Lógó Glas an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil

Rochtain ar Cheart

 

Seirbhís Dhlíthiúil do Dhídeannaithe (SDD)

Cuireann an SDD seirbhís ar fáil d'iarrthóirí tearmainn ag gach céim den phróiseas tearmainn. Má tá tú ag cur iarratais isteach ar thearmann in Éirinn, is féidir leat comhairle agus cúnamh dlíthiuil a fháil ón SDD, le cabhrú leat le d'iarratas. Is féidir clárú leis an SDD ag céim ar bith den phróiseas tearmainn.

Ba cheart duit iarratas a chur isteach ar sheirbhísí dlíthiúla ag an gcéim is luaithe den phróiseas tearmainn. I measc na seirbhísí atá ar fáil ón SDD tá:

Iarratais Tearmainn
> Comhairle sula gcuireann tú do cheistneoir isteach chuig Oifig an Coimisinéir Iarratais do Dhídeannaithe nó sula ndéanann tú freastal ar d'agallamh in Oifig an Coimisinéir Iarratais do Dhídeannaithe.
> Aighneachtaí scríofa chuig Oifig an Coimisinéir Iarratais do Dhídeannaithe, mar thacaíocht le d'iarratas ar thearmann.
Breis eolais...

Achomhairc
> Ionadaíocht os comhair An Binse Achomhairc do Dhídeanaithe.
Breis eolais...

Stádas Dhídeannaithe Diúltaithe
> Cabhrú leat i gcur isteach na n-iarratas ar Chead Fanachta.
Breis Eolais...
> Cúnamh maidir le hiarratas ar chosaint chúnta.
Breis eolais...
> Comhairle maidir le horduithe díbeartha agus athbhreithniú breithiúnach.
Ionadaíocht, má tá tú á choinneáil sa Chúirt Dúiche faoi Chuid 9(8) d'Acht na nDídeannaithe.

Teangaireacht
Teangairí a chur ar fáil do choinní le do dhlíodóir.


Coiste Monatóireachta Neamhspleách don Sheirbhís Dhlíthiúil do Dhídeanaithe
Tá Coiste Monatóireachta Neamhspleách ann le cinntiú go bhfuil seirbhís dhlíthiúil ar ard-chaighdeán curtha ar fáil ag an Seirbhís Dhlíthiúil do Dhídeannaithe agus chun fóram neamhspleách a chur ar fáil chun gearáin ó chliaint a fhiosrú.

Chun breis eolais a fháil faoin gCoiste Monatóireachta Neamhspleách.


Lógó tsuímh idirlín OneGov