|
Cairt Custaiméirí - Ár dtiomantais duitse
Ár dtiomantais duitse
> Cúram custaiméirí agus seirbhís cháilíochta:
> Aithneoimid riachtanais dhlíthiúla ár gcustaiméirí i gcónaí;
> Cuirfimid seirbhís thráthúil agus cáilíochta ar fáil;
> Gheobhaidh custaiméirí a gcéad choinne ar bhealach tráthúil;
> Sa chás nach féidir linn coinne a thabhairt dár gcustaiméir ar bhealach tráthúil, coinneoimid ar an eolas tú;
> Caithfimid lenár gcustaiméir ar bhealach atá cothrom agus oscailte, is cuma faoina c(h)ine, inscne, stádas soch-eacnamaíoch, teanga, míchumas agus/nó tréithe sóisialta eile;
> Beimid dea-mhúinte agus proifisiúnta i gcónaí agus muid ag déileáil lenár gcustaiméir.
Rúndacht
> Beidh meas orainn ar rúndacht ár gcustaiméirí agus caomhnóimid í; agus
> Cuirfimid na háiseanna atá riachtanach ar fáil inár n-oifigí chun príobháideacht comhairliúchán a chinntiú.
Ionracas/caighdeáin phroifisiúnta
> Déanfaimid ár ngnó ag an gcaighdeán is airde iompair eiticiúil agus proifisiúnta in atmaisféar ina mbeidh meas agus cúirtéis ceachtartha;
> Cinnteoimid go mbeidh an oiliúint chuí ag ár bhfoireann tosaigh chun seirbhís phroifisiúnta custaiméara a chur ar fáil.
Éifeachtacht agus éifeachtúlacht ó thaobh costais de
> Iarrfaimid seirbhís atá éifeachtach agus a thugann luach ar airgead a chur ar fáil i ngach réimse dár n-oibríochtaí;
> Feidhmeoimid córais i gcóir bhainistíocht agus monatóireacht cásanna chun an tréchur cásanna is fearr a chinntiú gan na caighdeáin chuí phroifisiúnta a chur i mbaol.
Comhsheasmhacht
> Feidhmeoimid ár seirbhísí i gcónaí ar bhealach atá comhsheasmhach idir iarratasóirí ar ár seirbhísí, ag aithint ag an am céanna go bhfuil tréithe indibhidiúla ag gach cás.
Eolas
> Cuirfimid eolas cuimsitheach, cruinn agus tráthúil ar fáil maidir le seirbhísí an Bhoird ar bhileoga eolais;
> Scríofar ár mbileoga eolais, an méid is mó agus is féidir, i ngnáth-theanga agus i bhformáid atá intuigthe;
> Coinneoimid láithreán gréasáin atá inrochtana, cuimsitheach agus nuashonraithe ag www.LegalAidBoard.ie;
> Cuirfimid cóipeanna dár mbileoga eolais agus foirmeacha cuí ar fáil i ngach ceann dár n-ionaid oibre;
> Cuirfear ár gcustaiméirí ar an eolas maidir lena dteidlíochtaí agus a ndualgais faoin Acht um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta;
> Cuirfimid eolas atá soiléir agus cruinn ar fáil nuair a iarrfar é – agus, sa chás nach féidir linn eolas a scaoileadh amach, míneoimid an fáth.
Breis eolais:
Caighdeáin seirbhísí custaiméara
Nós imeachta gearáin
Oifigeach Idirchaidrimh Custaiméirí
|