Lógó Glas an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil

Rochtain ar Cheart

 

Preaseisiúint

Tuairiscíonn an Bord um Chúnamh Dlíthiúil méadú suntasach san éileamh ar sheirbhísí dlí
TD’fhoilsigh an Bord um Chúnamh Dlíthiúil a Thuarascáil Bhliantúil agus Cuntais 2009 inniu (15 Nollaig). Cuireann an Bord comhairle agus cúnamh dlíthiúil sibhialta ar fáil dóibh siúd atá ar ioncam níos ísle trína líonra náisiúnta d’ionaid dlí. Cuireann sé seirbhísí dlí ar fáil dóibh siúd atá ag lorg tearmainn trína Sheirbhís Dlí do Dhídeanaithe.

Taispeántar sa tuarascáil go bhfuair an Bord um Chúnamh Dlíthiúil 14,073 iarratas ar chomhairle agus ar chúnamh dlíthiúil sibhialta in 2009, suas 18% ón mbliain roimhe. Ciallaíonn sé sin gur tháinig méadú 45% ar líon na n-iarratas a fuair an Bord idir 2006 agus 2009 agus níl aon chomhartha go dtí seo in 2010 go bhfuil laghdú ag teacht ar an ráta méadaithe sin. Ar an iomlán, próiseáladh 16,170 cás in ionaid dlí an Bhoird in 2009, méadú níos mó ná 8% ar 2008, agus tarchuireadh 4,012 cás breise chuig cleachtóirí dlí príobháideacha, suas 34% ar an mbliain roimhe.

Feictear don Bhord go bhfuil dhá phríomhthoisc ina gcúis leis an méadú marthanach in éileamh. Ar an gcéad dul síos, agus is é sin an fáth is suntasaí, tá líon níos mó daoine ag comhlíonadh riachtanais na tástála acmhainne rud a chiallaíonn gur féidir leo leas a bhaint as na seirbhísí dlí a sholáthraíonn an Bord. Ar an dara dul síos, tá fianaise ann go mbíonn seirbhísí dlí ag teastáil níos mó le linn tréimhsí d’anás eacnamaíoch, go háirithe i réimsí ar nós an dlí teaghlaigh, fiachais agus fostaíochta.

Bhí réimse amháin d’oibríochtaí an Bhoird nach raibh méadú ann i líon na n-iarratas anuraidh. Bhí laghdú beagnach 29% in 2009 go dtí 2,298 i gcliaint nua sa tSeirbhís Dlí do Dhídeanaithe, a chuireann seirbhísí dlí ar fáil d’iarrthóirí tearmainn. Bhí sé sin i gcomhréir le líon laghdaithe na n-iarratas ar thearmann sa stáit le blianta beaga anuas.

Dúirt an tUasal Anne Colley, Cathaoirleach an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil, agus í ag trácht ar an tuarascáil, gurb é ceann de sheirbhísí poiblí é an Bord ina bhfuil an tionchar atá ag an gcor chun donais geilleagrach le sonrú go géar. Ina theannta sin dúirt sí “Is é an dúshlán suntasach a gcaithfidh an Bord aghaidh a thabhairt air anois maidir le seirbhísí a sheachadadh ná an méadú seo ar iarratais a bheith ag teacht tráth a bhfuil ár n-acmhainní laghdaithe, mar atá in eagraíochtaí seirbhíse poiblí eile. Mar sin féin, d’éirigh leis an mBord tréimhsí feithimh i gcomhair coinne le haturnae a choinneáil laistigh dár sprioc-am de ceithre mhí sa chuid is mó dár n-ionaid.”

D’admhaigh Príomhfheidhmeannach an Bhoird, an Dr Moling Ryan, freisin go gcuireann an méadú san éileamh brú suntasach ar chumas an Bhoird seirbhís thráthúil a sholáthar ag cuid dá n-ionaid dlí. Dúirt sé freisin, áfach, “go bhfuil an Bord i gcónaí ag déanamh athbhreithniú ar a oibríochtaí agus ar a phróisis agus ag iarraidh a bheith nuálach chun leanúint orainn le seirbhís ghairmiúil a sholáthar nuair atá éileamh ag méadú an t-am ar fad cé nach bhfuil soláthar foirne méadaithe ar fáil”. Rinne an tUasal Ryan tagairt do thabhairt isteach scéim phíolótach chun comhairle dlí a chur ar fáil go luath chomh maith le húsáid mhéadaithe cleachtóirí príobháideacha ag an mBord chomh fada agus a cheadaítear sin de réir an bhuiséid, mar dhá shampla de fhreagairt an Bhoird don timpeallacht dheacair atá roimhe.

Chuir an tUasal Colley agus an Dr Ryan araon fáilte roimh an bhfógra le deireanas ón Aire Dlí agus Cirt agus Athchóirithe Dlí, an tUasal Dermot Ahern TD, go mbeadh an Bord um Chúnamh Dlíthiúil ag glacadh freagrachta go luath as an Scéim um Chúnamh Dlí Choiriúil. Dúirt an tUasal Colley go mbeidh dúshlán breise ann ach go mbeidh an cumas agus an tiomantas ag an mBord an dúshlán a fhreagairt leis an tacaíocht chuí.


Buaicphointí ó Thuarascáil Bhliantúil 2009 an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil

Bhí ar líonra ionaid dlí an Bhoird déileáil le méadú 18% ar iarratais in 2009. Bhí ráta méadaithe dá shamhail le sonrú in 2008 freisin, rud a chiallaíonn gur tháinig méadú 38% ar líon na n-iarratas in 2009 i gcomparáid le 2007 agus 45% i gcomparáid le 2006.

Tháinig laghdú 2.5% ar maoiniú an státchiste don tseirbhís um chúnamh dlíthiúil sibhialta go €26.31 milliún. I gcás na Seirbhíse Dlí do Dhídeanaithe, tháinig laghdú 6% ar an soláthar maoinithe Státchiste go €8.33 milliún. Ar an iomlán, tháinig laghdú 11% a bheag nó a mhór ar leibhéil foirne le linn na bliana.

Tháinig méadú 8% ar líon na gcásanna a phróiseáil an líonra ionaid dlí le linn na bliana go os cionn 16,000. Ba í an phríomhfhachtóir ansin ná an méadú mór ar líon na gcásanna a bhain le comhairle dlí a thabhairt.

Tháinig laghdú níos mó ná 28% ar líon na gcliant nua a chláraigh le Seirbhís Dlí do Dhídeanaithe an Bhoird, rud atá ag teacht leis an laghdú le blianta beaga anuas ar líon na ndaoine atá ag lorg tearmainn sa tír seo. D’ainneoin sin, tháinig méadú 59% ar líon na gcásanna a bhain le iarratais ar fhochosaint faoi Threoir an AE i leith Cáilíochtaí.

Cuireadh níos mó brú ar thréimhsí feithimh chun coinne a fháil le haturnae in 2009. Ina ainneoin sin, bhí cuspóir an Bhoird coinní tosaigh a sholáthar laistigh de cheithre mhí á mbaint amach i bhformhór na n-ionad dlí faoi dheireadh na bliana. Chomh maith leis sin, lean an Bord de sheirbhís láithreach nó beagnach láithreach a sholáthar do 15% dá chliaint (nár bhain le tearmann a iarraidh) i ngeall ar na cineálacha fadhbanna a bhí ag na cliaint sin.

Lean an Bord air ag baint leasa as cleachtóirí príobháideacha chun cabhrú le líon na gcliant a bhí ag feitheamh ar sheirbhísí dlí a laghdú. Anuas air sin thug an Bord seirbhís ‘comhairle amháin’ isteach freisin ar mhaithe le réamhchoinne a thabhairt do chliaint laistigh de cheithre mhí.

Dréachtaíodh plean forfheidhmithe ar mhaithe le cur i ngníomh mholtaí na gcomhairleoirí seachtracha a choimisiúnaigh an Bord chun measúnú riosca a dhéanamh ar sholáthar seirbhísí dlí an Bhoird. Bunaíodh ionad dlí nua i mBaile Átha Cliath, mar thoradh ar na moltaí sin, d’fhonn ionad dlí “eiseamláireach” a chruthú lena úsáid mar theimpléad chun ionaid dlí eile a fhorbairt.

Reáchtáil an Bord comhdháil dlí teaghlaigh i gCorcaigh i Meán Fómhair, ar éirigh go breá léi. Labhair na cainteoirí, idir chainteoirí ón mBord agus chainteoirí seachtracha, ar raon leathan ábhar a bhain le réimse an dlí teaghlaigh ghinearálta.


CRÍOCH
Chun faisnéis bhreise a fháil téigh i dteagmháil le:
An Dr Moling Ryan, Príomhfheidhmeannach 087 6474980
An tUasal Eileen Bowden, Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha 087 6287432
An tUasal Colm O’Connor, Stiúrthóir Cúnta 087 6395037

www.legalaidboard.ie


Lógó tsuímh idirlín OneGov