Lógó Glas an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil

Rochtain ar Cheart

 

Cairt Custaiméirí - Nós imeachta gearáin

Tá sé de cheart agat gearán a dhéanamh mura gcomhlíonann an tseirbhís a fhaigheann tú uainn na caighdeáin atá leagtha amach sa chairt seo nó mura gcreideann tú go bhfuil gníomh nó cinneadh ar bith atá déanta againn ag teacht lenár rialacha, cleachtas nó polasaí. Má tá uait gearán a dhéanamh:

faoi bhall foirne in ionad dlí
> Ba cheart duit i dtosach gearán a dhéanamh don Dlíodóir Bainistíochta san ionad dlí;
> Beidh sé mar aidhm ag an Dlíodóir Bainistíochta an t-ábhar a réiteach chomh sciobtha agus is féidir agus, más gá, buailfeadh sé/sí leat;
> Má tá tú míshásta i gcónaí, ba cheart duit an gearán a dhéanamh i scríbhinn don Dlíodóir Bainistíochta;

faoi Dhlíodóir Bainistíochta ionaid dlí
> Ba cheart duit an gearán a chur i scríbhinn agus é a sheoladh ag an Stiúrthóir um Chúnamh Dlíthiúil, an Bord um Chúnamh Dlíthiúil, 47 Sráid an Mhóta Uachtarach, Baile Átha Cliath 2;

faoi bhall foirne (seachas foireann an ionaid dlí)
> Ba cheart duit an gearán a chur i scríbhinn agus é a sheoladh ag an bPríomhfheidhmeannach, an Bord um Chúnamh Dlíthiúil, 47 Sráid an Mhóta Uachtarach, Baile Átha Cliath 2.

Breis eolais:

Oifigeach Idirchaidrimh Custaiméirí


Lógó tsuímh idirlín OneGov