|
Incháilitheacht Airgeadais agus Ranníocaíochtaí Tráthchodacha
Teorainneacha maidir le hIncháilitheacht Airgeadais
Tá foráil san Acht um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta, 1995 ("an tAcht") (alt 29) go ndéanfar incháilitheach duine a mheas ar a (h)ioncam indiúscartha agus, má oireann sé don chás ar an caipitil indiúscartha atá aige nó aici.
Socraítear ioncam trí thagairt a dhéanamh don dáta a chuireann duine isteach ar chúnamh dlíthiúil (alt 29(8)), agus is í an bhliain i ndiaidh dáta an iarratais a bhíonn i gceist de gnáth.
Is féidir lámhleabhar mionsonraithe faoi mheasúnú incháilitheacht airgeadais a fháil ach dul i dteagmháil le hIonad na gCleachtóirí Príobháideacha.
Is iad seo a leanas na teorainneacha atá leagtha síos sna Rialacháin maidir le incháilitheacht airgeadais le
héifeacht ó 1 Meán Fómhair, 2006:-
> is é €18,000 an uasteorainn maidir le hioncaim indiúscartha; agus
> is é €320,000 an uasteorainn maidir le caipitil indiúscartha.
Tá tagairt sna Rialacháin d'áras cónaithe an iarratasóra (is é sin le rá an áit ina mbíonn cónaí air nó uirthi de gnáth) agus tá foráil ann nach gcuirfear san áireamh é nuair atá acmhainní caipitil á meas.
Is é €50 an ranníocaíocht íosta maidir le cúnamh dlíthiúil agus is é €10 an ranníocaíocht íosta maidir le comhairle dlí.
Fiosrú faoin Athruithe i nDálaí Airgeadais Iarratasóra
Ní mór do Chleachtóirí Príobháideacha aon athrú i ndálaí duine laistigh den tréimhse 12 mhí tar éis dóibh a bheith fostaithe acu a nochtadh. Tá foráil sna Rialacháin um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta go bhféadfaidh an Bord:-
> athmheasúnú a dhéanamh ar ioncam agus acmhainní caipitil iarratasóra (Rialachán 14(7)); agus
> comhairle dhlíthiúil a tharraingt siar (Rialachán 4(6)(c)) nó deireadh a chur le cúnamh dlíthiúil (Rialachán 9(3)(d)) má mheasann sé nach bhfuil an té a bhfuil cúnamh dlíthiúil á fháil aige nó aici incháilithe a thuilleadh le seirbhísí dlíthiúla a fháil ar fháthanna airgeadais.
Is cinneadh chun críche na Rialachán aon chinneadh seirbhísí a tharraingt siar nó deireadh a chur leo agus baineann na gnáthnósanna imeachta cinnteoireachta agus achomhairc leo a bhfuil cuntas orthu i gCiorclán an Bhoird faoi tharraingt siar/deireadh a chur le cúnamh dlíthiúil. Tá sé seo le fáil freisin ag Ionad na gCleachtóirí Príobháideacha.
Is í tuairim an Bhoird nach gá dó seirbhísí a tharraingt siar nó deireadh a chur leo má tharlaíonn sé go ndéantar athmheasúnú agus go bhfaightear amach nach bhfuil duine incháilithe le seirbhísí dlíthiúla a fháil faoin Acht. Is é an gnáthrud a dhéantar ná go leantar ar aghaidh ag soláthair comhairle nó cúnamh dlíthiúil mar is cuí, ar choinníoll go socraíonn an duine costas iomlán na seirbhísí dlíthiúla a chuireann an Bord ar fáil a íoc leis an mBord ón dáta inar cruthaíodh nach raibh an té sin incháilithe chun seirbhísí dlíthiúla a fháil agus go n-íocann an té sin na costais sin. Déantar na costais a shocrú i gcomhthéacs an ráta in aghaidh na huaire atá an Bhoird mar aon le caiteachas ar tháillí, tuarascálacha is araile.
Ioncam ó Íocaíochtaí Éagsúla Leasa Sóisialaigh
Eisiatacht ó Ioncam
Ní chuirtear na híocaíochtaí, na liúntais ná na sochair seo a leanas san áireamh mar "ioncam" nuair atá incháilitheacht airgeadais iarratasóra á meas maidir le seirbhísí dlíthiúla a fháil:-
> Liúntas Cúram Baile
> Sochar Leanaí
> Airgead a fhaightear ó eagraíochtaí carthanacha
> Liúntas Dílleachta
> Liúntas Cúram Altrama - Cé nach nglactar le liúntas cúraim altrama a fhaigheann iarratasóir mar ioncam chun críche incháilitheacht ó thaobh airgeadais de chun seirbhísí dlíthiúla a fháil, ní thugtar liúntas leanaí cleithiúnacha d'iarratasóir i gcás linbh altrama.
> Liúntas Cíosa nó Forlíonadh Ús Morgáiste - Cé nach gcuirtear an t-airgead a fhaightear san áireamh mar ioncam chun críche incháilitheacht airgeadais a chinntiú, tugtar liúntas d'iarratasóir
i gcoinne ioncaim i leith na coda sin den íocaíocht a dhéanann sé/sí as a (h)acmhainní féin, .i. gan bacadh leis an liúntas/forlíonadh a fuarthas.
> Liúntas Leasa Forlíontach nó Íocaíochtaí i leith Riachtanais Eisceachtúla - Ní ghlactar le híocaíochtaí singil i leith Riachtanais Eisceachtúla mar ioncam nuair atá incháilitheacht airgeadais iarratasóra á meas maidir le seirbhísí dlíthiúla a fháil.
> Liúntas Cúramóra - Nuair is cleithiúnach de réir brí na
Rialachán an té a bhfuiltear ag tabhairt cúraim dó/di is féidir an liúntas cuí a fhritháireamh in aghaidh ioncam an iarratasóra.
Rudaí a áirítear mar Ioncam
Cuirtear na híocaíochtaí, na liúntais agus na sochair seo a leanas san áireamh mar "ioncam" nuair atá incháilitheacht airgeadais iarratasóra á meas maidir le seirbhísí dlíthiúla a fháil:-
> Forlíonadh Ioncam Teaghlaigh
> Liúntas Breosla
> Liúntas Leasa Forlíontach (íocaíochtaí rialta).
Íocaíochtaí slándála sóisialta eile
Má tharlaíonn sé go bhfuil sochar slándála sóisialta atá iníoctha i ndlínse eile á fháil ag iarratasóir ar sheirbhísí dlíthiúla, agus go bhfuil siad cosúil leis na híocaíochtaí, na liúntais nó na sochair a ndearnadh tagairt dóibh thuas, ní mór déileáil leis na híocaíochtaí sin sa chaoi chéanna is a dhéileáiltear le híocaíochtaí cosúil leo sa ndlínse seo.
Seirbhísí dlíthiúla a thabhairt do dhaoine atá ag braith go hiomlán ar leas sóisialach
Is éard is brí leis na focail "sochar nó liúntas leasa shóisialaigh" i Rialachán 21(10) ná aon íocaíocht ar íocaíocht leasa í atá á híoc ag an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh nó ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, nó cumasc d'íocaíochtaí dá leithéid, agus gurb é sin an t-aon fhoinse ioncaim atá ag an iarratasóir. Is de réir téarmaí Rialacháin 21(10) a dhéanfar an ranníocaíocht a mheas atá le n-íoc ag iarratasóirí atá ag braith go hiomlán ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh ó thíortha eile.
Déileáil le Cothabháil le haghaidh Leanaí Cleithiúnacha mar Ioncam
Ní mór an cur chuige seo a leanas a ghlacadh i leith íocaíochtaí cothabhála a rinneadh de bhun ordú cúirte nuair atá incháilitheacht airgeadais iarratasóra i leith seirbhísí dlíthiúla á meas:-
> maidir le cothabháil a fuair iarratasóir de bhun ordú cúirte i gcás linbh cleithiúnaigh agus ar mhaithe lena leas ní cóir glacadh leis an gcothabháil sin mar ioncam i lámha an iarratasóra;
> nuair a fhaightear cothabháil de bhun ordú cúirte i gcás leanaí cleithiúnacha agus ar mhaithe lena leas, is mar seo a leanas a dhéantar liúntas an linbh cleithiúnaigh a chur i bhfeidhm:-
- tugtar an liúntas cleithiúnaigh, lúide an méid a íoctar mar chothabháil, nuair atá an chothabháil a íoctar i leith gach leanbh níos lú ná an liúntas le haghaidh linbh cleithiúnaigh; agus
- ní thugtar an liúntas cleithiúnach nuair atá an chothabháil a íoctar i leith gach leanbh níos mó ná an liúntas le haghaidh linbh cleithiúnaigh.
Páirtithe
Ní cóir a iarradh ar iarratasóir ar sheirbhísí dlíthiúla faisnéis a thabhairt faoi ioncam nó acmhainní caipitil an pháirtí lena bhfuil sé nó sí ina c(h)omhchónaí, ach amháin má bhaineann an t-iarratas le hábhar a bhfuil leas acu ann i gcomhpháirt le chéile agus a mbeadh sé réasúnta a bheith ag súil go ndéanfadh an pháirtí comhchónaitheach cómhaoiniú ar an gcomhairle nó an cúnamh dlíthiúil.
Prionsabal Ginearálta a bhaineann le Céilí agus Páirtithe Iarratasóirí
Meastar nach minic a tharlóidh sé go n-iarrfar ar iarratasóir ioncam a c(h)éile nó a p(h)áirtí a lua ach amháin má tá siad ina gcomhpháirtithe in imeachtaí.
Má thagann ball foirne ar chás ina mheasann sé/sí go bhfuil comhleas ag an gcéile nó an páirtí comhchónaitheach agus ag an iarratasóir san ábhar, ba chóir an scéal a chur faoi bhráid Rannóg na Seirbhísí Dlíthiúla chun cinneadh a dhéanamh maidir le faisnéis a iarradh faoi ioncam an chéile nó an pháirtí chomhchónaithigh agus ar chóir an t-ioncam sin a chur san áireamh nuair atá incháilitheacht airgeadais iarratasóra i leith seirbhísí dlíthiúla á meas.
Ranníocaíochtaí
Íocaíocht i dTráthchodanna
Beidh an ranníocaíocht iomlán íoctha ag iarratasóir de gnáth sula gcuirtear ar aghaidh é/í go haturnae príobháideach. Tá foráil i Rialachán 21(5), áfach, go bhféadfaidh iarratasóir ranníocaíocht a dhéanamh i dtráthchodanna. Ba chóir, áfach, an ranníocaíocht iomlán a bheith íoctha ag an té a bhfuil cúnamh dlíthiúil aige/aici sula dtionscnaítear imeachtaí nó sula lóisteáiltear cosaint, de réir mar is cuí, agus é sin le cinntiú go bhfaigheann an Bord an ranníocaíocht iomlán i leith cúnamh dlíthiúil ó gach duine a bhfuil an cúnamh sin aige/aici mar aon le cead íoc as i dtráthchodanna.
Caithfidh Ionad na gCleachtóirí Príobháideacha faomhadh roimh ré a thabhairt maidir leis an ranníocaíocht a dhéanamh i dtráthchodanna agus cuirfear an t-aturnae ar an eolas faoi. Is in imthosca eisceachtúla amháin ar féidir íocaíocht i dtráthchodanna a thairiscint mar rogha d'iarratasóir agus é sin faoi rogha an Bhoird. Ní mór na ranníocaíochtaí a íoc ina dtráthchodanna laistigh de thréimhse nach mó í ná dhá mhí dhéag in gach cás ó dháta ar glacadh le teastas maidir le tairiscint faoi chúnamh dlíthiúil, ach ní bheidh an modh íocaíochta seo i gceist ach amháin má tá an Bord sásta nach bhféadfadh an t-iarratasóir creidiúint a fháil aon áit eile, nó go mba chúis chruatain a bheadh ann nó go mbeadh sé míréasúnta sna cúinsí sin go léir íocaíocht roimh ré a éileamh.
Mura ngéilleann an té a bhfuil cúnamh dlíthiúil aige/aici do na socruithe faoi tráthchodanna ní mór Ionad na gCleachtóirí Príobháideacha a chur ar an eolas faoi d'fhonn deireadh a chur leis an dteastas faoi Rialachán 9(3)(b).
|