|
Cairt Custaiméirí - Oifigeach Idirchaidrimh Custaiméirí
Tá Oifigeach Idirchaidrimh Custaiméirí ceaptha ag an mBord. Tá freagracht foriomlán ag an duine seo as an tseirbhís a chuirfear ar fáil do chustaiméirí. Is féidir leat dul i dteagmháil leis an Oifigeach Idirchaidrimh Custaiméirí ag an mBord um Chúnamh Dlíthiúil, 47 Sráid an Mhóta Uachtarach, Baile Átha Cliath 2, i ndáil le haon ábhar a bhaineann leis na seirbhísí a chuirfear ar fáil duit nach bhfuil réitithe chun do shástacht.
Maidir leis na háiseanna san ionad dlí nó maidir le teip chun na caighdeáin atá leagtha amach sa Chairt seo a chomhlíonadh
> Ba cheart duit an gearán a chur i scríbhinn ag an Oifigeach Idirchaidrimh Custaiméirí:
Bord um Chúnamh Dlíthiúil
47 Sráid an Mhóta Uachtarach
Baile Átha Cliath 2
Teil: 01 644 1900
Ríomhphost: customerliaisonofficer@legalaidboard.ie
Maidir le hAbhcóide nó dlíodóir príobháideach atá ag cur seirbhísí dlíthiúla ar fáil duit
> ba cheart duit i dtosach gearán a dhéanamh don Dlíodóir Bainistíochta san ionad dlí;
> beidh sé mar aidhm ag an Dlíodóir Bainistíochta an t-ábhar a réiteach chomh sciobtha agus is féidir agus, más gá, buailfeadh sé/sí leat chun d’ábhar imní a phlé;
> má tá tú míshásta i gcónaí, ba cheart duit an gearán a dhéanamh i scríbhinn don Dlíodóir Bainistíochta;
Is féidir teacht ar chóip iomlán dár nós imeachta gearáin i mBileog Uimh. 10 Cúram Custaiméira agus Nós Imeachta Gearáin.
Má tá tú míshásta leis an gcinneadh maidir le d’iarratas i gcóir cúnaimh/comhairle dlíthiúil, féadfaidh tú athbhreithniú a fháil ar an gcinneadh nó an cinneadh a achomharc ag coiste acomhairc den Bhord. Tá na socruithe i gcóir acomharc leagtha amach i mBileog Uimh. 12 Seirbhísí Dlíthiúla a Aistharraingt.
An chaoi ar féidir leat cabhrú linn
Is féidir linn an cúnamh is fearr a thabhairt duit:
> Má chuireann tú ar fáil aon eolas atá agat a d’fhéadfadh a bheith ábhartha;
> Má chuireann tú ar fáil aon cháipéis nó uimhreacha tagartha atá agat a d’fhéadfadh a bheith ábhartha;
> Má chaitheann tú lenár mbaill foirne agus le custaiméirí eile le cuirtéis agus le meas.
Aiseolas
> Cuirimid fáilte roimh aon tuairim, moladh nó barúil atá agat maidir le haon ghné dár seirbhís;
> Cuir ar an eolas muid le do thoil má tá tú an-sásta le haon ghné dár seirbhís;
C
|