Lógó Glas an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil

Rochtain ar Cheart

 

Faisnéis na hEarnála Poiblí a ath-úsáid

Tá an Bord um Chúnamh Dlíthiúil ag cloí leis na Rialacháin maidir le Faisnéis na hEarnála Poiblí a ath-úsáid (IR Uimh. 279 2005).

Is cóipcheart an Bhoird í mura luaitear a mhalairt an fhaisnéis atá ar fáil ar shuíomh gréasáin an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil. Ceadaítear ath-úsáid na faisnéise seo, saor in aisce, i bhformáid ar bith. San áireamh le hath-úsáid tá cóipeáil, eisiúint na gcóipeanna don phobal, foilsiú, craoladh agus aistriú go teangacha eile. San áireamh leis chomh maith tá taighde neamhthráchtála agus staidéar.

Is féidir faisnéis agus doiciméid a fhaightear ón suíomh gréasáin seo a athléiriú agus/nó a ath-úsáid faoi réir ag an gceadúnas PSI is déanaí atá ar fáil ag www.psi.gov.ie. Go hachomair, tá sé riachtanach don úsáideoir:

> foinse na faisnéise agus cóipcheart an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil a admháil nuair a dhéantar faisnéis a sholáthar do dhaoine eile
> an fhaisnéis a athléiriú go cruinn
> gan an fhaisnéis a úsáid i slí mhíthreorach
> gan an fhaisnéis a úsáid i slí a thabharfadh le fios go bhfuil formhuiniú ann ón mBord um Chúnamh Dlíthiúil sa chás nár tugadh a leithéid d'fhormhuiniú
> gan an fhaisnéis a úsáid chun críocha fógraíochta nó táirge nó seirbhíse áirithe a chur chun cinn, agus
> gan an fhaisnéis a úsáid chun tacú le cuspóirí mídhleathacha, mímhorálta, calaoiseacha nó mí-ionraice.

Níl an Bord um Chúnamh Dlíthiúil dlite as caillteanas nó dliteanas ar bith a bhaineann le ath-úsáid na faisnéise agus ní dheimhníonn sé go bhfuil an fhaisnéis suas chun dáta nó saor ó earráid. Níl údarú ón mBord ag úsáideoir ar bith cearta eisiacha a bheith acu a fhaisnéis a ath-úsáid.

Le haghaidh achoimre ar fhaisnéis an tsuímh gréasáin seo atá ar fáil le hath-úsáid, féach ar léarscáil an tsuímh.

Tá lámhleabhar an Bhoird faoi alt 15 na nAchtanna um Shaoráil Faisnéise ar fáil ag Saoráil Faisnéise.

D'fhonn fiosrú a dhéanamh maidir le hath-úsáid faisnéise na hearnála poiblí sa Bhord um Chúnamh Dlíthiúil, déan teagmháil le:

Colm O’Connor
An Bord um Chúnamh Dlíthiúil
Sráid an Chalaidh
Cathair Saidhbhín
Co. Chiarraí

Teil: 066 9471022
Ríomhphost: cmoconnor@legalaidboard.ie



Lógó tsuímh idirlín OneGov