|
CC SDD - Ceisteanna Coitianta
9. Céard is coinneáil faoi chuid 9(8) faoi Acht na nDídeanaithe, ann?
Is féidir le hoifigeach inimirce/ball den Gharda Síochána iarrthóir tearmainn a choinneáil faoi chuid 9(8) d'Acht na nDídeanaithe, má tá tuairim aige/aici le bunús maith, go bhfuil an t-iarrthóir sin—
(a) ina b(h)agairt do shlándáil náisiúnta nó ord poiblí sa Stát,
(b) tar éis coir thromchúiseach neamhpholaitiúil a dhéanamh taobh amuigh den Stát,
(c) nach bhfuil sé/sí tar éis na hiarrachtaí cuí a dhéanamh chun a (h)aitheantas fíorúil a nochtadh,
(d) go bhfuil sé i gceist aige/aici díbeart ón Stát a sheachaint, sa chás go bhfuil a (h)iarratas ar thearmann a aistriú go dtí tír Coinbhinsiúin de bhun Cuid 22 nó go dtí tríú tír shábháilte (taobh istigh de chiall na coda sin),
(e) go bhfuil sé i gceist aige/aici an Stát a fhágáil agus dul isteach i Stát eile gan cead dlíthiúil, nó
(f) go bhfuil a (h)aitheantas nó a d(h)oiciméid taistil scriosta aige/aici gan cúis réasúnta, nó má tá doiciméid aitheantais bhréagacha ina s(h)eilbh aige/aici.
Fill ar liosta na Ceisteanna Coitianta
|