|
BCD - Ceisteanna Coitianta
15. Conas a dhéantar gearán?
Mura bhfuil tú sásta le seirbhísí an dlíodóra ón ionad dlí áitiúil, ba cheart duit gearán a dhéanamh le dlíodóir bainistíochta an ionaid. Má tá tú míshásta go fóill, ba cheart duit an gearán a dhéanamh i scríbhinn. Má tá gearán agat i gcoinne an dlíodóra bainistíochta, ba cheart duit gearán scríofa a chur chuig An Stiúrthóir um Chúnamh Dlíthiúil ag Ceannoifig an Bhoird ag Sráid an Chalaidh, Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí. Mura bhfuil tú sásta le seirbhísí do dhlíodóra phríobháidigh, ar cuireadh do chás ar aghaidh chuige/chuici, ba cheart duit gearán scríofa a chur chuig Ionad na gCleachtóirí Príobháideacha, An Bord um Chúnamh Dlíthiúil, Cúirt Montague, Baile Átha Cliath 2. D’fhéadfá a iarradh go gcuirfí aon ghearán ar aghaidh go dtí Oifigeach Idirchaidrimh Custaiméirí an Bhoird sa Cheannoifig chomh maith. Déanfar gach iarracht chun an gearán a leigheas. Tá Bileog Eolais foilsithe ag an mBord ar Chúram Custaiméirí agus ar Nós Imeachta na nGearán.
Fill ar liosta na Ceisteanna Coitianta
|