| |
Preaseisiúint
Tuairiscíonn an Bord um Chúnamh Dlíthiúil méadú suntasach san éileamh ar sheirbhísí dlí
D’fhoilsigh an Bord um Chúnamh Dlíthiúil a Thuarascáil Bhliantúil agus Cuntais 2010 inniu (6 Deireadh Fómhair). Cuireann an Bord comhairle agus cúnamh dlíthiúil sibhialta ar fáil dóibh siúd nach bhfuil ábalta aturnae a íoc iad féin, trína líonra náisiúnta d’ionaid dlí. Cuireann sé seirbhísí dlí ar fáil dóibh siúd atá ag lorg tearmainn trína Sheirbhís Dlí do Dhídeanaithe.
Taispeántar sa tuarascáil go bhfuair an Bord um Chúnamh Dlíthiúil 17,175 iarratas ar chomhairle agus ar chúnamh dlíthiúil sibhialta in 2010, suas 21% ón mbliain roimhe. Sna ceithre bliana ó 2006 i leith, tháinig méadú os cionn 70% ar líon na n-iarratas, agus lean an méadú ar éileamh i dtús 2011. Bhí méadú beagnach 22% ar líon na n-iarratas chuig Ionaid Dlí amháin, in 2010 amháin. Ar an iomlán, próiseáladh 16,632 cás in ionaid dlí an Bhoird in 2010, méadú 3% ar 2009, agus cuireadh 5,279 cás ar aghaidh chuig cleachtóirí dlí príobháideacha.
Feictear don Bhord go bhfuil dhá phríomhthoisc ina gcúis leis an méadú leanúnach in éileamh. Ar an gcéad dul síos, agus ar an gcúis is suntasaí, tá líon níos mó daoine ag comhlíonadh na tástála acmhainne mar gheall ar an gcor chun donais eacnamaíoch rud a chiallaíonn gur féidir leo leas a bhaint as na seirbhísí dlí a sholáthraíonn an Bord. Anuas air sin, tá fianaise ann go mbíonn seirbhísí dlí ag teastáil níos mó le linn tréimhsí anáis eacnamaíoch, go háirithe i réimsí ar nós dlí teaghlaigh, fiachais agus fostaíochta.
Bhí réimse amháin d’oibríochtaí an Bhoird nach raibh méadú ar líon na n-iarratas anuraidh. Bhí laghdú beagnach 37% in 2010 go dtí 1,448 i gcliaint nua sa tSeirbhís Dlí do Dhídeanaithe, a chuireann seirbhísí dlí ar fáil d’iarrthóirí tearmainn. Bhí sé sin i gcomhréir le líon laghdaithe na n-iarratas ar thearmann sa stát le blianta beaga anuas.
Ag labhairt di faoin tuarascáil, thug Cathaoirleach an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil, an tUasal Anne Colley, faoi deara gur í an phríomhghné a bhain le timpeallacht oibriúcháin an Bhoird le blianta beaga anuas ná méadú ar éileamh ar sheirbhísí ar fud an líonra d’ionaid dlí. Tá formhór an mhéadaithe seo mar thoradh ar an drochthionchar atá ag an timpeallacht eacnamaíochta reatha ar ioncaim agus ar fhostaíocht, rud a fhágann go bhfuil níos mó daoine i dteideal seirbhísí an Bhoird. Chomh maith leis sin, tá dúshlán ann don Bhord, agus d’eagraíochtaí seirbhíse poiblí eile, níos mó oibre a dhéanamh le níos lú acmhainní sa tréimhse atá romhainn. Tá an Bord tar éis freagairt dó seo ar bhealach dearfach trí athstruchtúrú a dhéanamh ar sheirbhísí agus bealaí nuálacha a thabhairt isteach chun seirbhís a sheachadadh. Cuimsítear leo seo an tSeirbhís Dlí do Dhídeanaithe a chomhtháthú le hionaid dlí i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh agus i nGaillimh agus seirbhís ‘comhairle amháin’ a thabhairt isteach in ionaid dlí leis an aidhm a chinntiú go mbeadh coinne tosaigh ag cliaint le haturnae laistigh de cheithre mhí, i gcás ina bhféadfadh moill shuntasach a bheith ag baint leo murach sin. I rith 2010, rinne an Bord comóradh ar 30 bliain de bhunú cúnamh dlíthiúil sibhialta stát-mhaoinithe trí chomhdháil a óstáil.
D’admhaigh Príomhfheidhmeannach an Bhoird, an Dr Moling Ryan, freisin go gcuireann an méadú san éileamh brú suntasach ar chumas an Bhoird seirbhís thráthúil a sholáthar ag cuid dá n-ionaid dlí. Dúirt sé freisin go bhfeidhmíonn an Bord córas seachadta ‘measctha’ sa mhéid is go mbaineann sé úsáid as seirbhísí aturnaetha agus abhcóidí ón earnáil phríobháideach chun cur leis an tseirbhís atá á soláthar ag a aturnaetha féin leis an aidhm seirbhís thráthúil agus éifeachtúil a chur ar fáil. Cé go bhfuil tréimhsí feithimh i gcomhair coinne iomlán le haturnae méadaithe thar an spriocthréimhse ceithre mhí in os cionn leath d’ionaid dlí an Bhoird, cuirtear seirbhís láithreach nó beagnach láithreach ar fáil i gcásanna a mheastar tosaíocht a bheith ag baint leo. Ina measc tá cásanna foréigean teaghlaigh, fuadach leanaí, iarratais ón Stát chun leanaí a thógáil i gcúram agus cásanna a bhfuil teorainneacha ama reachtúla atá ar tí dul in éag i gceist leo. Thagair an Dr Ryan do roinnt tionscnamh a tugadh isteach i rith 2010 chun seirbhísí a bhainistiú níos fearr, lena n-áirítear an tseirbhís comhairle amháin, seirbhísí speisialtóireachta a sholáthar maidir le faillí míochaine agus cúram leanaí agus an obair bhunaidh ar chóras comhtháite bainistíochta cásanna bunaithe ar TF a fhorbairt.
Chuir an tUasal Colley agus an Dr Ryan béim ar an dul chun cinn a rinneadh maidir le seirbhís idirghabhála comhtháite a fhorbairt ar bhonn píolótach i mBaile Átha Cliath. Is fiontar comhoibritheach é seo idir an Bord, an tSeirbhís Chúirteanna agus an tSeirbhís Idirghabhála Teaghlaigh agus is é an cuspóir atá aige ná cásanna oiriúnacha a atreorú ó thimpeallacht Cúirte. D’fháiltigh siad roimh chinneadh an Rialtais feidhmeanna na Seirbhíse Idirghabhála Teaghlaigh a aistriú chuig an mBord agus d’aithin siad na sineirgí idir an dá eagraíocht agus na buntáistí a d’fhéadfadh a theacht as an aistriú.
Cuirtear fáilte freisin roimh chinneadh an rialtais bainistíocht agus riaradh cúnamh dlíthiúil coiriúil a aistriú chuig an mBord go gairid, os rud é go léiríonn sé an mhuinín atá ag an Rialtas as obair na heagraíochta.
Buaicphointí ó Thuarascáil Bhliantúil agus Cuntais 2010 an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil
Láimhseáil líonra ionaid dlí an Bhoird um ábhair sibhialta ginearálta méadú 21% ar iarratais in 2010. Bhí méadú 18% ann roimhe sin in 2009 ar fhigiúirí 2008. Bhí an leibhéal éilimh in 2010 timpeall 74% níos airde in 2010 ná mar a bhí in 2007.
Tháinig laghdú 37% ar líon na gcliant nua a chláraigh le Seirbhís Dlí do Dhídeanaithe an Bhoird, rud atá ag teacht leis an laghdú le blianta beaga anuas ar líon na ndaoine atá ag lorg tearmainn sa tír seo.
Tháinig laghdú 8% ar mhaoiniú an státchiste don tseirbhís um chúnamh dlíthiúil sibhialta go €24.22 milliún. I gcás na Seirbhíse Dlí do Dhídeanaithe, tháinig laghdú 4.3% ar an soláthar maoinithe Státchiste go €7.96 milliún. Ar an iomlán, tháinig laghdú 7% ar leibhéil foirne le linn na bliana ó 386 post coibhéis lánaimseartha ag deireadh 2009 go 359 ag deireadh 2010.
Tháinig méadú 3% ar líon na gcásanna a phróiseáil an líonra ionaid dlí le linn na bliana go dtí os cionn 16,600. Tháinig méadú 12% ar an líon cásanna cúraim leanaí.
Cuireadh níos mó brú ar thréimhsí feithimh chun coinne a fháil le haturnae in 2010 mar gheall ar éileamh breise agus srianta ar acmhainní an Bhoird. Ag deireadh na bliana, bhí an tréimhse feithimh in 13 Ionad Dlí an Bhoird níos lú ná ceithre mhí cé go raibh sé níos mó ná 4 mhí in 16 de na hIonaid. Ina ainneoin sin, lean an Bord de sheirbhís láithreach nó beagnach láithreach a sholáthar do 15% dá chliaint (nár bhain le tearmann a iarraidh) mar gheall ar na cineálacha fadhbanna a bhí ag na cliaint sin.
Lean an Bord air ag baint leasa as cleachtóirí príobháideacha chun cabhrú le líon na gcliant a bhí ag feitheamh ar sheirbhísí dlí a laghdú. Ní raibh tréimhse feithimh ar bith ar chliaint a cuireadh ar aghaidh chuig cleachtóirí príobháideacha chun seirbhísí a fháil. Anuas air sin thug an Bord seirbhís ‘comhairle amháin’ isteach freisin ar mhaithe le réamhchoinne a thabhairt do chliaint laistigh de cheithre mhí mura bhféadfaí seirbhís shubstaintiúil a chur ar fáil laistigh den tréimhse sin.
D’oibrigh an Bord leis an tSeirbhís Chúirteanna agus an tSeirbhís Idirghabhála Teaghlaigh agus é mar aidhm treoirscéim idirghabhála ar an láthair a chur ar bun sa bhfoirgneamh ina bhfuil an Chúirt Teaghlaigh Dúiche lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Ag deireadh na bliana, bhíothas ag súil go mbeadh an tionscnamh ag feidhmiú go luath in 2011 agus go ndíreodh sé ar dhíospóidí idir tuismitheoirí maidir le leas leanaí.
Rinne an Bord óstáil ar chomhdháil in áitreabh Dhlí-Chumann na hÉireann i bPlás Blackhall, Baile Átha Cliath i Meán Fómhair mar cheiliúradh ar 30 bliain ó bhunú na heagraíochta. Ba é téama na Comhdhála ná ‘Rochtain ar Cheartas agus Cúnamh Dlíthiúil: Ag Foghlaim ón Stair, Ag Féachaint don Todhchaí’ ( ‘Access to Justice and Legal Aid: Learning from the Past, Looking to the future).’ Thug roinnt cainteoirí iomráiteacha aitheasc don chomhdháil maidir le gnéithe éagsúla den dlí sibhialta in Éirinn agus thar lear.
CRÍOCH
Chun faisnéis bhreise a fháil téigh i dteagmháil le:
An Dr Moling Ryan, Príomhfheidhmeannach 087 6474980
An tUasal Eileen Bowden, Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha 087 6287432
An tUasal Frank Caffrey, Ceann na gCleachtóirí Príobháideacha agus Seirbhísí Speisialaithe Dlí. 087-3295811
An tUasal Fiona Morley, Bainisteoir, an tAonad Taighde agus Faisnéise, 087 9677279
www.legalaidboard.ie
|
|