Lógó Glas an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil

Rochtain ar Cheart

 

< Ar ais ag an leathanach Saoráil Faisnéise

Táillí

Seo a leanas seasamh an Bhoird maidir le táillí nó muirir a d'fhéadfadh teacht aníos do chur ar fáil an eolais:

> taifid phearsanta: ní bheidh aon táillí nó muirir iarratais i gceist maidir le costas chóipeáil na dtaifead a iarrtar, ach amháin má tá uimhir mhór taifead i gceist;

> eolas neamhphearsanta: d'fhéadfadh táille iarratais €15 a bheith gearrrtha in aghaidh an iarratais per request (€10 i gcás sealbhóirí cárta leighis). D'fhéadfadh táillí a bheith gearrtha chomh maith don am a caitheadh ar aimsiú agus ar chóipeáil éifeachtúil na dtaifead (€20.95 in aghaidh na huaire agus 4 cent in aghaidh an leathanaigh). Ní ghearrfar aon táille don am a chaitheann an Bord ar mheasúnú na n-iarratas; agus

> athbhreithniú inmheánach ar chinntí eolais neamhphearsanta: d'fhéadfadh táille €75 a bheith gearrtha chomh maith (€25 do shealbhóirí cárta leighis).

D'fhéadfadh éarlais a bheith ag teastáil, sa chás go bhféadfadh an táille iomlán a bheith os cionn €50.79. Sa chás sin, chabhródh an Bord leat chun an t-iarratas a leasú, dá n-iarrfaí é, ar mhaithe le méid na héarlaise a laghdú nó a dhíchur.

D'fhéadfaí táillí a chur i leataobh, sna cásanna seo a leanas:
> i gcás go mbeadh costas bailithe agus cuntais na táille níos airde ná méid na táille;
> i gcás go gcabhródh an t-eolas go mór le tuiscint a fháil ar ábhar a mbeadh tábhacht náisiúnta ag baint leis; agus
> i gcás eolas pearsanta, nuair nach mbeadh a leithéid de tháillí réasúnta, agus aird á tabhairt ar d'acmhainn.

Bíonn táillí iníoctha chomh maith, maidir le hachomhairc chuig Oifig an Choimisinéara Faisnéise, maidir le heolas neamhphearsanta (€150 nó €50 do shealbhóirí cárta leighis).


Lógó tsuímh idirlín OneGov