Lógó Glas an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil

Rochtain ar Cheart

 

Seirbhísí Ionad Doiciméadaithe na nDídeanaithe

Seirbhís Fiosraithe agus Taighde

Úsáideoirí
Cuireann SDD seirbhís fiosruithe agus taighde ar fáil don tSeirbhís Dhlíthiúil do Dhídeanaithe agus don Bhord um Chúnamh Dlíthiúil, Oifig an Coimisinéir Iarratais do Dhídeannaithe, an Binse Achomhairc do Dhídeanaithe, Aonad na gCinntí Aireachta agus gníomhaireacht eile den Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí. Is féidir le dlíodóirí agus abhcóidí atá ar phainéal an SDD, an tseirbhís seo a úsáid chomh maith. Níl an tseirbhís seo ar fáil don phobal.

Iarratas a chur isteach
Más iarrthóir thú, cuir isteach d'fhiosruithe eolais ar Fhoirm Fiosraithe IDD le do thoil. Is é an fógra is lú a bhíonn ag teastáil ó IDD d'iarratas eolais, ná 48 uair. Cuir isteach an fhoirm iarratais trí ríomhphost, facs nó tríd an bpost le do thoil. Ní féidir an t-eolas atá ar na bhfoirm iarratais a chur ar fáil go poiblí. Ní fhoilsíonn IDD freagraí, ach tar éis don eolas rúnda a bheith bainte.

Bailiúcháin
I measc na bhfoinsí taighde a úsáideadh tá bailiúcháin inmheánacha, foinsí idirlín, bunachair sonraí síntiús agus teagmhálacha náisiúnta agus idirnáisiúnta. Bíonn liosta tagartha de na foinsí a úsáideadh, sna freagraí. Cuireann IDD an chuid is mó freagraí taighde ar fáil trí ríomhphost.

Seirbhís Leabharlannaíochta
Tá bailiúchán leabhar, tuarascálacha, tuairiscí nuachta agus irisleabhair faoi réimse ábhar bainteach sa leabharlann, ar ábhair cosúil le tearmann, inimirce, dlí, polaitíocht, antraipeolaíocht agus eolas faoi thíortha bunaidh.Tá saothair thagartha ar fáil chomh maith. Má tá sé de theidlíocht agat leas a bhaint as an tseirbhís fiosraithe agus taighde, is féidir leat ábhair a thógáil ar iasacht chomh maith, chomh luath is atá tú cláraithe le seirbhís leabharlannaíochta IDD. Tá cead agat uasmheid de thrí rud a thógáil ar iasacht ar feadh suas le mí amháin. Is a féidir an iasacht seo a athnuachan, mura bhfuil na rudaí ag teastáil ó dhuine éigin eile. Ní féidir Irisleabhair/Sraithscéalta a thógáil ar iasacht, ach is féidir ailt a fhótachóipeáil, faoi réir rialacháin cóipchirt. Téigh i dteagmháil le IDD chun sonraí sa bhreis a fháil le do thoil.

Más duine den phobal thú, ta fáilte romhat cuairt choinne a thabhairt ar Leabharlann IDD mar leabharlann taighde, chun do thaighde féin a dhéanamh. Ach níl cead agat ábhair a thógáil ar iasacht.

An tAonad Cuardaigh Cinntí
Bhunaigh an tIonad Doiciméadúcháin do Dhídeanaithe an tAonad Cuardaigh Cinntí (DSU) chun cuardaigh a dhéanamh ar an mbunachar sonraí de chinntí atá déanta ag an mBinse Achomhairc Dídeanaithe d’aturnaetha RLS agus d’aturnaetha agus d’Abhcóidí ar na painéil RLS atá ag obair i gCleachtais Phríobháideacha. Tá an tseirbhís DSU ar fáil freisin do ghníomhaireachtaí eile sa phróiseas tearmainn mar atá na seirbhísí eile atá ag an RDC. Ní mór dóibh sin atá ag déanamh iarratais an fhoirm iarratais DSU a chomhlánú, ceann amháin in aghaidh an iarratais, agus an fhoirm a chur isteach (i bhfoirm cruachóipe nó go leictreonach) chuig an Aonad Cuardaigh Cinntí ag an RDC. Nuair a fhaigheann an DSU iarratas déanfaidh sé cuardach ar bhunachar sonraí an Bhinse agus aithneoidh sé agus roghnóidh sé cinntí ábhartha thar ceann an iarrthóra. Eiseoidh an Binse cóipeanna de ansin, agus é curtha in eagar nó gan ainmneacha a bheith air, don iarratasóir. Chun tuilleadh eolais a fháil faoin DSU, téigh i dteagmháil le do thoil le dsu@legalaidboard.ie

Eolas faoi Thíortha Bunaidh – Oiliúint
Cuireann IDD cúrsaí oiliúna gearra ar fáil ar thaighde ETB do na cliaint. Tá an oiliúint bunaithe ar chur chuige oiliúna comónta, a forbraíodh le soláthraithe ETB eile san Eoraip. Cuireann IDD oiliúint ar fáil ar an láthair nó ar láithreacha na n-eagraíochtaí féin. Bíonn na cúrsaí oiliúna bunaithe ar fhormáid modúlach. I measc na modúl tá:

- Ról agus Caighdeáin ETB - Ról ETB i Measúnú Stádas Teifigh
- Bainteacht ETB -Eolas faoin Tír Bhunaidh a bhfuil Bainteacht Dhlíthiúil i gceist leis, a aithint
- Iontaofacht agus Cothromaíocht- Eolas ar agus Measúnú na bhFoinsí
- Cruinneas agus Cúrsaíocht - Scileanna Taighde agus Straitéis
- Cur i láthair agus Doiciméadú na dTorthaí Taighde
- (Modúl roghnach) Dlí Dídean agus Cosaint Taca


Lógó tsuímh idirlín OneGov