Lógó Glas an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil

Rochtain ar Cheart

 

Ar ais chuig na billeogaí eolas

Bileog Uimh 13: Incháilitheacht Airgeadais agus Ranníocaíochtaí

Tugtar eolas ginearálta sa bhileog seo faoi:
> Incháilitheacht airgeadais i gcomhair seirbhísí dlí agus
> An ranníocaíocht airgid is gá a íoc.

Conas a bheidh a fhios agam go bhfuilim i dteideal seirbhísí dlí?
Má tá tú ag déanamh iarratais ar chomhairle dlí agus/nó ar chúnamh dlíthiúil ní mór duit dul faoi thástáil acmhainne i ndáil le d’ioncam agus i ndáil le d’acmhainní caipitil.

Déanfaidh foireann an ionaid dlí:
> measúnú ar d'acmhainní;
> a chinneadh an bhfuil tú incháilithe ó thaobh airgeadais de le haghaidh seirbhísí dlí agus, má tá;
> ríomh ar mhéid na ranníocaíochta a bheidh ort a íoc.

Teorainneacha maidir le hIncháilitheacht Airgeadais

Cad iad na teorainneacha maidir le hincháilitheacht airgeadais?
D’fhonn a bheith incháilithe i gcomhair seirbhísí dlí, ní féidir le d’ioncam indiúscartha a bheith os cionn €18,000 agus ní féidir le do chaipiteal indiúscartha a bheith os cionn €320,000.

Is éard is ioncam indiúscartha ann ná an t-ioncam atá fágtha tar éis asbhaintí áirithe a bheith déanta

Ioncam

Conas a dhéantar measúnú ar m’ioncam?
Is é an chéad chéim ná an ráiteas acmhainne a chomhlánú ar an bhfoirm iarratais ar sheirbhísí dlí. Iarrfar ort an fhaisnéis seo a leanas a thabhairt ar an bhfoirm seo:

> Ioncam - is é seo d'ioncam iomlán, mar shampla pá, tuarastal, íocaíochtaí leasa shóisialaigh, pinsin; agus
> Cúinsí pearsanta áirithe agus míreanna áirithe caiteachais d’fhonn cinneadh a dhéanamh cé acu liúntais ar féidir fritháireamh a dhéanamh orthu i gcoinne do chuid ioncaim chun críocha d’ioncam indiúscartha a ríomh.

Seo a leanas na liúntais sin:

Liúntais Uasmhéid
Céile / páirtí €3,500
Daoine fásta agus leanaí cleithiúnacha€ 1,600 in aghaidh an chleithiúnaí
Costais Lóistín€8,000
Cúram leanaí €6,000 in aghaidh an linbh
Cáin ioncaimAn Méid Iomlán
ÁSPCAn Méid Iomlán
Muirear sóisialta uilíochAn Méid Iomlán
Asbhaint a bhaineann le pinsean seirbhíse poiblí (ar a dtugtar tobhach pinsin freisin)An Méid Iomlán
Íocaíochtaí ex-gratia faighteAsbhaint de €20 ó gach íocaíocht a fhaightear gach seachtain.


Ríomhfaidh an Bord d’ioncam indiúscartha agus cuirfidh siad in iúl duit cén ranníocaíocht a bheidh ort a íoc.

Féadfaidh tú an fhoirm ráitis acmhainne a chomhlánú leat féin, nó cabhróidh an fhoireann san ionad dlí leat í a chomhlánú má theastaíonn cúnamh uait.

Tá uirlis ar shuíomh Gréasáin an Bhoird a thabharfaidh cúnamh duit le fáil amach an dócha go mbeidh tú incháilithe ó thaobh airgeadais de. Ní thugann an táscaire ráthaíocht i ndáil le hincháilitheacht airgeadais le haghaidh seirbhísí dlí. Níl ann ach treoir.

Conas a dhearbhaím mo phríomhfhoinse ioncaim agus mo chuid liúntas?
D’fhéadfadh sé go mbeadh ort dearbhú a thabhairt maidir le do phríomhfhoinsí ioncaim agus do chuid liúntas, trí na doiciméid seo a leanas a sholáthar, mar shampla:
> cóip den duillín pá is déanaí atá agat;
> cóip den duillín íocaíochta leasa shóisialaigh; agus
> leabhar cíosa / ráiteas morgáiste.

Féadfaidh an Bord a iarraidh ar an Roinn Coimirce Sóisialaí imscrúdú a dhéanamh ar acmhainn aon duine atá ag déanamh iarratais ar sheirbhísí dlí, nó á bhfáil.

Conas a ríomhtar m’acmhainní caipitil?
Ní chuirtear luach do thí san áireamh nuair a dhéantar measúnú ar d’acmhainní caipitil.

Má tá d’acmhainní caipitil os cionn €4,000, caithfidh tú an ráiteas caipitil ar an bhfoirm iarratais a chomhlánú. Éilítear an t-eolas seo a leanas:-
· Caipiteal – gach saghas caipitil atá agat, is cuma cibé an bhfuil sé i bhfoirm réadmhaoine, cairr, airgid thirim, airgid sa bhanc, infheistíochtaí, nó i bhfoirm acmhainní eile, agus
· Fiacha – féadfar liúntas a thabhairt ar fhiacha faoi leith a d'fhéadfaí a chur i gcoinne caipitil chun teacht ar an ioncam indiúscartha, mar shampla iasachtaí ó chomhar creidmheasa.

Ranníocaíocht
Mar a luaitear thuas, má fhaigheann tú comhairle agus/nó cúnamh dlíthiúil ní mór duit ranníocaíocht a dhéanamh leis an mBord.

Comhairle Dlí
Is í an ranníocaíocht íosta ioncaim ar chomhairle dlí ná €10, agus is é €150 an t-uasmhéid. Braithfidh an tsuim a íocfar ar d’ioncam indiúscartha.

Cúnamh Dlíthiúil
Má fhaigheann tú cúnamh dlíthiúil, ní mór duit ranníocaíocht a íoc atá bunaithe ar d’ioncam indiúscartha agus ar do chaipiteal indiúscartha, más ann dó.

Braithfidh an tsuim a bheidh le híoc agat ar:
> d’ioncam indiúscartha, agus
> do chaipiteal indiúscartha, más ann dó.
D’fhéadfadh sé go gcuirfí san áireamh freisin an costas a bheidh ar an mBord maidir le seirbhísí dlí a sholáthar duit.

Tá ranníocaíocht ar leith iníoctha maidir le gach aon iarratas.

Cad a tharlaíonn má dhámhtar costais dom?
Tá an Bord i dteideal, faoi réir eisceachtaí áirithe, na costais a thabhaigh sé maidir le soláthar seirbhísí dlí a asbhaint as aon airgead / réadmhaoin a aisghabhann tú nó a chaomhnaítear duit mar thoradh ar na seirbhísí dlí a chuirtear ar fáil.

Airgead a ghnóthaíonn duine atá ag fáil comhairle dlí agus/nó cúnamh dlíthiúil, ní mór é a íoc ar an gcéad dul síos leis an mBord.

Cad ba chóir dom a dhéanamh má thagann athrú ar mo chúinsí airgeadais?
Má tá seirbhísí dlí á bhfáil agat ón mBord, ní mór duit a chur in iúl don Bhord má thagann aon athrú ar do chúinsí airgeadais. Ba cheart duit a insint do d’aturnae, nó d’aon bhall foirne eile, go bhfuil athrú tagtha ar do chuid ioncaim nó ar d’acmhainní caipitil.

Is é an aidhm atá leis seo ná a chur ar chumas an Bhoird a chinntiú go leanann tú de bheith i dteideal seirbhísí dlí a fháil. Ní gá go gcuirfear deireadh leis na seirbhísí dlí arna soláthar duit os rud é go bhfuil feabhas tagtha ar do chuid cúrsaí airgeadais.

Cad a tharlóidh má theipeann orm a rá leis an ionad dlí go bhfuil athrú tagtha ar mo chúinsí?
Má theipeann ort a rá leis an ionad dlí go bhfuil athrú tagtha ar do chúinsí, d’fhéadfadh go mbeadh ar an mBord seirbhísí dlí a tharraingt siar. Sa chás sin, d’fheadfadh tú a bheith faoi dhliteanas maidir leis na costais uile arna dtabhú ag an mBord.

Tabhair faoi deara go bhféadfadh na teorainneacha incháilitheachta airgeadais, na liúntais agus na figiúirí ranníocaíochta a thugtar thuas a bheith faoi réir athraithe.

Cuirfidh baill foirne an ionaid dlí eolas breise ar fáil más gá.

An Cheannoifig:
An Bord um Chúnamh Dlíthiúil,
Sráid an Chalaidh,
Cathair Saidhbhín,
Co. Chiarraí.
Teil: (066) 947 1000
Facs: (066) 947 1035
Uimh. Íosghlao 1890 615 2000


Lógó tsuímh idirlín OneGov