Lógó Glas an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil

Rochtain ar Cheart

 

Réamhrá


Is é seo an cúigiú Plean Corparáideach ag an mBord agus is léir air, ach na Pleananna a tháinig roimhe a léamh, cén dul chun cinn atá déanta ó bunaíodh ina Chomhlacht reachtúil é. Leagann an Plean seo treoir shoiléir amach do ghníomhaíochtaí an Bhoird thar na trí bliana atá romhainn agus atá tá séala an phróisis leathain chomhairliúchán air ina raibh foireann an Bhoird agus páirtithe leasmhara tábhachtacha eile páirteach. Leagann sé amach na príomhaidhmeanna atá romhainn a thabhairt chun críche chomh fada anonn le deireadh 2011 agus na gealltanais agus na bearta nár mhór a fheidhmiú chun na críche sin.

I rith na dtrí bliana lenar bhain an Plean Corparáideach roimhe seo, is mór a forbraíodh soláthar an chúnaimh dhlíthiúil shibhialta agus is mór a bhain an Bord um Chúnamh Dlíthiúil amach. Go háirithe, d'aithin an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí agus an Rialtas cén tábhacht a bhí le rochtain daoine ar bheagán acmhainní saolta ar an gceartas nuair a mhéadaigh siad ár mbuiséad i rith na tréimhse sin faoi thimpeall 22 faoin gcéad. Is dearfach mar a d'fhreagair an Bord, agus is comhartha é gach ar bhaineamar amach i rith na tréimhse sin ar an toradh inbhraite a bhíonn ar an infheistíocht, más measartha féin í, sa chúnamh dlíthiúil sibhialta. Maidir le seirbhísí dlí a sholáthar go tráthúil, cuireann bunáite mhór ár gcuid ionad dlí coinní le haturnaetha ar fáil laistigh de thréimhse 4 mhí. Go deimhin, i láthair na huaire bíonn coinní le fáil ag na cliaint laistigh de thréimhse dhá mhí i 40% dár gcuid ionad dlí. Chomh maith leis sin, faigheann 16% dár gcliaint seirbhís láithreach, nó geall leis, mar gheall ar phráinn a gcásanna. Ina theannta sin, bíonn seirbhís láithreach le fáil i gcónaí ag cliaint uile na Seirbhíse Dlí do Dhídeanaithe, de bharr riachtanais dhlíthiúla an phróisis seo.

I measc na nithe eile ar cuid suntais iad i rith thréimhse an Phlean Chorparáidigh dheireanaigh, tá siad seo:
    >Is gníomhach mar a chuir an Bord na réitigh mhalartacha ar aighnis chun cinn, lena n-áirítear an dlí comhoibritheach, i ndíospóidí a bhaineann leis an teaghlach;
    >Tá líon na daoine a bhaineann leas as an tseirbhís seo ag dul i méad i gcónaí ach, os a choinne sin, tá laghdú ag teacht ar líon na n-iarrthóirí tearmainn, comhartha ar an laghdú atá ag teacht i gcónaí ar líon na n-iarratas ar thearmann;
    >Mar chuid dá chlár leanúnach dearbhaithe cáilíochta, chuir an Bord gnáthaimh struchtúrtha um athbhreithniú comhad ar bun, d'aturnaetha an Bhoird féin agus freisin do chleachtóirí príobháideacha ar phainéal Cúirte Cuarda an Bhoird;
    >Bhunaigh an Bord aonad ar leith do neamart lucht leighis;
    >Cuireadh feabhas nár bheag ar chórais teicneolaíochta faisnéise an Bhoird, rud a chuir le cumas an Bhoird seirbhís éifeachtach a sholáthar;
    >Seoladh suíomh gréasáin athcheartaithe an Bhoird in 2007 agus cuireann sé seo faisnéis chuimsitheach fheabhsaithe faoi sheirbhísí an Bhoird ar fáil i bhformáid atá inrochtana soláimhsithe;
    >Is mó an plé a bhí againn le grúpaí a sheasann d'úsáideoirí na seirbhíse;
    >Simplíodh na foirmeacha;
    >Ba mhó ba chuid tábhachta é a chinntiú go raibh faisnéis faoi sheirbhísí an Bhoird le fáil níos éasca fós;
    >Rinneadh infheistíocht eile fós san fhorbairt agus san oiliúint ghairmiúil;
    >Rinneadh athbhreithniú ar ár gcuid struchtúr agus próiseas inmheánach agus tá na hathruithe a moladh dá réir sin á gcur i bhfeidhm;
    >Rinneadh athbhreithniú agus nuashonrú ar phróisis an Rialachais;
    >Cuireadh feabhas ar na háiseanna i gcuid de na hionaid;
    >Chuir an Bord straitéis chuimsitheach um chumarsáid sheachtrach ar bun d'fhonn leibhéal agus caighdeán cumarsáide an Bhoird leis na páirtithe leasmhara agus leis an bpobal a fheabhsú.

Is é is dóichí go mbeidh athrú nach beag ar thosca oibre an Bhoird i rith thréimhse an Phlean seo seachas an tréimhse roimhe seo. Is dócha gur mó na srianta airgeadais a bheidh ann maidir le buiséad an Bhoird agus go rachaidh sé seo i bhfeidhm ar ár gcumas seirbhís éifeachtach thráthúil a chur ar fáil dár gcliaint. Beidh na srianta seo á gcur le linn do mhéadú nach beag a bheith ag teacht ar an éileamh ar sheirbhísí dlí an Bhoird.

Agus é ag forbairt an Phlean seo, chuir an Bord roimhe a bheith ardaidhmeannach maidir le cáilíocht agus tráthúlacht na seirbhíse ba mhaith leis a thairiscint dár cliaint. Táimid ag dul i mbun athbhreithnithe mhóir ar ár gcuid oibríochtaí uile lena chinntiú go mbeimid i riocht a dhearbhú go bhfuil an Bord arna eagrú ar an mbealach is fearr is féidir d'fhonn na seirbhísí arb iad ár gcúram iad a chur ar fáil agus go bhfuil an leas is fearr is féidir á bhaint as na hacmhainní a tugadh dúinn. Is mé atá muiníneach go ndéanfaidh an fhoireann a lándícheall mar is dual dóibh agus go mbeidh caighdeán na seirbhíse a chuirfear ar fáil inchomórtais le seirbhísí cúnaimh dhlí go hidirnáisiúnta.


Moling Ryan
An Príomhfheidhmeannach

Breis eolais:

Ráiteas Misin

Mandáid

Barrshamhail

Luachanna

Anailís Timpeallachta

Aidhmeanna Ardleibhéil (AA)

AA 1 Seirbhís

AA 2 Cumarsáid

AA 3 Bainistíocht Acmhainní

AA 4 Nuálaíocht

AA 5 Forbairt Cumais

Feidhmiú an Phlean Chorparáidigh


Lógó tsuímh idirlín OneGov