|
Coiste Monatóireachta Neamhspleách dn Seirbhís Dhlíthiúil do Dhídeannaithe
Feidhmeanna an Choiste Monatóireachta Neamhspleách
Tá dhá ról ag an gCoiste Monatóireachta Neamhspleách;
> a chinntiú go gcuireann an Seirbhís Dhlíthiúil do Dhídeannaithe seirbhís dhlíthiúil ard-chaighdeáin ar fáil; agus
> chun fóram neamhspleách a chur ar fáil chun gearáin ó chustaiméirí an tSeirbhís Dhlíthiúil do Dhídeannaithe a fhiosrú, maidir leis an tseirbhís a chuirtear ar fáil dóibh.
Ballraíocht
Bíonn baill an Choiste Monatóireachta neamhspleách ceaptha ag an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí.
Gearáin
D'fhéadfadh gearán a bheith bainteach le cinneadh nó gníomh áirithe a rinneadh nó nach ndearnadh, maidir le cur ar fáil na seirbhísí dlíthiúla d'iarrthóir tearmainn. D'fhéadfadh sé a bheith bainteach le feidhmíocht na foirne i Seirbhís Dhlíthiúil do Dhídeannaithe, nuair a cheaptar nach bhfuil sí de réir phrionsabail an dea-riaracháin inghlactha agus a nuair atá drochthionchar aici ar cheart an iarrthóra tearmainn chun cúnamh dlíthiúil a fháil.
Admhóidh an Rúnaí gach gearán a fhaightear agus déanfaidh an Coiste measúnú ar an toradh agus cuirfear é in iúl don Bhord um Chúnamh Dlíthiúil, don ghearánaí agus don Roinn Cirt, Comionannais agus Athchóirithe Dlí.
Sonraí teagmhála don Choiste Monatóireachta Neamhspleách
Rúnaí an Choiste Monatóireachta Neamhspleách
Bosca Poist 9169
Baile Átha Cliath 2
Uimhir Gutháin (01) 6167859 (fiosruithe amháin)
|