Lógó Glas an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil

Rochtain ar Cheart

 

Conas is féidir liom cáiliú?

Teorannacha ar incháilitheacht airgeadais
Caithfidh tú tastáil acmhainne a shásamh chun cáiliú do sheirbhísí dlíthiúla ón mBord agus caithfidh d'ioncam bliantúil indiúscartha a bheith níos ísle ná €18,000.

Cuirtear d'acmhainní caipitil, seachas do theach cónaithe, san áireamh chomh maith nuair atá measúnú á dhéanamh ar incháilitheacht airgeadais. Má tá luach na n-acmhainní sin os cionn €320,000, ní bheidh tú incháilithe do sheirbhísí dlíthiúla ón mBord.

Ioncam
Tógfaidh an Bord d'ioncam iomlán (bíodh sé i bhfoirm pá, tuarastail nó leas sóisialta srl.) agus bainfidh sé liúntais áirithe uaidh, chun d'ioncam indiúscartha a ríomhadh.Seo a leanas na liúntais is mó:

Liúntais
An méid is mó
Céile / Páirtí cleithiúnach€3,500
Cleithiúnaithe fásta agus óga (in aghaidh an duine) €1,600
Costais lóistín €8,000
Cúram leanaí in aghaidh an linbh €6,000
Cáin ioncaim Méid iomlán
ÁSPC Méid iomlán
Íocaíochtaí ex gratia chuig an iarrthóir €1,040

Sé meid d’ioncaim tar éis na n-aisbhaintí seo a shocróidh an mbeidh tú I dteideal seirbhísí dhlíthiúla an Bhoird a fháil. Ní áirítear sochar linbh (agus íocaíochtaí áirithe eile) mar ioncam chun críche d’cháilitheachta do sheirbhísí dlíthiúla a mheas.

Beidh ort fianaise doiciméad a chur ar fáil de d'ioncam chomh maith le fianaise de chostais lóistín agus costais cúram leanaí. Is féidir leis an mBord iarradh ar an Roinn Gnóthaí Sóisialta agus Teaghlaigh, d'acmhainn a fhiosrú, nuair atá tú ag cur iarratais isteach ar, nó nuair atá tú ag fáil seirbhísí dlíthiúla.

Caipiteal
Ní fhéachtar ar do theach cónaithe mar acmhainn caipitil, ar mhaithe le measúnú a dhéanamh ar do chaipiteal. Acmhainní caipitil a bheadh ann ná sealúchas eile, carranna, airgead tirim, infheistíochtaí agus aon acmhainn eile a bhfuil luach uirthi. Tugtar liúntais do fhiacha áirithe, cosúil le hiasachtaí comhar creidmheasa nó iasachtaí bainc, ar féidir iad a fhritháireamh i gcoinne caipitil, ar mhaithe le do chaipiteal indiúscartha a ríomhadh.


Lógó tsuímh idirlín OneGov