Rochtain ar Cheart |
|
Ar ais chuig na billeogaí eolas
> Ní mór do na hionadaithe pearsanta deonú ionadaíochta a fháil roimh dóibh déileáil le heastát. > I gcás ina bhfuil uacht ann, faightear Deonú Probháide. > Sa chás nach bhfuil aon uacht ann, faightear Deonú Litreacha Riaracháin. Is é an tIonadaí Pearsanta atá freagrach as gnóthaí an duine éagtha a eagrú agus a shórtáil. Má tá Uacht ann, ceaptar an tIonadaí Pearsanta lena (h)ainmnithe san uacht mar sheiceadóir. Má tá díthiomnacht i gceist (gan uacht ann) is dóchúil go nglacfaidh an tIonadaí Pearsanta freagracht as ós rud é gur céile an éagaigh é/í nó go bhfuil sé nó sí ar dhuine de na neasghaolta. Tugtar Riarthóir ar an Ionadaí Pearsanta nár ceapadh san Uacht. Is é atá i gceist le deonú probháide nuair a bhíonn Uacht déanta agus nuair a dhéanann an Seiceadóir nó an tAturnae atá ag obair thar ceann an tSeiceadóra iarratas chuig an Oifig Phrobháide le haghaidh Deonú Probháide. Beifear ábalta eastát (sócmhainní) an éagaigh a dháileadh de réir a (h)Uachta.
> aon trian den eastát, má tá leanaí ann. Féadfaidh céile/páirtí sibhialta rogha a dhéanamh an ceart dlíthiúil a ghlacadh nó an sciar a thugtar san uacht.
> ní mór an rogha sin a dhéanamh laistigh de shé mhí ón uair a chuireann na hionadaithe pearsanta an ceart in iúl don chéile/don pháirtí sibhialta, nó > laistigh de bhliain amháin ó dheonú probháide, cibé ceann acu is déanaí. An bhfuil ceart ar bith ag céile/ páirtí sibhialta sa chás NACH bhfuil uacht bhailí ann Nuair a fhaigheann duine bás gan uacht bhailí a bheith déanta aige nó aici, tá ceart dlíthiúil ag a c(h)éile i leith na nithe seo a leanas:-
> dhá thrian den eastát, má tá leanaí ann. An bhfuil cearta ag leanaí sciar a fháil ó uacht a dtuismitheoirí?
> Féadfaidh an Ard-Chúirt sciar d'eastát an tuismitheora a dheonú ar leanbh, áfach, sa chás ina gcinneann sí maidir leis an tuismitheoir "gur loic sé ina dhualgas morálta soláthar cuí a dhéanamh don leanbh de réir a acmhainne”. Ní mór iarratas den chineál sin a dhéanamh san Ard-Chúirt laistigh de shé mhí ó dháta deonaithe na probháide. > Ní gá do leanbh a dhéanann iarratas den chineál sin a bheith faoi bhun ocht mbliana déag d'aois ná a bheith i gcleithiúnas ar an tuismitheoir ó thaobh airgid de. An bhfuil cearta ag uchtleanaí agus ag leanaí tuismitheoirí neamhphósta sciar a fháil ó eastát a dtuismitheoirí? Tá na cearta céanna ag uchtleanaí agus ag leanaí tuismitheoirí neamhphósta agus atá ag leanaí tuismitheoirí pósta. Áras an teaghlaigh agus oidhreacht Cé a thiocfaidh in oidhreacht ar áras an teaghlaigh? Sa chás ina bhfuil áras an teaghlaigh i seilbh na gcéilí/na bpáirtithe sibhialta mar chomhthionóntaí, faigheann an céile/páirtí sibhialta marthanach an mhaoin le hoidhreacht go huathoibríoch. Ina ionad sin d'fhéadfadh an céile/páirtí sibhialta marthanach a bheith in ann a éileamh go n-aistreofaí áras an teaghlaigh chuige nó chuici mar chuid dá scair den cheart dlíthiúil. Féach an nóta thuas maidir le cearta dlíthiúla na gcéilí/na bpáirtithe sibhialta. Fachtóirí a mbíonn éifeacht acu ar chearta oidhreachta Tá roinnt fachtóirí ann a mbíonn éifeacht acu ar chearta oidhreachta:- pósadh - déanann pósadh uacht a chúlghairm mura raibh sé déanta agus an pósadh san áireamh. comhaontú idirscartha - féadfaidh céilí comhaontú a gceart dlíthiúil a fhoirceannadh maidir le scair a bheith acu in eastát an chéile eile; idirscaradh breithiúnach-:
> Ní mór don chúirt a bheith sásta go bhfuil foráil leordhóthanach agus réasúnach déanta do chéile sula gcuirfidh sí a c(h)earta ar ceal. > Mura n-ordóidh an chúirt a mhalairt, áfach, tá imthosca áirithe ann inar féidir le duine iarratas a dhéanamh chuig an gcúirt ar sciar d'eastát a c(h)éile. Ní mór iarratais den chineál sin a dhéanamh laistigh de shé mhí ón deonú probháide nó ó dheonú litreacha riaracháin maidir leis an eastát sin; tréigean - d'fhéadfadh nach mbeadh duine a thréig a c(h)éile ar feadh dhá bhliain nó níos mó díreach roimh bhás a c(h)éile i dteideal a scair mar cheart dlíthiúil in eastát a c(h)éile éagtha a fháil. Cionta coiriúla – bíonn cosc ar dhuine a rinne cionta coiriúla tromchúiseacha i gcoinne an éagaigh a scair mar cheart dlíthiúil a ghlacadh nó iarratas a dhéanamh chuig an gcúirt go ndéanfaí foráil chuí as an eastát. Páirtnéireacht shibhialta a dhíscaoileadh – ní páirtí sibhialta é nó í duine a bhfuil a p(h)áirtnéireacht shibhialta díscaoilte agus níl aon cheart dlíthiúil aige nó aici sciar a bheith aige nó aici in eastát a (h)iarpháirtí sibhialta. Má bhainim sochar as uacht an gá dom cáin ar bith a íoc? D'fhéadfadh duine a bhaineann sochar as eastát éagaigh a bheith faoi dhliteanas maidir le Cáin Fáltas Caipitiúil.
> Tá díolúintí áirithe ann maidir leis an gceanglas i leith cáin a íoc, mar shampla, níl aon cháin iníoctha faoi láthair ar oidhreachtaí idir céilí nó iarchéilí. > Ní mór aon cháin atá iníoctha a íoc laistigh de thréimhse shonrach. > Féadfaidh céile marthanach sochar a bhaint as roinnt díolúintí agus faoisimh chánach.
> Tá mionsonraí ar fáil ó na Coimisinéirí Ioncaim. Cáin phrobháide Cad is cáin phrobháide ann? Is éard is cáin phrobháide ann ná an cháin a bhíonn iníoctha ar luach iomlán eastát an éagaigh. Cé atá freagrach as cáin phrobháide a íoc? Is ar ionadaithe pearsanta atá an fhreagracht maidir leis an gcáin phrobháide a íoc. An Cheannoifig: An Bord um Chúnamh Dlíthiúil, Sráid an Chalaidh, Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí. Teil: (066) 947 1000 Facs: (066) 947 1035 Uimh. Íosghlao 1890 615 2000 |
|
|