Lógó Glas an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil

Rochtain ar Cheart

 

Bileog Uimh 14: Cúnamh Dlíthiúil Do Ghearánaigh I Gásanna Éignithithe agus I Gcásanna Áirithe Ionsaí Gnéis

Seirbhísí curtha ar fáil
Soláthraíonn an Bord um Chúnamh Dlíthiúil comhairle dhlíthiúil agus cúnamh dlíthiúil, i.e. ionadaíocht sa chúirt, do ghearánaigh i gcásanna áirithe ionsaí gnéis.
Tá dhá sheirbhís éagsúil ar fáil agus pléitear gach ceann acu as a chéile sa
duilleoigín seo.

Seirbhís chomhairle dhlíthiúil
Tá comhairle dhlíthiúil ar fáil do ghearánaí in ionchúiseamh ar na cionta seo a leanas:
• éigniú faoin ngnáth dlí nó faoi alt 2 den Acht um an Dlí Coiriúil
(Banéigean) 1981; nó
• tromionsaí gnéis faoi alt 3, nó éigniú faoi alt 4
den Acht um an Dlí Coiriúil (Banéigean) (Leasú) 1990, nó,
• lánamhnas neamh-dhleathach faoi alt 1 nó 2 den Acht
Leasuithe An Dlí Choiriúla, 1935;nó
• ciorrú faoi alt 1 nó 2 den Acht um Chúradh ar Chiorrú 1908 (Punishment of Incest Act, 1908).
Is gá do dhuine atá ag lorg na seirbhíse seo dul faoi thástáil maoine agus a bheith laistigh de na teorannacha incháilíochta airgeadais. Níl aon ghá do dhaoine a fhaigheann an t-seirbhís seo ranníocaíocht a íoc leis an mBord don t-seirbhís seo.
Tá sonraí na tástála maoine ar fáil i nDuilleoigín an Bhoird Uimh.13-
Incháilíocht airgeadais.

Seirbhís cúnamh dlíthiúil
Tá cúnamh dlíthiúil ar fáil do ghearánaí i gcásanna áirithe ionsaí gnéis sa chás go n-ardaítear iarstair ghéasach an ghearánaí ag duine a bhfuil ceann nó níos mó
de na cionta seo ina leith:
• cion éignithe;
• tromionsaí gnéis;
• cabhrú agus neartú, comhairliú nó iarracht tromionsaí gnéis a dhéanamh;
• cabhrú agus neartú, comhairliú nó iarracht ar tromionsaí gnéis a dhéanamh;
• duine a ghríosú chun tromionsaí gnéis a dhéanamh; agus
• comhcheilg a dhéanamh ceann ar bith de na cionta thuas luaite a dhéanamh.
Ciallóidh an t-Seirbhís seo go n-ainmneoidh an Bord aturnae agus abhcóide chun
ionadaíocht a dhéanamh don ghearánaí sa chúirt nuair a thiocfaidh an tsainchéist faoi iarstair aníos.
Ní gá do dhuine a theastaíonn uaidh ní uaithí an t-seirbhís seo a úsáid dul faoi scrúdú maoine nó ranníocaíocht a íoc.

Eolas ginearálta ábhartha don dá sheirbhís
Seirbhísí riachtanacha
Tá seirbhísí riachtanacha agus luachmhara ar fáil do ghearánaí i gcásanna áirithe
ionsaí gnéis. Molann an Bord go lorgódh gearánaí seirbhísí dlíthiúla a luaithe
agus is féidir.
Déanfaidh an Bord gach iarracht aturnae agus nó abhcóide a ainmniú a luaithe agus
is féidir agus ní chuirfear iarratasóirí ar liosta feithimh.

Conas iarratas a dhéanamh:
Féafaidh duine atá ag lorg seirbhísí dlíthiúla iarratas a dhéanamh chuig ceann ar bith de na hionaid dlí liostaithe sa duilleoigín seo trí theagmháil a dhéanamh le:
Aonad na Seirbhísí Dlíthiúla,
An Bord um Chúnamh Dlíthiúil
Cathair Saidhbhín,
Co. Chiarraí
Fón: 066 9471000.

Aturnae nó Abhcóide a sholáthar
Ainmneoidh an Bord aturnae agus abhcóide más gá
d’fhonn seirbhísí a sholáthar ar bhonn gach uile chás aonair.


Lógó tsuímh idirlín OneGov