Rochtain ar Cheart |
|
Ar ais chuig na billeogaí eolas
> duine atá faoi bhun trí bliana fichead agus in oideachas lánaimseartha; nó > duine atá cleithiúnach ar a t(h)uismitheoirí de bharr míchumais. Cad is féidir liom a dhéanamh más rud é nach bhfuilimid in ann teacht ar chomhaontú maidir le cothabháil? Sa chás sin, ní mór duit iarratas a dhéanamh chun na cúirte. Is féidir leat iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt Dúiche nó chuig an gCúirt Chuarda. Braitheann an chúirt chuig a ndéanann tú an t-iarratas ar an méid cothabhála atá á lorg agat. An Chúirt Dúiche Faoi láthair féadfaidh an Chúirt Dúiche suim ar bith suas go €500.00 in aghaidh na seachtaine a dheonú i gcás céile / páirtí sibhialta agus €150.00 in aghaidh na seachtaine i gcás gach linbh. An Chúirt Chuarda Ní mór duit iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt Chuarda má tá os cionn €500.00 do chéile / pháirtí sibhialta agus os cionn €150.00 in aghaidh na seachtaine do gach leanbh á lorg agat. An bhféadfaidh an Chúirt Dúiche agus an Chúirt Chuarda araon orduithe cnapshuime cothabhála a dhéanamh? Féadfaidh an Chúirt Dúiche agus an Chúirt Chuarda araon orduithe cnapshuime cothabhála a dhéanamh, cé nach féidir leis an gCúirt Dúiche ordú mó ná €6,349 a dhéanamh faoi láthair. Conas is féidir cothabháil a íoc? D'fhéadfadh ordú cothabhála treoir a thabhairt do pháirtí amháin cothabháil a íoc go díreach leis an bpáirtí eile in airgead tirim nó chuig banc nó cuntas eile. Féadfaidh an Chúirt a ordú freisin go n-íocfar an chothabháil le Cléireach na Cúirte Dúiche, a chuireann ar aghaidh an íocaíocht chuig an duine a bheidh á fáil. Is é an buntáiste a bhaineann leis sin ná, sa chás ina bhfuil riaráistí cothabhála i gceist, go ndéanfaidh Cléireach na Cúirte Dúiche iarracht íocaíocht a fhorfheidhmiú, in áit iallach a bheith ar an bpáirtí a bheidh ag fáil an airgid sin a dhéanamh. Cad is féidir liom a dhéanamh mura bhfuil an chothabháil atá dlite dom á híoc? Mura bhfuil an chothabháil á íoc is féidir leat iarratas a dhéanamh chuig an gcúirt ar:-
> ordú forfheidhmithe i leith riaráistí cothabhála. Is féidir é sin a dhéanamh cibé an bhfuil an páirtí is íocóir fostaithe nó nach bhfuil. Féadfaidh an chúirt barántas gabhála a eisiúint don pháirtí is íocóir má chliseann air/uirthi a bheith os comhair na cúirte tar éis do na himeachtaí forfheidhmithe a bheith seirbheáilte air/uirthi. Is é an smachtbhanna deiridh ná go bhféadfar an páirtí is íocóir a chur i bpríosún má chruthaítear don chúirt go bhfuil sé nó sí neamhthoilteanach seachas neamhábalta a íoc. Sochair leasa shóisialaigh Má dhéanann tú iarratas chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh, d’fhéadfadh sé go n-iarrfadh an Roinn sin ort iarratas a dhéanamh ar chothabháil, má tá tú i dteideal cothabhála agus nach bhfuil sí á fháil agat. Conas is féidir cothabháil a athrú nó a thabhairt chun críche? Féadfaidh duine a íocann nó a fhaigheann cothabháil iarratas a dhéanamh athuair chuig an gcúirt a rinne an t-ordú cothabhála le haghaidh:
> ordú cothabhála a urscaoileadh, is é sin, oibleagáid íoctha a thabhairt chun críche. Go ginearálta, déantar na hiarratais sin sa chás ina dtarlaíonn athrú ar imthosca an chéile atá ag íoc ó rinneadh an t-ordú ar dtús. > Má tá iarratas á dhéanamh ar an urscaoileadh mar nach bhfuil ar chumas an duine a bhfuil an chothabháil á híoc aige nó aici í a íoc, beidh air nó uirthi é sin a chruthú don Chúirt. An féidir cothabháil a fháil ó dhaoine a chónaíonn i dtíortha eile? Is féidir ordú cothabhála a fháil agus a fhorfheidhmiú i gcoinne daoine a chónaíonn i dtíortha áirithe thar lear. Is féidir tuilleadh eolais maidir le cothabháil ó chéile nó ó pháirtí a chónaíonn thar lear a fháil ó d’oifig áitiúil dlí. An Cheannoifig: An Bord um Chúnamh Dlíthiúil, Sráid an Chalaidh, Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí. Teil: (066) 947 1000 Facs: (066) 947 1035 Uimh. Íosghlao 1890 615 2000 Suíomh Gréasáin: www.legalaidboard.ie |
|
|