Lógó Glas an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil

Rochtain ar Cheart

 

Eolas breise le haghaidh Cleachtóirí Príobháideacha

Tá an Bord tar éis ciorclán faoi na Seirbhísí Dlíthiúla a chur i dtoll a chéile. Is cáipéis chuimsitheach í seo a leagann síos beartais agus nósanna imeachta an Bhoird maidir le soláthar seirbhísí dlíthiúla. Baineann cuid acu seo le Cleachtóirí Príobháideacha, ina measc cinn faoi incháilitheacht airgeadais, aisghabháil costas agus damáistí, cúnamh dlíthiúil a tharraingt siar nó deireadh a chur leis, táillí agus eisíocaíochtaí finnéithe, gearáin agus iarratais chun aturnae eile a fháil.

Incháilitheacht Airgeadais
Déanfar incháilitheacht duine a mheas ar a (h)ioncam indiúscartha agus, má oireann sé don chás ar an caipitil indiúscartha atá aige nó aici. Socraítear ioncam trí thagairt a dhéanamh don dáta a chuir duine isteach ar chúnamh dlíthiúil, agus is í an bhliain i ndiaidh dáta an iarratais a bhíonn i gceist de gnáth. Tá sé de dhualgas ar chliant an Bord a chur ar an eolas trína insint dá (h)aturnae faoi aon athrú a tháinig ar a (h)ioncam sa tréimhse dhá mhí dhéag ón dáta a rinne sé nó sí an t-iarratas. Chun nóta níos cuimsithí faoi incháilitheacht airgeadais a fháilcliceáil anseo.

Cúlghairm/Foirceannadh ar Chúnamh Dlíthiúil
Tá foráil san Acht um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta 1995 agus sna Rialacháin a rinneadh faoi maidir le Cúnamh dlíthiúil a tharraingt siar nó deireadh a chur leis i gcúinsí áirithe. Baineann cuid de na cúinsí le hiompar an chliaint. Is í an aidhm atá le nósanna imeachta an Bhoird maidir le hiarratais chun deireadh a chur le teastas cúnaimh dhlíthiúil nó é a aistharraingt ná a chinntiú go mbeidh na socruithe sin cóir agus de réir ceartais aiceanta agus ceartais bhunreachtúil, agus ní amháin go ndéanfar an ceart ach go bhfeicfidh an duine atá ag fáil seirbhíse dlíthiúla go bhfuil sé sin á dhéanamh. Tá na nósanna imeachta leagtha amach sa cháipéis atá ag gabháil leis seo.

Aisghabháil Costas agus Damáistí
Tá forálacha áirithe san Acht um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta, 1995 faoi chostais a aisghabháil agus faoi lóisteáil airgid a aisghabhadh nó a caomhnaíodh thar cheann cliaint sa Chiste Cúnaimh Dhlíthiúil. Tá tagairt do na forálacha sin sna hailt ó 29 go 31 faoi théarmaí agus coinníollacha Scéim na gCleachtóirí Príobháideacha don Chúirt Chuarda. Chun nóta níos cuimsithí faoi aisghabháil costas agus damáistí a fháil, cliceáil anseo.

Táillí agus eisíocaíochtaí finnéithe
Cuireann an tAcht um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta 1995 agus sna Rialacháin a rinneadh faoi ar chumas an Bhoird a shainiú i dteastas um chúnamh dlíthiúil nó i leasú a dhéantar air an féidir táillí le haghaidh aon tsaineolaí nó finné a íoc, agus má tá, an méid a íocfar leo. Caithfidh aturnaetha iarratas faoi leith a dhéanamh chun go leasófaí teastas cúnaimh dhlíthiúil i ngach cás ar mhian leo saineolaí a choinneáil nó go mbeadh finné i láthair sa chúirt. Tá sé de dhualgas ar an mBord scála táillí a ghlacadh le haghaidh saineolaithe agus finnéithe a bheidh ar aon dul leis na rátaí a íocann soláthraithe seirbhísí poiblí eile. Tá scála táillí atá cothrom le dáta ag gabháil leis an doiciméad seo. Ní mór a thabhairt faoi ndeara nuair a thugtar údarás tuarascáil síceolaíochta nó síciatrach a dhéanamh, agus nuair nach bhfuil cúnamh dlíthiúil ag an bpáirtí eile sna himeachtaí, nach n-íocfaidh an Bord ach 50% de chostas na tuarascála sin.

Gearáin
Déantar gearáin ó am go céile faoi na cleachtóirí príobháideacha atá ar phainéil an Bhoird. Lena chois sin, féadfaidh ceisteanna feidhmíochta eile teach chun cinn i gcás na seirbhísí dlí a sholáthraíonn cleachtóirí príobháideacha thar cheann an Bhoird. Tá cuntas sa cháipéis atá ag gabháil leis seo faoi nósanna imeachta an Bhoird chun déileáil le gearáin agus ceisteanna feidhmíochta agus tugtar aird inti don riachtanas nósanna imeachta córa a bheith ann agus a chinntiú ag an am céanna go gcuirtear seirbhís den scoth ar fáil do gach duine a bhfuil cúnamh dlíthiúil aige nó aici.

Iarratais chun Aturnae Eile a fháil
Déanann aturnaetha agus cliaint iarratais ó am go céile ar aturnae eile a chur ar fáil. Aithníonn an Bord go bhféadfadh deireadh teacht leis an gcaidreamh idir aturnae agus cliant ar fháthanna éagsúla. Tuigeann an Bord go bhféadfadh cliaint aturnaetha eile a iarradh toisc nach bhfuil siad sásta leis an gcomhairle atá á fáil acu. Tá cuntas sa cháipéis atá ag gabháil leis seo faoi na nósanna imeachta atá le leanúint nuair is mian le cliant nó le haturnae go n-athrófaí aturnae. Tá siad leatha amach chun cothroime agus comhsheasmhacht a chinntiú nuair atá cinntí á ndéanamh.


Lógó tsuímh idirlín OneGov