|
Ionad Doiciméadaithe na nDídeanaithe
Eolas Fúinn
Is seirbhís leabharlannaíochta agus taighde neamhspleách atá taobh istigh den Bhord um Chúnamh Dlíthiúil, é Ionad Doiciméadaithe na nDídeanaithe (IDD). Seo a leanas ról IDD:
> chun seirbhís taighde agus fiosraithe a chur ar fáil do na heagraíochtaí go léir atá páirteach sa phróiseas tearmainn.
> chun bailiúchán eolas oibiachtúil agus cothrom le dáta faoi thíortha bunaidh (ETB), tearmann, inimirce agus cearta daonna, a thógáil agus a chothabháil.
> chun oiliúint a chur ar fáil maidir le taighde eolais faoi thíortha bunaidh.
> chun a bheith ag comhoibriú le gníomhaireachtaí cosúla in áiteanna eile chun eolas a fheabhsú faoi réimse staidéir na dtíortha bunaidh.
Billeog Eolais
Léigh Billeog Eolais ar líne
Oscail Billeog Eolais leagan PDF (131kb)
|