Lógó Glas an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil

Rochtain ar Cheart

 

< Ar ais ag an leathanach Saoráil Faisnéise

Conas iarratas a chur isteach

Caithfear iarratas chuig an mBord, faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997, mar atá leasaithe, a chur chuig Oifigeach na Saoráile Faisnéise ag an mBord. Tá na sonraí teagmhála ar fáil thíos.

Nuair a chuireann tú iarratas isteach, bíonn ort:
> an t-iarratas a chur isteach i scríbhinn in éineacht leis an táille chuí, má tá sí bainteach leis (féach ar an gcuid ar leith faoi tháillí);
>a lua go bhfuil an t-iarratas á chur isteach faoin Acht um SF; agus
>a bheith soiléir go leor ionas go dtuigfidh an Bord céard iad na taifid atá á lorg. I gcásanna nach bhfuil an Bord soiléir faoi na taifid atá á lorg, cabhróidh foireann an Bhoird leat d'iarratas a scríobh ar bhealach chun gur féidir na taifid atá á lorg, a aithint.

Déantar cinneadh chun iarratas a cheadú nó a dhiúltú taobh istigh de 20 lá oibre de ghnáth.

Sonraí Teagmhála:
Colm O’Connor
Oifigeach na Saoráile Faisnéise
An Bord um Chúnamh Dlíthiúil
Sráid an Chalaidh
Cathair Saidhbhín
Co. Chiarraí
Guthán: 066 9471022
Facs: 066 9471035
Ríomhphost: cmoconnor@legalaidboard.ie


Lógó tsuímh idirlín OneGov