Lógó Glas an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil

Rochtain ar Cheart

 

Polasaí Príobháideachais

Ní nochtar aon eolas pearsanta don Bhord um Chúnamh Dlíthiúil, i gcás brabhsáil gréasáin. Bailítear agus stóráiltear an t-eolas seo a leanas go huathoibríoch, nuair a thugann duine cuairt ar shuíomh an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil:

> Seoladh IP cliant gréasáin an chuairteora
> An t-ainm fearainn ard-leibhéil a úsáideadh (mar shampla .ie, .com, .org, .net)
> Seoladh an tsuímh idirlín roimhe sin, ónar shroich an cuairteoir an suíomh, le haon téarmaí cuardaigh a úsáideadh san áireamh
> Sonraí sruth gliogála a léiríonn trácht na gcuairteoirí ar fud an tsuímh idirlín (mar shampla, leathanaigh ar tugadh cuairt orthu agus doiciméid a ndearnadh iad a íoslódáil)
> Cineál an bhrabhsálaí gréasáin a bhíonn in úsáid ag an gcuairteoir ar an suíomh idirlín
> An dáta agus an t-am a dtagann an cuairteoir ar an suíomh

Úsáidtear roinnt den eolas thuas chun staidreamh achomhair a chruthú a ligeann don Bhord um Chúnamh Dlíthiúil measúnú a dhéanamh ar uimhir na ndaoine a thugann cuairt ar an suíomh, na leathanaigh is mó a thugtar cuairt orthu a aithint agus le cabhrú i gcoitinne le forbairt suíomh idirlín an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil amach anseo.

Nuair a sheolann tú ríomhphost, d'fhéadfá a bheith ag seoladh eolas pearsanta cosúil le d'ainm, do sheoladh agus do sheoladh ríomhphoist. D'fhéadfadh an Bord um Chúnamh Dlíthiúil ainm, seoladh agus seoladh ríomhphoist an iarrthóra a stóráil, ar mhaithe le freagra a thabhairt ar iarratais nó chun ábhar an ríomhphoist a réiteach ar bhealach eile. Féach ar ár leathanach Rúndachta chomh maith le do thoil.


Lógó tsuímh idirlín OneGov