| Gníomhaíocht | Táscaire Feidhmíochta |
| Féachaint chuige go gcloítear go hiomlán leis an gCód Cleachtais um Rialachas Comhlachtaí Stáit mar a shonraítear é i Lámhleabhar Rialachais Chorparáidigh an Bhoird | An Rialachas Corparáideach a chur ar chlár gnó an Bhoird dhá uair in aghaidh na bliana le go bpléifí go foirmeálta é |
| Riachtanais an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste a chomhlíonadh san iniúchadh bliantúil | Riachtanais arna gcomhlíonadh go tráthúil |
| Gach riachtanas eile de chuid an phróisis iniúchóireachta a chomhlíonadh go héifeachtach tráthúil | Gach riachtanas comhlíonta d'fhonn próiseas éifeachtach éifeachtúil iniúchóireachta a chinntiú |
| Tuarascálacha airgeadais cuí a chur ar fáil don Bhord agus do na bainisteoirí | Tuarascálacha a chur ar fáil roimh gach cruinniú den Bhord, den Choiste Airgeadais agus den Fhoireann Bhainistíochta, agus de réir mar is gá |
| Anailís rialta ar an gcaiteachas a chur ar fáil don Choiste Airgeadais | Anailís curtha faoi bhráid an Choiste Airgeadais mar a iarradh |
| Féachaint chuige go gcloítear le riachtanais na Roinne Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí agus na Roinne Airgeadais faoi thuairiscí meastacháin agus caiteachais | Géilliúlacht leanúnach mar is gá |
| An Clár Riosca a athbhreithniú agus a nuashonrú | An Clár Riosca arna athbhreithniú agus arna nuashonrú go ráithiúil. Plé go gníomhach leis an gCoiste Iniúchóireachta |
| An Coiste Iniúchóireachta agus an Bord a choinneáil ar an eolas faoi mar a bhainistítear an Riosca Corparáideach. | Nuashonrú curtha ar fáil do gach cruinniú den Choiste Iniúchóireachta agus don Bhord ar bhonn bliantúil. |
| Féachaint chuige go mbeidh prionsabail na bainistíochta riosca ina ndúshraith faoi phróiseas na Pleanála Gnó | Arna n-áireamh sna Pleananna Gnó agus monatóireacht déanta orthu uair amháin in aghaidh na bliana ar a laghad |
| Athbhreithniú ar na riachtanais oiliúna agus forbartha i leith soláthairtí agus conarthaí agus an oiliúint is gá a chur ar fáil i rith na bliana | Na riachtanais arna sainaithint R1 2009 agus an oiliúint chuí curtha ar fáil. An plean soláthair corparáideach i bhfeidhm go hiomlán faoi lár 2009 |
| Cloí i gcónaí leis an riachtanas atá ann tuairiscí rialta a chur faoi bhráid an Choiste Airgeadais faoi sholáthairtí/chonarthaí. | Comhaontú leis an gCoiste Airgeadais faoi sceideal do na bearta soláthair seo sa chéad ráithe de gach bliain. |
| Faomhadh a fháil don phlean iniúchóireachta bliantúil | An Plean Iniúchóireachta faofa tús gach bliana |
| Gach oiliúint riachtanach eile a shainaithint agus a chur ar fáil do bhaill an Iniúchta Inmheánaigh agus an Choiste Iniúchóireachta | Athbhreithniú bliantúil ar na riachtanais oiliúna. Riachtanais curtha faoi bhráid an Stiúrthóra Acmhainní Daonna sa chéad ráithe de gach bliain |
| Féachaint an féidir an próiseas iniúchóireachta a chur i bhfeidhm freisin ar chúrsaí gnáthamh | An staidéar indéantachta seo a thabhairt chun críche faoi dheireadh 2009. |
| Plé le gach ball den fhoireann faoin leibhéal feidhmíochta a bhfuil súil leis | Mar chuid den chóras bainistíochta agus forbartha feidhmíochta ar feadh na bliana |
| Tabhairt faoi aon easpa san fheidhmíocht ar bhealach struchtúrtha deimhneach | Páipéar faoin bhfeidhmíocht easpach le bheith tugtha chun críche R4 2008. Cur chuige struchtúrtha ar bun i rith 2009 |
| Cinneadh ar an úsáid is éifeachtaí is féidir a bhaint as cleachtóirí príobháideacha | Anailís ar an úsáid choitianta tugtha chun críche R1 2009 |
| Srian a choinneáil ar na costais a bhaineann le húsáid cleachtóirí príobháideacha | Anailís ar na costais, lena n-áirítear dócmhainní fabhraithe, le bheith le fáil chun breithniúcháin dhá uair in aghaidh na bliana. Ní sháróidh an úsáid na hacmhainní atá le fáil |
| Athbhreithniú leanúnach féachaint cén feabhas a d'fhéadfadh an speisialtóireacht i struchtúr an tsoláthair a chur ar sholáthar na seirbhísí | Athbhreithniú leanúnach |
| Tús le bearta "luach ar airgead" ar sheirbhísí na gCleachtóirí Príobháideacha | Tús leis na bearta faoi dheireadh 2009 |
Féachaint chuige i gcónaí go bhfaigheann an Bord luach ar airgead ar na soláthairtí agus na seirbhísí a chuirtear ar fáil dó agus go gcomhlíontar na rialacha agus na treoirlínte i réimse na gconarthaí poiblí.
Féachaint chuige i gcónaí go ndéantar tástáil mhargaidh ar sholáthraithe seirbhísí roghnaithe chun an Bhoird | Comhaontú ar an gclár ag tús gach bliana. |
| Costas bainistíochta gach ionaid ina bhfuil an Bord bunaithe a choinneáil chomh híseal agus is féidir | Costas mionsonraithe na seirbhísí i ngach ionad a bheith tugtha chun críche faoi lár 2009.
Punann réadmhaoine an Bhoird agus na héilimh chíosa a athbhreithniú go seasta.
Tionscnaimh a fhorbairt d'fhonn na costais a shrianadh nó a laghdú i réimsí suntasacha m.sh. fuinneamh, taisteal, cóipeáil |