Lógó Glas an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil

Rochtain ar Cheart

 

Cleachtóirí agus Abhcóidí Príobháideacha

Déanann an Bord roinnt painéal de dhlíodóirí agus d'abhcóidí príobháideacha a chothabháil, le cabhrú le seirbhís na n-ionad dlí.


Painéil Dlíodóirí

Clúdaíonn an chéad phainéal na dlíodóirí a chuireann seirbhísí ar fáil don Bhord maidir le cásanna colscartha agus scartha. Bunaíodh an painéal seo i nDeireadh Fómhair 2006 agus beidh sé i bhfeidhm ar feadh trí bliana.Tá téarmaí agus coinníollacha foirmiúla ann don phainéal seo. Cé go bhfuil painéal amháin ann, tá sé liostaithe de réir contae, do thagairt éasca.


Baineann an dara painéal le dlíodóirí a chuireann ionadaíocht ar fáil maidir le cásanna sa Chúirt Dúiche a bhaineann le foréigean baile, cothabháil, cúram, rochtain agus caomhnóireacht. Tá painéal amháin ann arís, ach tá sé liostaithe de réir contae do thagairt éasca.


Ba cheart go rachaidh na dlíodóirí a bhfuil suim acu a bheith páirteach i bpainéal dlíodóirí an Bhoird, i dteagmháil le hIonad na gCleachtóirí Príobháideacha ag an mBord.


Painéal na nAbhcóidí

Tá socrú i bhfeidhm ag an mBord chomh maith, le Comhairle Bharra na hÉireann. Faoi théarmaí an tsocraithe sin, coinnníonn an Bord painéal abhcóidí , a chuireann seirbhísí ar fáil do chásanna éagsúla an Bhoird. Ba cheart go rachaidh na habhcóidí a bhfuil suim acu a bheith páirteach sa Phainéal, i dteagmháil le Comhairle an Bharra.


Tá na painéil seo á gcothabháil de réir cuid 30 den Acht um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta, 1995.


Scéimeanna na gCleachtóirí agus na nAbhcóidí Príobháideacha ag an Seirbhís Dhlíthiúil do Dhídeannaithe (SDD)

Baineann Seirbhís Dhlíthiúil do Dhídeannaithe (SDD) an Bhoird, úsáid as seirbhísí dlíodóirí agus abhcóidí príobháideacha chun achomhairc a chur isteach ar son iarrthóirí tearmainn atá ag fáil cúnamh dlíthiúil agus chun ionadaíocht a dhéanamh ar a son os comhair an Binse Achomhairc do Dhídeanaithe. Tá painéal de dhlíodóirí agus abhcóidí atá sásta cúnamh dlíthiúil a chur ar fáil, á gcothabháil an SDD de réir Alt 30 den Acht um Chúnamh Dlíthiúil, 1995. Cinneann an SDD más féidir cás ar leith a chur ar aghaidh go dtí dlíodóir nó abhcóide atá ina c(h)leachtóir príobháideach (CP), ar bhunús leibhéal na gcásanna atá ann agus an toilleadh atá ann chun déileáil le cásanna go hinmheánach.


Tá paineál dlíodóirí an SDD á chothabháil de réir an aguisín i Scéim na gCleachtóirí Príobháideacha atá ag an mBord um Chúnamh Dlíthiúil agus tá paineál na AD á chothabháil de réir an tsocraithe idir an mBord um Chúnamh Dlíthiúil agus Comhairle an Bharra.


Ba cheart do dhlíodóirí a bhfuil suim acu a bheith páirteach i bpainéal dlíodóirí SDD, dul i dteagmháil le hAonad na Seirbhísí Dlíthiúla ag an Seirbhís Dhlíthiúil do Dhídeannaithe.


Ba cheart do abhcóidí a bhfuil suim acu a bheith páirteach i bpainéal abhcóidí SDD, dul i dteagmháil le Comhairle an Bharra - nó ba cheart dóibh dul i dteagmháil le hAonad na Seirbhísí Dlíthiúla an SDD, mar atá thuas.



Lógó tsuímh idirlín OneGov