn a chinntiú go mbainfidh tiomantas agus cruthaíocht na foirne, atá ann ó bunaíodh an Bord, amach iad, cuid mhaith, ainneoin na ndeacrachtaí atá romhainn.

Anne Colley
Cathaoirleach, An Bord um Chúnamh Dlíthiúil
Mí na Samhna 2008

Breis eolais:

Réamhrá

Ráiteas Misin

Mandáid

Barrshamhail

Luachanna

Anailís Timpeallachta

Aidhmeanna Ardleibhéil (AA)

AA 1 Seirbhís

AA 2 Cumarsáid

AA 3 Bainistíocht Acmhainní

AA 4 Nuálaíocht

AA 5 Forbairt Cumais

Feidhmiú and Phlean Chorparáidigh






Lógó tsuímh idirlín OneGov