Lógó Glas an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil

Rochtain ar Cheart

 

Seirbhís um chúnamh agus comhairle dhlíthiúil, atá gairmiúil, éifeachtúil, costéifeachtach agus inrochtana.


Íomhá ag taispeáint meá an cheartais

Fáilte go dtí Suíomh Idirlín an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil.

Tá an Bord freagrach as cúnamh agus comhairle dhlíthiúil a chur ar fáil faoi chúrsaí a bhaineann le dlí sibhialta, do dhaoine nach bhfuil in acmhainn íoc as a leithéid de sheirbhísí iad féin.
Ní chuireann an Bord um Chúnamh Dlíthiúil cúnamh ar fáil i gcúrsaí coiriúla.

Íomhá ag taispeáint aturnae agus cliaint an BCD

Cúnamh Dlíthiúil Sibhialta

Cuirtear seirbhísí an Bhoird ar fáil trí mhodhanna éagsúla. Ina measc tá gréasán de 33 ionad dlí lánaimseartha, atá lonnaithe ar fud na tíre chomh maith le hionaid dlí eile a bhíonn ar oscailt go páirtaimseartha.
Eolas breise faoi Chúnamh Dlíthúil Sibhialta

Scéim Comhairle Dlí Stáisiúin na nGardaí
Foráiltear le Scéim Comhairle Dlí Stáisiúin na nGardaí go soláthrófar comhairle dlí, i gcúinsí áirithe, do dhaoine a choinnítear faoi reachtaíocht áirithe i Stáisiúin na nGardaí. Seoladh an Scéim in 2001 agus ba í an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais a bhíodh á riar ar dtús. Amhail ón 1 Deireadh Fómhair 2011, rinne an Bord um Chúnamh Dlíthiúil riar “Scéim Comhairle Dlí Stáisiúin na nGardaí” a glacadh ar láimh ó Rannóg um Beartas na gCúirteanna sa Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais.
Is féidir sonraí iomlána na Scéime a fháil tríd an doiciméad a léamh


An tSeirbhís Idirghabhála Teaghlaigh
Tá an tSeirbhís Idirghabhála Teaghlaigh saor in aisce agus á reáchtáil ag an Stát. Is faoin mBord um Chúnamh Dlíthiúil a fheidhmítear í agus tá foireann idirghabhálaithe oilte, gairmiúla a bhfuil creidiúnú faighte acu ag obair inti. Seirbhís í idirghabháil teaghlaigh le cabhrú le lánúineacha, idir phósta agus neamhphósta, a bhfuil cinneadh déanta acu scaradh nó colscaradh ó chéile, nó atá scartha cheana féin. Tá an tseirbhís ar fáil freisin do thuismitheoirí nach raibh ina gcónaí le chéile riamh, ach a bhfuil leanbh acu le chéile agus a chaithfidh teacht ar chomhaontú maidir le socruithe tuismitheoireachta. Ní comhairleoireacht phósta ná seirbhís comhairle dlí í an tseirbhís idirghabhála. Cabhraíonn an t-idirghabhálaí le cliaint dul i mbun idirbheartaíochta d’fhonn teacht ar théarmaí comhaontaithe dá gcuid féin, ag cur san áireamh riachtanais agus leasanna gach uile dhuine atá i gceist.
Eolas breise faoin tSeirbhís Idirghabhála Teaghlaigh

Íomhá ag taispeáint cairde scoile Afracacha agus Éireannacha

Seirbhís Dhlíthiúil do Dhídeannaithe

Cuireann an Seirbhís Dhlíthiúil do Dhídeannaithe (SDD) seirbhísí dlíthiúla ar fáil atá faoi rún agus neamhspleách, do dhaoine atá ag lorg tearmainn in Éirinn. Cuirtear cúnamh agus comhairle dhlíthiúil ar fáil chomh maith, sna cásanna cuí i gcúrsaí inimirce agus díbeartha. Tá trí oifig ag an SDD i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh agus i nGaillimh.
Eolas breise faoin Seirbhís Dhlíthiúil do Dhídeannaithe

Íomhá ag taispeáint leabhar ar sheilf leabharlainne

Ionad Dhoiciméadú na dTeifeach

Is leabharlann neamhspleách agus seirbhís taighde é Ionad Doiciméadaithe na nDídeanaithe (IDD), atá taobh istigh den Bhord um Chúnamh Dlíthiúil.
Eolas breise faoi Ionad Doiciméadaithe na nDídeanaithe

Gáinneáil ar Dhaoine - Comhairle agus Cúnamh Dlíthiúil
Soláthraíonn an Bord um Chúnamh Dlíthiúil seirbhísí dlí a bhaineann le cúrsaí áirithe do dhaoine ar aithin Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce (GNIB) iad mar “íospartaigh fhéideartha” na gáinneála ar dhaoine faoin Acht um an Dlí Coiriúil (Gáinneáil ar Dhaoine) 2008.

Tuilleadh eolais maidir le Gáinneáil ar Dhaoine - Comhairle agus Cúnamh Dlíthiúil


Lógó tsuímh idirlín OneGov