Lógó Glas an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil

Rochtain ar Cheart

 

AA 1 Seirbhís

Seirbhís ghairmiúil inrochtana ardchaighdeáin a sholáthar.

      Torthaí

        >Seirbhís éifeachtach thráthúil a sholáthar;
        >Seirbhís láithreach, nó geall leis, a chur ar fáil de réir mar is gá agus de réir na socruithe a faomhadh;
        >Struchtúr éifeachtach maidir le dearbhú cáilíochta sheirbhísí gairmiúla an Bhoird;
        >Na meicníochtaí monatóireachta ar thréchur na gcásanna a fheidhmiú agus a athbhreithniú go leanúnach;
        >Seirbhís a chur ar fáil a freagraíonn do na riachtanais dlí a aithnítear atá ag na cliaint;
        >Seirbhís agus timpeallacht éifeachtach atá dírithe ar an gcustaiméir;
        >Meicníochtaí láidre soláthair seirbhíse a fhorbairt d'fhonn rochtain éifeachtach ar an tseirbhís a chinntiú;
        >Monatóireacht leanúnach ar éifeachtúlacht agus ar éifeachtacht na seirbhíse a chuireann an Bord ar fáil;
        >Tuiscint ag na baill foirne ar cheisteanna a bhaineann leis an idirchultúr agus an éagsúlacht;
        >Áiseanna cuí le riar ar riachtanais na rúndachta agus riachtanais chorpartha agus eile na gcustaiméirí agus riachtanais an ghnó eagraíochtúil;
        >Na háitribh a bheith géilliúil don reachtaíocht sábháilteachta agus sláinte;
        >Meicníochtaí a bheith i bhfeidhm le go bhfaighfear aiseolas struchtúrtha ó na custaiméirí.

        GníomhaíochtTáscaire Feidhmíochta
        Coinne tosaigh le haturnae a chur ar fáil do gach duine incháilithe laistigh de thréimhse 4 mhí ar a fhadMonatóireacht mhíosúil ar liostaí feithimh agus beart tráthúil mar is gá. Measúnú ar an incháilitheacht airgeadais a chur ar fáil do gach iarrthóir dóchúil i gceann 2 sheachtain ón am a ndeachaigh siad i dteagmháil leis an ionad.
        Seirbhís láithreach, nó geall leis, a chur ar fáil i gcónaí do dhaoine atá ina callMonatóireacht agus athbhreithniú leanúnach
        Treoirlínte an Dea-Chleachtais a athbhreithniú agus a nuashonrúAthbhreithniú leanúnach ar na treoirlínte le freagairt ar an taithí agus ar na hathruithe.
        A chinntiú i gcónaí go bhfeidhmítear próisis na gcinntí a bhfuil a gcúram ar an mBord go tráthúil gairmiúilTuarascálacha ráithiúla chun na mbainisteoirí
        Próisis a fhorbairt agus a fheidhmiú i gcónaí d'fhonn na bainisteoirí a choinneáil ar an eolasGo leanúnach
        Critéir a fhorbairt d'fhonn cinneadh ar an ualach cuí ó thaobh cásanna de sna hionaid dlíCritéir tugtha chun críche mar bharr ar athbhreithniú ar na hionaid dlí deireadh 2008
        Suirbhéanna rialta cliant a fhorbairt agus a chur ar bun agus freagairt mar ba chuí ar na torthaíAnailís déanta ar thorthaí na suirbhéanna cliant agus freagairtí arna moladh – lár bliana 2009, 2010, 2011
        Aon fhadhb nó bac ar an rochtain ar sheirbhísí cúnaimh agus comhairle dlí a sainaithint, mar a fhoráiltear in Acht na bliana 1995, agus moltaí a fhorbairtMoltaí arna bhforbairt faoi Mheán Fómhair na bliana 2009
        Moltaí ábhartha a eascraíonn as an Athbhreithniú ar na hIonaid Dlí a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm Plean Feidhmithe arna thabhairt chun críche faoi R1 2009
        Dul i mbun anailíse ar an measúnú riosca ar phróisis agus ar ghnáthaimh an BhoirdAnailís a ndeachthas ina bun i ráithe deireanach 2008 agus na torthaí a chur i bhfeidhm i 2009 agus sna blianta ina dhiaidh sin
        Na próisis bhainistíochta riosca a mheas do gach rannán den Bhord d'fhonn an riosca a bhainistiú agus a laghdú mar is féidirMeastóireacht déanta R1 2009 agus na torthaí curtha i bhfeidhm
        Athbhreithniú ar éifeachtacht agus ar éifeachtúlacht na n-oibríochtaí tacaíocht mar atá siadMeastóireacht déanta R1 2009
        Leanúint d'fheidhmiú na ngealltanas atá i bPlean Gníomhaíochta um Sheirbhís do Chustaiméirí an Bhoird agus sa Chairt Custaiméirí, lena n-áirítear:
        (i) Tráthúlacht agus cáilíocht na seirbhísí;
        (ii) Raon agus cáilíocht na faisnéise a chuirtear ar fáil; agus
        (iii) An tiomantas don rúndacht, don ionracas agus do chaighdeáin ghairmiúla
        Feidhmiú an Phlean Gníomhaíochta arna athbhreithniú do gach aonad do 2009 agus uaidh sin amach
        Leanúint den fhaisnéis agus den oiliúint ar cheisteanna idirchultúir agus éagsúlachta ar fud na heagraíochtaOiliúint leanúnach a chur ar fáil mar is gá. Athbhreithniú ar an éifeacht agus riachtanais eile i R2 2009
        Athbhreithniú ar áiseanna an Bhoird tar éis na hiniúchóireachta ar na háitribhAthbhreithniú ar bun i R4 2008 agus i 2009
        Féachaint chuige go gcuirtear Straitéis Shláinte agus Sábháilteachta an Bhoird i bhfeidhm go héifeachtachMonatóireacht a dhéanamh i gcomhpháirtíocht ar an Straitéis "Sláinte agus Sábháilteacht" agus ar shocruithe cuí eagraíochtúla, agus tuarascálacha bliantúla ar shaincheisteanna
        Féachaint chuige go gcomhlíontar forálacha an Achta um Míchumas, 2005Plean Gníomhaíochta arna fhorbairt faoi R.3 2009 a bhain úsáid as meastóireachtaí riosca agus iniúchtaí ar áiseanna. Athbhreithniú ar áiseanna uile an Bhoird ar siúl faoi dheireadh R.2 2009
        Próisis a fhorbairt d'fhonn aiseolas ó na custaiméirí i leith cháilíocht áiseanna an Bhoird a fháil, a chomhordú agus a anailísiúCárta nua Freagraí na gCustaiméirí a bheith ar fáil faoi dheireadh 2008. Tuairisc a chur faoi bhráid an Bhoird dhá uair in aghaidh na bliana ar na freagraí a fuarthas
        Feidhmigh agus déan athbhreithniú ar Scéim an Bhoird i leith Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 Feidhmiú iomlán faoi dheireadh R.2 2010. Monatóireacht leanúnach ar an bhfeidhmiú


Lógó tsuímh idirlín OneGov