| Gníomhaíocht | Táscaire Feidhmíochta |
| Athbhreithniú struchtúrtha ar riachtanais na gcliant, mar atá agus mar a d'fhéadfadh a bheith, de réir théarmaí tagartha an Bhoird | Dul in ngleic leis an anailís ar riachtanais dlí trí thascfhórsa Dhlí-Chumann na hÉireann ar Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta |
| Dul i mbun athbhreithnithe iomláin ar gach gné d'oibriú na n-ionad dlí agus de sholáthar na seirbhísí | An t-athbhreithniú le bheith tugtha chun críche faoi dheireadh 2008 agus plean feidhmithe ar bun do 2009 |
| Féachaint cé na deiseanna atá ann an tseirbhís a sholáthar ar bhealaí eile | Athbhreithniú ar an scóip atá ann do sheirbhís comhairle ar an teileafón agus do sheirbhís le cúnamh teicneolaíochta, agus ar an tseirbhís comhairle amháin a cuireadh ar bun i 2009 |
| Tionscnaimh d'fhonn seirbhísí a sholáthar ar bhonn a bheadh níos comhtháite nó níos comhoibrithí | Na moltaí a bhaineann le soláthar seirbhísí i gcomhar le grúpaí eile i mBaile Munna a chur tuilleadh fós chun cinn. Féachaint cén scóip atá ann d'fhorbairtí dá leithéid áiteanna eile. Féachaint chuige go bhfuil a ndóthain oiliúna ag an bhfoireann tosaigh le gur féidir daoine a atreorú chun seirbhísí eile más gá. |
| Seirbhís a chur ar bun do chúrsaí Cúirte Dúiche gar do chúirteanna an dlí teaghlaigh i mBaile Átha Cliath | Seirbhís ar bun i dTeach Dolphin roimh dheireadh 2008 |
| Moltaí a scrúdú agus a fhorbairt maidir leis na socruithe riaracháin is éifeachtaí chun seirbhísí cúnaimh dhlí a sholáthar | Na socruithe riaracháin go léir a athbhreithniú agus tionscnamh píolóta a chur ar bun do shaoráid láraithe le haghaidh iarratas do limistéar Bhaile Átha Cliath faoi dheireadh 2009 agus éifeacht an tionscnaimh a mheas faoi dheireadh 2010; athbhreithniú ar na foirmeacha/cáipéisí lena chinntiú go bhfuil siad dírithe ar an gcliant agus i mBéarla simplí. Cáipéisí ábhartha a chur ar fáil i dteangacha eile de réir mar is gá. |
| Lámhleabhar foirne faoi shocruithe riaracháin a ullmhú agus a fhoilsiú | Lámhleabhar arna fhoilsiú sa chéad ráithe de 2009. |
| An fheidhm taighde a fhorbairt a thuilleadh sa Bhord agus réimsí áirithe a shainaithint nár mhór a bhreithniú go bliantúil. | Na riachtanais agus na roghanna a shainaithint. Réimsí a fhorbairt inar mhór taighde mionsonraithe a dhéanamh ar bhonn bliantúil. Dlúth-theagmháil a chaomhnú le forbairtí i ndlínsí eile. |
| Naisc a fhorbairt le hinstitiúidí tríú leibhéal | An scóip atá ann dá leithéidí de naisc a bhreithniú i 2009 |
| Athbhreithniú leanúnach ar fhorbairtí idirnáisiúnta agus intíre i réimse an dlí shibhialta | Bealaí struchtúrtha a fhorbairt le súil a choinneáil ar na forbairtí |
| Caidreamh a chaomhnú agus a fhorbairt le soláthraithe seirbhísí cúnaimh dhlí i ndlínsí eile agus le Comhairle na hEorpa, leis an UNHCR agus le gníomhaireachtaí cuí eile | Caidreamh cuí a chaomhnú trí bhíthin cruinnithe bliantúla comhlachtaí ar nós an Chomhchoiste Comhchomhairligh |
| Forbairt agus feabhas eile a chur ar an bhfáil atá ar dheiseanna chun díospóidí a réiteach lasmuigh den chúirt do chliaint úd an Bhoird a bhfuil fadhbanna dlí teaghlaigh acu | Monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú agus éifeacht na modhanna réitigh eile seo go leanúnach. I gcomhpháirtíocht le lucht gairme an dlí, an tsamhail chomhoibritheach i gcúrsaí dlí a fhorbairt a thuilleadh. Oiliúint a chur ar fáil d'aturnaetha lena chinntiú go gcaomhnaítear agus go bhfeabhsófar a gcuid scileanna idirbheartaíochta |
| Plé mar is gá leis an Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí maidir le hiarratais ar sheirbhísí an Bhoird a fhorbairt | Féachaint chuige go bhfuil próiseas cumarsáide éifeachtach ann leis an Roinn agus an dul chun cinn a thuairisciú chun an Bhoird dhá uair in aghaidh na bliana |