|
Cúnamh Dlíthiúil Eachtrannach
Cúnamh dlíthiúil eachtrannach / Díospóidí trasteorann
Má tá tú i do chónaí taobh amuigh d'Éirinn agus má tá imeachtaí cúirte nó díospóid dhlíthiúil agat in Éirinn, d'fhéadfá a bheith i dteideal cúnamh dlíthiúil a fháil. Ba cheart duit iarratas a chur isteach tríd an údarás cuí sa tír ina bhfuil tú i do chónaí. Cuirfear an t-iarratas ansin chuig an mBord, don mheasúnú.
Má tá tú i do chónaí in Éirinn agus má tá tú mar pháirtí i ndíospóid i dtír eile san Aontas Eorpach, is féidir leat iarratas a chur isteach chuig an mBord agus aistreoidh an Bord an t-iarratas ar chúnamh dlíthiúil ar do shon chuig an tír eile sin. Beidh ort an fhoirm iarratais a líonadh isteach, rud atá ar fáil thíos. Ba cheart an fhoirm iarratais a chur isteach chuig Rannóg na Seirbhísí Dlíthiúla, An Bord um Chúnamh Dlíthiúil, Sráid an Chalaidh, Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí.
Tá an comhad thíos ar fáil i bhFormáid Doiciméid Shoghluaiste (PDF) amháin. Tá gá le bogearraí Adobe® Acrobat® Reader® chun é a fheiceáil. Is féidir cóip saor in aisce de Adobe® Acrobat® Reader® a íoslódáil ó shuíomh idirlín Adobe® ag www.adobe.com.
Foirm Iarratais
Cúnamh Dlíthiúil Eachtrannach Foirm Iarratais PDF (282KB)
Cúnamh Dlíthiúil Eachtrannach Foirm Iarratais Word (83.5MB)
|