|
Cairt Custaiméirí - Caighdeáin seirbhísí custaiméara
Teagmháil ar an nguthán
Má chuireann tú glaoch orainn........
> Freagróidh duine dár bhfoireann an guthán go beo agus go cuirtéiseach;
> Tabharfaimid ár n-ainm agus ainm na rannóige nó an Ionaid Dlí ar ghlaoigh tú orthu;
> Mura bhfuil an ball foirne i gceist in ann déileáil le hábhar an ghlaoigh go pearsanta, aistreoidh sé/sí an glaoiteoir do dhuine atá in ann déileáil leis;
> Murar féidir an glaoiteoir a aistriú láithreach don duine is fearr atá in ann déileáil leis an ábhar, tógfar sonraí ón nglaoiteoir agus déanfar socruithe don bhall foirne cuí glaoch ar ais chomh luath agus is féidir.
Teagmháil trí litir nó ríomhphost
Má scríobhann tú againn........
> Eiseoimid freagra eatramhach do do litir nó do ríomhphost, sa chás gur cuí, laistigh de sheacht lá oibre ón uair a fhaightear do chomhfhreagras;
> Eiseoimid freagra substaintiúil laistigh de chúig lá déag (15) oibre;
> Déanfar socruithe chun a chinntiú go bhfreagrófar comhfhreagras sa chás go bhfuil an ball foirne a bhfuil an comhfhreagras curtha acu as láthair ón oifig;
> Áireofar ar litreacha/facsanna ag eisiúint ó oifigí an Bhoird ainm, seoladh agus uimhir gutháin/facs an bhaill foirne atá ag déileáil le hábhar an chomhfhreagrais;
> scríobhfar gach comhfhreagras i ngnáth-theanga, agus ní bhainfear úsáid as téarmaí teicniúla agus oifigiúla ach amháin sa chás go bhfuil sé go hiomlán riachtanach.
Beidh gníomhartha an Bhoird chun comhlíonadh leis an gcaighdeán seo ag brath ar eolas agus treoracha a bheith faighte go tráthúil ónár gcustaiméirí, sa chás gur cuí.
Glaoiteoirí pearsanta
Má thagann tú isteach chun muid a fheiceáil........
> Caithfear leat le meas, go cuirtéiseach agus go héifeachtach;
> Coinneofar gach limistéar atá oscailte dár gcustaiméirí ar chaighdeán glaineachta agus compoird atá inghlactha;
> Déanfar gach iarracht chun a chinntiú go mbeidh na foirgnimh atá ann faoi láthair inrochtana dóibh siúd le míchumais agus sa chás go bhfuil foirgnimh nua á bhfáil, tapófar an deis chun iad a dhéanamh inrochtana dóibh siúd le míchumais;
> Cuirfear cóiríocht ar fáil inar féidir le custaiméirí dul i gcomhairle le baill foirne i dtimpeallacht phríobháideach agus rúnda.
Seirbhís trí Ghaeilge
Beidh sé mar aidhm againn a chinntiú........
> Go bhfreagrófar i nGaeilge gach comhfhreagras a bhfaighfear i nGaeilge;
> Déanfar gach iarracht freastal orthu sin a ghlaofaidh ar an nguthán agus do ghlaoiteoirí pearsanta a bhfuil uathu a gcuid gnó a dhéanamh i nGaeilge;
> Bíodh is nach bhfuil soláthar seirbhís trí Ghaeilge indéanta ag gach ionad faoi láthair, cuirfear oiliúint i nGaeilge ar fáil do gach ball foirne mar chuid de chlár oiliúna fhoireann an Bhoird;
> Comhlíonfaimid ár ndualgais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003;
> Cuirfear ár bhfoilseacháin is tábhachtaí ar fáil i nGaeilge.
Breis eolais:
Nós imeachta gearáin
Oifigeach Idirchaidrimh Custaiméirí
|