|
< Ar ais ag an leathanach Saoráil Faisnéise
Athbhreithniú agus achomharc
Is próiseas achomhairc le dhá chéim é seo. Is í an chéad chéim ná athbreithniú inmheánach a bheith déanta ag ball níos sinsirí d'fhoireann an Bhoird. Bíonn achomharc chuig an gCoimisinéir Faisnéise mar dara céim an achomhairc.
Is féidir achomharc a chur isteach mar gur theip orainn freagra a thabhairt ar d'iarratas taobh istigh de 4 seachtaine, nó I dtaobh aon chinneadh chun eolas a dhiúltú nó chun rochtain ar eolas a chur siar, nó maidir le táillí nó aon mhuirir eile.
Seo a leanas sonraí na meicníochtaí athbhreithnithe agus achomhairc:
Athbhreithniú Inmheánach
Is féidir athbhreithniú inmheánach a lorg:
> má tá tú míshásta leis an gcéad fhreagra bunaidh a fuair tú, .i. diúltú eolais, modh rochtana, táillí, srl.; nó
> mura bhfuil freagra faighte agat taobh istigh de 4 seachtaine ó chuir tú an t-iarratas bunaidh isteach. Féachtar air seo mar dhiúltú iarratais agus agusmar sin is feidir leat dul ar aghaidh chuig athbhreithniú inmheánach.
Ba cheart iarratais ar athbhreithniú inmheánach a bheith curtha i scríbhinn chuig:
Colm O’Connor
Oifigeach na Saoráile Faisnéise
An Bord um Chúnamh Dlíthiúil
Sráid an Chalaidh
Cathair Saibhbhín
Co. Chiarraí
Guthán: 066 9471022
Facs: 066 9471035
Ríomhphost: cmoconnor@legalaidboard.ie
Is gá a leithéid d'iarratas ar athbhreithniú inmheánach a chur isteach taobh istigh de 4 seachtain ón gcinneadh bunaidh. Caithfidh an Bord an t-athbhreithniú a chríochnú taobh istigh de 3 seachtaine. Caithfear an t-athbhreithniú inmheánach a chríochnú sular féidir achomharc a chur isteach chuig an gCoimisinéir Faisnéise, de ghnáth. Tá táillí iníoctha chomh maith le haghaidh athbhreithnithe agus achomharc (féach ar an gcuid ar leith faoi tháillí).
Achomharc chuig an gCoimisinéir Faisnéise
Tar éis don athbhreithniú inmheánach a bheith críochnaithe, is féidir leat athbhreithniú neamhspleách ar an gcinneadh a lorg ón gCoimisinéir Faisnéise. Chomh maith leis sin, mura dtugtar freagra ar iarratas ar athbhreithniú inmheánach taobh istigh de 3 seachtaine, féachtar air seo mar dhiúltú agus is féidir achomharc a chur isteach faoi, chuig an gCoimisinéir Faisnéise. Is féidir achomhairc i scríbhinn a chur isteach go díreach chuig an gCoimisinéir Faisnéise ag an seoladh seo a leanas:
Oifig an Choimisinéara Faisnéise
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
Guthán: 01-6395689
Lo call 1890-223030.
Facs: 01-6395674 or 01-6395676
Ríomhphost: info@oic.ie
|