|
Bileog Uimh 7: Foréigean Teaghlaigh
Áirítear ar Foréigean Teaghlaigh foréigean fisiciúil, gnéis nó síceolaíoch a bhíonn ina bhagairt ar shábháilteacht nó ar leas bhaill an teaghlaigh agus ar dhaoine áirithe eile i gcaidrimh theaghlaigh.
Cineálacha cosanta atá ar fáil faoi reachtaíocht foréigin teaghlaigh
Tá ceithre phríomhchineál cosanta ar fáil ó na cúirteanna:-
- toirmisceann ordú sábháilteachta duine ar fhoréigean a úsáid nó a bhagairt ar an duine a dhéanann iarratas le haghaidh an ordúithe agus/nó ar leanaí cleithiúnacha;
- éilíonn ordú urchoisc ar dhuine, a dhéantar an t-ordú ina c(h)oinne, áit chónaithe an duine a dhéanann iarratas le haghaidh an ordaithe agus/nó leanaí cleithiúnacha a fhágáil agus fanacht amach as;
- ordú sealadach sábháilteachta atá in ordú cosanta. Féadfaidh cúirt ordú den chineál sin a dhéanamh nuair a dhéanann duine iarratas ar an ordú sábháilteachta agus/nó urchoisc. Ní mhaireann ordú cosanta ach go dtí éisteacht iomlán an iarratais ar an ordú sábháilteachta nó urchoisc; agus
- is ordú sealadach urchoisc atá in ordú eatramhach urchoisc. Féadfaidh cúirt ordú den chineál sin a dhéanamh nuair a dhéanann duine iarratas ar an ordú urchoisc. Ní mhaireann ordú eatramhach urchoisc ach go dtí éisteacht iomlán an iarratais ar an ordú urchoisc agus is in imthosca eisceachtúla amháin a dhéantar é
Achar ama na cosanta
Féadfaidh an Chúirt Dúiche ordú sábháilteachta a dhéanamh ar feadh tréimhse chomh fada le cúig bliana agus ordú urchoisc ar feadh tréimhse chomh fada le trí bliana. Féadfar na horduithe sin a athbhreithniú.
Daoine ar féidir leo cosaint a fháil
Féadfaidh na daoine seo a leanas iarratas a dhéanamh ar orduithe faoin reachtaíocht foréigin teaghlaigh
- céilí, féadfaidh siad cosaint a lorg i gcoinne a chéile;
- féadfaidh daoine a chomhchónaíonn lena chéile, daoine nach bhfuil pósta ach a chónaíonn lena chéile, cosaint a lorg i gcoinne a chéile. Ní dhámhfaidh cúirt ordú sábháilteachta, áfach, ach amháin sa chás go raibh na daoine sin ina gcomhchónaí lena chéile ar feadh sé mhí le linn an tréimhse dhá mhí dhéag sula ndearnadh an t-iarratas le haghaidh cosanta. Ní dhámhfaidh cúirt ordú urchoisc ach amháin sa chás go raibh na daoine sin ina gcomhchónaí lena chéile ar feadh sé mhí le linn an tréimhse naoi mí dhéag sula ndearnadh an t-iarratas le haghaidh cosanta. Ní dhéanfar ordú urchoisc i gcoinne duine atá ag comhchónaí agus ar leis/léi an áit chónaithe nó ag a bhfuil cearta úinéireachta níos mó ná an duine atá ag comhchónaí agus atá ag lorg cosanta;
- féadfaidh tuismitheoirí cosaint a lorg i gcoinne a leanaí sa chás go bhfuil 18 bliana slánaithe acu. Ní dhámhfaidh cúirt ordú urchoisc, áfach, i gcoinne leanbh ar leis/léi an áit chónaithe nó ag a bhfuil cearta úinéireachta níos mó ná an tuismitheoir atá ag lorg cosanta;
- féadfaidh daoine a chónaíonn le chéile san áitreamh céanna iarratas a dhéanamh le haghaidh cosanta i gcoinne a chéile. Ní mór don té a bhfuiltear ag lorg cosanta ina c(h)oinne a bheith os cionn 18 bliana d'aois. Ní dhámhfaidh an chúirt cosaint, áfach, má mheasann sí go bhfuil caidreamh conartha idir na daoine. Is ordú sábháilteachta an t-aon chosaint a bheadh ar fáil sa chás sin;
- féadfaidh leanaí cosaint a lorg ach ní mór do dhuine fásta nó do bhord sláinte iarratas a dhéanamh chuig an gcúirt thar a gceann;
- féadfaidh tuismitheoir iarratas a dhéanamh le haghaidh cosanta thar ceann a linbh féin; agus
- féadfaidh bord sláinte iarratas a dhéanamh le haghaidh cosaint thar ceann duine agus/nó leanaí cleithiúnacha an duine sin in imthosca nach féidir leis an duine sin iarratas a dhéanamh é/í féin.
Orduithe a shárú
Is cion coiriúil é sárú ordú ar bith a dhéantar faoin reachtaíocht foréigin teaghlaigh. Féadfaidh na Gardaí duine a sháraíonn ordú den chineál sin a ghabháil agus a chúiseamh.
Cionta coiriúla eile
Cibé an faoin reachtaíocht foréigin teaghlaigh a dhéantar orduithe cúirte nó nach ea, is coir é foréigean fisiciúil agus/nó gnéis. Tá de chumhacht ag na Gardaí duine atá foréigeanach a ghabháil agus a chúiseamh.
|