Lógó Glas an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil

Rochtain ar Cheart

 

Costas na seirbhíse

Má tá tú ag iarraidh comhairle dhlíthiúil a fháil, caithfidh tú ranníocaíocht a íoc. D'fhéadfadh sí a bheith chomh híseal le €10 má tá d'ioncam indiúscartha thíos faoi €11,500. Má tá d'ioncam indiúscartha os cionn €11,500, ríomhtar an méid ar bhunús aon deichiú den difear idir d'ioncam indiúscartha agus €11,500, faoi réir uasmhéid €150.

Má fhaigheann tú cúnamh dlíthiúil, caithfidh tú ranníocaíocht a íoc, bunaithe ar d'ioncam indiúscartha agus do chaipiteal indiúscartha, más ann dó. Is é an ranníocaíocht ioncaim is ísle do chúnamh dlithiúil ná €50, má tá d'ioncam indiúscartha níos lú ná €11,500. Má tá sé os cionn an mhéid sin, ríomhtar an ranníocaíocht fhíorúil ar bhunús €50 agus aon cheathrú den difear idir d'ioncam indiúscartha agus €11,500. Ba cheart duit a thabhairt faoi deara, má bhronntar teastas cúnaimh dhlíthiúil ort ar mhaithe le himeachtaí cúirte, go mbeidh ort ranníocaíocht de €50 ar a laghad a íoc, sular féidir le dlíodóir ionadaíocht a dhéanamh ar do shon sa chúirt.

D'fheadfá a bheith faoi dhliteanas chomh maith do ranníocaíocht chaipitil agus é ag brath ar mhéid do chaipitil indiúscartha. Déantar measúnú ar an ranníocaíocht mar seo a leanas:


Caipiteal indiúscartha

Ranníocaíocht

€4,000 nó níos lú

gan ranníocaíocht ar bith

€4,001 go dtí €54,000

2.5% den mhéid os cionn €4000, (uasmhéid €1,250)

€54,001 nó níos mó

€1,250 móide 5% den mhéid os cionn €54,000

Má tá tú faoi dhliteanas do ranníocaíocht os cionn na ranníocaíochta is lú, d'fhéadfadh an ranníocaíocht fhíorúil a íocfaidh tú a bheith bainteach le costas an Bhoird maidir le seirbhísí dlíthiúla a chur ar fáil i do chás. Cuirfidh d'ionad dlí áitiúil comhairle ort faoin méid fíorúil a bheadh iníoctha i do chás.

Tá ranníocaíocht ar leith iníoctha do gach iarratas ar sheirbhísí dlíthiúla. Mar shampla, má tá tú páirteach in dhá chás cúirte, beidh ranníocaíochtaí iníoctha sa dá chás.

Sampla 1
Sampla 2

Athruithe sna cúinsí airgeadais
Tá dulagas ar dhaoine a fhaigheann seirbhísí dlíthiúla, dul i dteagmháil leis an mBord faoi athrú ar bith ar a gcúinsí airgeadais, chun gur féidir leis an mBord a bheith cinnte go bhfuil siad i dteideal seirbhísí dlíthiúla a fháil go fóill. Má theipeann ar dhuine fógra a thabhairt don Bhord faoi athrú ar bith, d'fhéadfaí na seirbhísí a tharraingt siar agus d'fhéadfá a bheith faoi dhliteanas do chostais na seirbhísí a cuireadh ar fáil.

Is féidir dul i dteagmháil leis an ionad dlí áitiúil chun breis eolais a fháil faoi ranníocaíochtaí agus na costais atá iníoctha.


Lógó tsuímh idirlín OneGov