Lógó Glas an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil

Rochtain ar Cheart

 

Saoráil Faisnéise

Réamhrá ar Shaoráil Faisnéise (SF)
Is comhlachas poiblí é an Bord um Chúnamh Dlíthiúil atá faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise ,1997, mar atá leasaithe ag an Acht um Shaoráil Faisnéise (Leasú), 2003.

Tá sí mar fhoráil ag an reachtaíocht um SF, go bhfuil na cearta dlíthiúla seo ag gach duine:
> ceart chun taifid oifigiúla atá ag Ranna Rialtais nó comhlachais phoiblí eile atá liostaithe san Acht, a rochtain;
> ceart go ndéanfar ceartú nó nuashonrú ar aon eolas pearsanta atá á choinneáil fúthu, i gcás go bhfuil an t-eolas sin neamhiomlán, mícheart nó míthreorach; agus
> ceart chun eolas a fháil faoi na fáthanna atá le cinntí a dhéanann comhlachais phoiblí, a mbíonn tionchar acu air/uirthi.

Cuireann rialacháin a rinneadh faoin reachtaíocht seo, na cearta eolais phearsanta seo ar fáil do thuistí, caomhnóirí agus neasghaol.

Ciallaíonn na cearta seo gur féidir rochtain ar eolas pearsanta atá á choinneáil ag an mBord a lorg, beag beann ar an am a cruthaíodh an t-eolas agus rochtain ar thaifid eile a chruthaigh an Bord tar éis an 21ú lá Aibreán, 1998. Rinneadh comhlachas forordaithe den Bhord de réir an Achta um SF, ar an 1ú lá Meitheamh 2002.

Chun eolas a fháil faoin gcaoi le hiarratas a chur isteach chuig an mBord, ar SF.

Eolas a bhíonn ar fáil mar ghnáthamh
Cuireann an Bord eolas a bhaineann lena fheidhmeanna agus a ghníomhaíochtaí, ar fáil don phobal, mar ghnáthamh. Tá a leithéid d'eolas ar fáil duit go neamhfhoirmiúil, gan gá a bheith le húsáid a bhaint as an Acht um SF agus bíonn sé ar fáil go ginearálta ar an suíomh idirlín seo.

Cruthaíodh an tAcht um Shaoráil Faisnéise chun rochtain phoiblí ar eolas atá á choinneáil ag comhlachais phoiblí agus nach mbíonn ar fáil mar ghnáthamh trí fhoinsí eile, a cheadú. Tá rochtain ar eolas faoin Acht faoi réir díolúintí áirithe agus tá nósanna imeachta agus teorannacha ama ar leith i gceist.

Athbhreithniú agus achomharc
Déanann an tAcht um SF cur ar fáil d'athbhreithnithe inmheánacha ar chinntí a rinneadh faoin Acht, chomh maith le hachomhairc chuig Oifig an Choimisinéara Faisnéise. Is féidir eolas sa bhreis a fháil faoi athbhreithnithe agus achomhairc.

Táillí
Tá táillí iníoctha i gcás iarratais faisnéise áirithe, iarratais neamhphearsanta de ghnáth. Is féidir eolas sa bhreis a fháil faoi tháillí.

Foilseacháin SF
Tá dualgas ar gach comhlachas poiblí eolas áirithe a fhoilsiú faoi chuid 15 agus 16 den Acht um SF.
Is féidir rochtain a fháil ar na lámhleabhair seo trí na naisc thíos.

Tá roinnt de na comhaid ar an leathanach seo ar fáil i bhFormáid Doiciméid Shoghluaiste (PDF) amháin. Tá gá le bogearraí Adobe® Acrobat® Reader® le féachaint orthu. Is féidir cóip saor in aisce de Adobe® Acrobat® Reader® a íoslódáil ó shuíomh idirlín Adobe® ag www.adobe.com.

Lámhleabhar Rannán 15 leagan PDF

Lámhleabhar Rannán 16 leagan PDF


Naisc SF Úsáideacha
Tabhair faoi deara le do thoil, go dtabharfaidh na naisc seo ag suímh idirlín sheachtracha thú. Bain úsáid as an gcnaipe cúlaithe ar do bhrabhsálaí, le filleadh ar shuíomh idirlín an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil.

An tAcht um Shaoráil Faisnéise, 1997

Freedom of Information (Amendment) Act, 2003

Freedom of Information Central Policy Unit

Oifig an Choimisinéara Faisnéise



Lógó tsuímh idirlín OneGov