|
An tIonad Doiciméadúcháin do Dhídeanaithe
Bileog Eolais
Céard é an tIonad Doiciméadúcháin do Dhídeanaithe?
Seirbhís neamhspleách atá ag feidhmiú faoi shainchúram an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil é an tIonad Doiciméadúcháin do Dhídeanaithe.
Is é ról an Ionaid:
> Seirbhís taighde agus fiosrúcháin a sholáthar do gach eagraíocht a bhfuil baint acu leis an bpróiseas tearmainn.
> Bailiúchán oibiachtúil nuashonraithe doiciméid a chur i dtoll a chéile agus a chothabháil ina mbeidh eolas ar thíortha thionscnaimh (COI), mar aon le heolas ar chearta tearmainn, inimirce, dlí agus an duine, a mbeidh rochtain ghinearálta air.
> Oiliúint a chur ar fáil ar thaighde maidir le heolas faoi thíortha tionscnaimh.
> Tabhairt faoi ghníomhaíochtaí taighde eile mar aon le seirbhís leabharlainne iasachta agus taighde a chur ar fáil.
> Comhoibriú le gníomhaireachtaí den chineál céanna in áiteanna eile chun eolas faoin réimse taighde ar an tír thionscnaimh a fheabhsú.
Is féidir leis an bpobal agus le gníomhaireachtaí eile coinne a dhéanamh chun úsáid a bhaint as an Ionad Doiciméadúcháin chun a gcuid taighde féin a dhéanamh. Soláthraíonn an tIonad Doiciméadúcháin do Dhídeanaithe seirbhís eolais neamhspleách agus oibiachtúil dá chuid grúpaí úsáideoirí ina n-iomlán.
Seirbhís Iarratais agus Taighde
Soláthraítear seirbhís iarratais agus taighde don UNHCR, don tSeirbhís Dlí do Dhídeanaithe agus don Bhord um Chúnamh Dlíthiúil, d’Oifig an Choimisinéara Iarratais do Dhídeanaithe, don Aonad Cinntí Aireachta, don Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí agus do chleachtóirí príobháideacha a bhfuil baint acu leo sin thuas. Níl an tseirbhís taighde ar fáil don phobal. Áirítear i measc na bhFoinsí Taighde a úsáidtear:
> ár mbailiúchán intí de dhoiciméadúchán ar thíortha sonracha i ndáil le cearta an duine agus saincheisteanna eile, a ndéantar nuashonrú air ar bhonn leanúnach de réir mar a chuirtear torthaí taighde nua leis
> An tIdirlíon agus foinsí leictreonacha eile
> teagmhálacha náisiúnta agus idirnáisiúnta (aonaid taighde eile, eagraíochtaí rialtais/neamhrialtasacha, ambasáidí)
Déantar iarratais a thaifeadadh ar fhoirm iarratais chaighdeánach, agus áirítear le freagraí ar iarratais liosta iomlán tagartha de na foinsí a úsáidtear. Eisítear freagraí go hiondúil le ríomhphost, ach is féidir iad a sheoladh sa phost nó le DX i gcúinsí eisceachtúla. Stóráiltear freagraí ar iarratais gan ainm ar Chóras Bainistíochta Leabharlainne an RDC, ar féidir le heagraíochtaí a bhfuil baint acu leis an bpróiseas tearmainn rochtain a fháil air.
Nuair a Dhéanann tú Iarratais don Ionad Doiciméadúcháin do Dhídeanaithe
> Bí chomh soiléir agus is féidir leat le do thoil nuair a dhéanann tú d’iarratas, mar shampla sonraigh an réimse/tábhar áirithe ar mian leat go ndíreoimís air.
> I gcás iarratas dlí (cásdlí srl.) tabhair an oiread eolais agus is féidir leat m.sh. cineál cúirte, dlínse, dáta, ainmneacha an cháis srl.
> Luaigh an spriocdháta cruinn atá agat le do thoil, ag cur aon spriocdhátaí reachtúla san áireamh, chun a chur ar ár gcumas sceideal a leagan amach d’iarratais. Teastaíonn cúig lá fógra ar a laghad uainn. Caithfear le hiarratais nach bhfuil spriocdhátaí sonraithe ag gabháil leo mar chinn nach bhfuil práinneach agus déileálfar leo sin laistigh de choicís ón uair a bhfaightear iad. Tabhair faoi deara go mbeidh spriocdhátaí níos faide ag teastáil uainn i gcás iarratas a iarrann orainn dul i dteagmháil le gníomhaireachtaí eile in Éirinn nó thar lear.
> Má mheasann tú go bhfuil an t-iarratas dírithe ar chliaint áirithe (.i. go mbeadh tionchar ag na torthaí a bheith curtha ar fáil go poiblí ar rúndacht an chliaint) luaigh é sin le do thoil ag an am a dhéanfaidh tú an t-iarratas. Tabhair faoi deara nach gcuireann an tIonad Doiciméadúcháin do Dhídeanaithe ainmneacha pearsanta ná uimhreacha iarratais ar fáil go poiblí sa chás go soláthraítear iad leis an iarratas.
> Is iad an teileafón agus an ríomhphost na modhanna is fearr chun dul i dteagmháil linn má tá d’iarratas anphráinneach. Is féidir iarratas a dhéanamh freisin le facs nó sa phost, nó tríd an Leabharlann Leictreonach. Tá ár bhfoirm iarratais ar fáil freisin ar Láithreán Gréasáin an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil sa rannóg ar an Ionad Doiciméadúcháin do Dhídeanaithe. Cuir sonraí teagmhála ar fáil le do thoil nuair a dhéanann tú d’iarratas, ar fhaitíos go mbeadh gá leo chun d’iarratas a shoiléiriú.
Seirbhís Leabharlainne
Tá bailiúcháin leabhar, tuarascálacha, tuairiscí nuachta agus irisí ar roinnt ábhar ábhartha le fáil san Ionad Doiciméadúcháin do Dhídeanaithe agus is ag dul i méid atá an bailiúchán i gcónaí. I measc na n-ábhar tá cúrsaí tearmainn, inimirce, dlí, polaitíochta, antraipeolaíochta mar aon le heolas ar thíortha thionscnaimh. Is féidir sonraí faoin stoc a fháil sa chatalóg leabharlainne ar líne atá ar fáil d'eagraíochtaí a bhfuil baint acu leis an bpróiseas tearmainn. Ní úsáidtear téacsanna áirithe cosúil le heolairí agus foclóirí ach chun críche tagartha amháin agus caithfear féachaint orthu sin san Ionad féin. Is féidir ábhar eile a fháil ar iasacht - 3 mhír ar a mhéid ar feadh tréimhse 4 seachtaine, agus beifear in ann an tréimhse a athnuachan mura dteastóidh an t-ábhar ó iasachtaí eile. Tá an tseirbhís iasachta teoranta d'eagraíochtaí agus do dhaoine aonair atá incháilithe ár seirbhís iarratais/taighde a úsáid. Ní féidir irisí a fháil ar iasacht ach is féidir fótachóip a dhéanamh d’ábhar faoi réir ag rialacha cóipchirte.Tá síntiús ag an Ionad Doiciméadúcháin do Dhídeanaithe le roinnt seirbhísí leictreonacha agus le foinsí eolais. Cuimsíonn ár Leabharlann Leictreonach cartlann dhigiteach, seirbhís feasachta reatha, agus tá tairseach gréasáin beartaithe in 2008 chun rochtain éasca ar acmhainní a chuir ar fáil.
Gníomhaíochtaí Eile
Foilseacháin
Foilsíonn an tIonad Doiciméadúcháin do Dhídeanaithe a nuachtlitir féin, The Researcher. Tá sí le fáil ar Láithreán Gréasáin an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil agus ar Líonra Eolais Thír Thionscnaimh na hEorpa (ecoi.net) Déantar coimisiúnú ar thuarascálacha ó am go ham nuair nach bhfuil mórán eolais ar cheist áirithe agus a dtagann an cheist aníos arís agus arís eile mar chuid dár gcuid obair thaighde. Foilsítear tuarascálacha den chineál sin ar
www.ecoi.net.
Soláthar Oiliúna
Soláthraíonn an tIonad Doiciméadúcháin do Dhídeanaithe oiliúint dár mbonn cliaint maidir lenár gcuid acmhainní leictreonacha intí a úsáid. Soláthraítear cúrsaí oiliúna freisin ó thaobh taighde a dhéanamh ar eolas faoi thír thionscnaimh do lucht taighde COI, úsáideoirí COI agus cinnteoirí a bhfuil baint acu le haon ghné den phróiseas tearmainn. Is féidir na cúrsaí sin a chur ar fáil thar tréimhse ceithre seachtaine trí mhodhanna ríomhoiliúna, le tacaíocht ó ríomh-theagascóir agus seimineár aonlae do rannpháirtithe sa tseachtain dheiridh. Tairgítear cúrsaí freisin ar bhonn seimineáir dhá lá agus bíonn taighde praiticiúil agus cás-staidéir ina chuid de sin.
Moltaí agus Bronntanais
Cuireann an tIonad Doiciméadúcháin do Dhídeanaithe fáilte roimh aon aiseolas maidir lenár seirbhís agus moltaí faoi aon ábhar atá le ceannach. Fáiltímid freisin roimh bhronntanais d'aon ábhar spéise, mar shampla, páipéir chomhdhála agus seimineáir.
Tabhair Cuairt Orainn
Is iad seo a leanas na huaireanta oscailte atá againn: Maidineacha 10.00 go 12.30. Iarnóin 14.00 go 17.00. Téigh i dteagmháil linn le do thoil más féidir leat sula dtugann tú cuairt orainn. B’fhéidir go mbeimis in ann cuairteanna
lasmuigh de na hamanna seo a éascú má théann tú i dteagmháil linn roimh ré.
Sonraí Teagmhála
An tIonad Doiciméadúcháin do Dhídeanaithe
An Bord um Chúnamh Dlíthiúil,
An Chéad Urlár, Cúirt Montague,
7-11 Sráid Montague,
Baile Átha Cliath 2
DX 149
Teileafón: 00 353 (0)1 4776250
Facs: 00 353 (0)1 6613113
Ríomhphost: Refugee_Documentation_Centre@legalaidboard.ie
Láithreán Gréasáin: www.legalaidboard.ie
Tá an tIonad Doiciméadúcháin do Dhídeanaithe anseo chun cuidiú leat. Ná bíodh drogall ort dul i dteagmháil linn.
Márta 2008
|