Lógó Glas an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil

Rochtain ar Cheart

 

Aisghabháil Costas agus Damáistí agus Cruatan

Réamhrá
Tá cuntas sa chuid seo den Chiorclán faoin gcaoi a dhéanfaidh an Bord a chostais a aisghabháil agus ar na dualgais reachtúla atá ar aturnaetha a chinntiú go n-aisghabhann an Bord iad.
Is iad ailt 33 agus 34 na hailt bhainteacha den Acht um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta, 1995 ("an tAcht"), agus go mór mór Alt 33 (7) agus (8).
Baineann dhá ghné le haisghabháil costas agus is iad sin:-
> ó pháirtí eile na díospóide; agus
> ó dhuine a bhfuil cúnamh dlíthiúil aige nó aici.

Is éard is brí leis an téarma “duine a bhfuil cúnamh dlíthiúil aige nó aici” ná duine ar tugadh comhairle dhlíthiúil nó cúnamh dlíthiúil, nó an dá
rud dó nó di. Áirítear damáistí faoi réir Alt 33(7) mar "airgead".

Costais a Aisghabháil ó Pháirtí Eile
Féadfaidh an Bord costais a aisghabháil ó pháirtí eile i ndíospóid agus é ag iarraidh costais a aisghabháil.
Féadfaidh sé é seo a dhéanamh de thoradh ordú cúirte maidir le costais nó de bharr comhaontú leis an bpáirtí eile mar chuid de
réiteach na díospóide. Nuair a thugtar ordú maidir le costais nó nuair a thagtar ar réiteach ba chóir don aturnae fógra i scríbhinn a chur chuig Ionad na gCleachtóirí Príobháideacha faoi.

Féadfaidh na páirtithe teacht ar shocrú faoi na costais atá le haisghabháil ón bpáirtí eile, nó in éagmais comhaontaithe, féadfaidh Cláraitheoir an Chontae, mar shampla, cinneadh a dhéanamh fúthu. Nuair atá costais le socrú is é Ionad na gCleachtóirí Príobháideacha a chinnteoidh an méid. Mura dtagtar ar chomhaontú faoin scéal cuirfear an cheist ar aghaidh, más gá, chuig dréachtóir costas chun bille costas a ullmhú.

I measc na rudaí a chuirfidh Ionad na gCleachtóirí Príobháideacha san áireamh agus cinneadh á déanamh leanúint ar aghaidh chun cuid de na costais nó na costais go léir a aisghabháil
ón bpáirtí eile beidh:-
> acmhainní an pháirtí eile agus an chosúlacht go n-aisghabhfar na costais; agus
> na costais a tabhaíodh.

Aisghabháil Costas ó Dhaoine a bhfuil Cúnamh Dlíthiúil acu
Tugann Alt 33 an Achta údarás don Bhord a chostais a aisghabháil ó airgid nó ó réadmhaoin a fuair duine a bhfuil cúnamh dlíthiúil aige nó aici de thoradh soláthar
an chúnaimh dhlíthiúil/na comhairle dlíthiúla. Ní mór na tosca seo a leanas a chur san áireamh má tá costais le haisghabháil:-

(a) an léirmhíniú a chuirfear ar Alt 33 (7) agus (8);
(b) tionchar choincheap an chruatain in Alt 33 (8); agus
(c) an nós imeachta a leanfar in iarrachtaí costais a aisghabháil agus na
difríochtaí atá leagtha síos san Acht maidir le déileáil le hairgid agus réadmhaoin.
Déantar plé ar gach ceann acu siúd sin thíos.

(a) Léirmhíniú
Scrúdaíodh gnéithe éagsúla d'alt 33 (7) agus glacadh leis an gcur chuige
seo maidir le léirmhíniú an ailt.

> Tagraíonn an nath "aisghabháilte ag nó caomhnaithe le haghaidh" d'airgid nó do réadmhaoin:-

> a raibh an baol ann go ndámhfaí é do pháirtí an taoibh eile sa díospóid;
> a bhfaigheann duine a bhfuil cúnamh dlíthiúil aige nó aici leas ann; agus
> a aisghabhadh nó a caomhnaíodh le haghaidh duine a raibh cúnamh dlíthiúil aige nó aici, bíodh is nach raibh saincheist faoi leith ann mar gheall orthu sa díospóid.
Ceist fhíorais é seo in gach cás agus déantar cinneadh faoi trí rudaí ar nós pléadálacha, an fhianaise agus an idirbheartaíocht réitithe a scrúdú.

Ós rud é go bhfuil sé le tuiscint san Acht go ndéanfar airgid nó réadmhaoin a aisghabháil nó a chaomhnú "thar cheann" an té a bhfuil cúnamh nó comhairle dlíthiúil á fháil aige nó aici, ní foláir an chur chuige seo a ghlacadh chun teidlíocht an Bhoird a chosaint maidir le costais.

> Ní mór don aturnae faomhadh a fháil ar dtús ó Ionad na gCleachtóirí Príobháideacha má tá sé ar intinn ag an iarratasóir faoisimh áirithe a lorg nach rachaidh go díreach chun sochar dó nó di (iontaobhas a chruthú, mar shampla, i bhfabhar leanaí ar mionaoisigh iad).
> Má thugann cúirt ordú ar a foriarratas féin ag dámhachtain tairbhe ar thríú páirtí féadfaidh an Bord dul laistiar den ordú sin chun na tosca agus an comhthéacs ina ndearnadh an t-ordú a scrúdú.
> Ní mór fíricí an tsocraithe a scrúdú agus ní amháin an leagan amach a bhí air. Má tharlaíonn sé nach bhfaigheann duine airgid nó réadmhaoin go díreach ach go bhfuil smacht aige nó aici ar a leithéid d'airgid a leithdháileadh, déanfaidh an Bord iarracht a costais a aisghabháil óna leithéid d'airgid nó de réadmhaoin.
> Tagraíonn an téarma "aon imeachtaí" d'imeachtaí a cheadaítear de bharr teastas cúnaimh dhlíthiúil faoi leith, lena n-áirítear aon chomhairle faoi ábhar ar leith.
> Tagraíonn an téarma "táille chuí" do chostais an Bhoird arna shocrú faoi réir Alt 34 agus/nó Alt 33 (6) an Achta, atá le haimsiú ar an réadmhaoin.
> forálann Alt 33 (8) (a) (1) go ndéanfaidh an Bord a cheartas roimh mhaoin ar bith lena mbaineann "teach nó cuid de theach agus .... arb é sin gnáth-áit chónaithe" an té a bhfuil cúnamh dlíthiúil aige nó aici a tharscaoileadh. Meastar go gciallaíonn “gnáth-áit chónaithe" an áit ina mbíodh an t-iarratasóir ina c(h)ónaí ann sular tháinig na hábhair sin chun cinn a bhí mar shaincheisteanna sna himeachtaí nó sa díospóid. Féadfaidh níos mó ná gnáth-áit chónaithe amháin a bheith ag duine ag am ar bith agus d'fhéadfadh sé tarlú, nó gan a tharlú, chun críche an Achta gurb í an áit sin áras an teaghlaigh. Is ceist fíorais í seo a chaithfidh an Bord a fháil amach i ngach cás faoi leith.

(b) Cruatan
Pléitear é seo mar ábhar faoi leith níos faide anonn sa Chiorclán seo.

(c) Nós imeachta chun Costais a Aisghabháil
Ginearálta
Tá foráil in Alt 33(6) den Acht go socródh na páirtithe eatarthu féin an méid costas atá le haisghabháil ag an mBord (faoi réir Alt 34) nó go ndéanfadh an chúirt iad a mheas nó go ndéanfadh an Máistir Faomhais (Cláraitheoir an Chontae) é faoi réir rialacha cibé cúirt atá i gceist. Is iad na costais a thabhaíonn an Bord ná costas iomlán na seirbhísí dlíthiúla a chuirtear ar fáil maidir le hábhar faoi leith.
Airgead
Ní mór aon íocaíocht nó íocaíocht eatramhach a thaisceadh i gciste an chúnaimh dlíthiúil agus caithfear í a choinneáil ann (ina hiomláine nó ina cuid) go dtí go
> socraíonn an Bord méid na gcostas atá le haisghairm, más ann dóibh; agus
> go ndéanann an Bord a leithéid de chostais a aisghabháil.
Tabharfar sonraí na gcostas a thabhófar don duine a bhfuil cúnamh dlíthiúil aige nó aici mar aon leis an méid, más ann dó, a choinnigh an Bord maidir le costais.
Réadmhaoin
Má tharlaíonn sé go ndéantar réadmhaoin a aisghabháil nó a chaomhnú cuirfear bille costas chuig an té a bhfuil cúnamh dlíthiúil aige nó aici agus tabharfar tréimhse áirithe don té sin in bhféadfaidh sé nó sí na costais atá ag dul don Bhord a íoc. Mura bhfuil an duine sásta an méid sin a íoc déanfaidh an Bord iarracht teacht ar chomhaontú leo maidir le muirear a chur ar an réadmhaoin, agus murar féidir é sin a shocrú déanfaidh an Bord iarracht muirear a chur ar an réadmhaoin sin.
Díol áras an teaghlaigh/roinntear fáltais
Tá foráil in Alt 33(7) go n-aisghabhfaidh an Bord a chuid costas ó fháltais an díolacháin.

Féadfaidh an Bord a chostais a tharscaoileadh ina n-iomláine nó ina gcuid má mheasann sé go mba chúis chruatain don duine a bhfuil cúnamh dlíthiúil aige nó aici é mura ndéanfaí é sin.

Comhairle do Chliant Maidir le Costais agus Díobhálacha
Má tá seans ann airgid nó réadmhaoin a fháil ar ais ní mór d'aturnae a insint don chliant faoi mhéid na gcostas a bhainfear as na hairgid nó na réadmhaoin a gheofar ar ais nó a chaomhnófar don chliant. Beidh litir Chuid 68 ag an gcliant cheana féin mar aon leis an teastas chúnaimh dlíthiúil a deonaíodh dó nó di.

Ba chóir d'aturnaetha a gcuid cliant a chur ar an eolas faoi chostas na n-imeachtaí ó am go céile, go mór mór i gcas costas breise a bheidh ann de bharr rudaí mar saineolaithe a ghlaoch mar fhinnéithe.
Tá sé de dhualgas ar an aturnae atá ag déileáil le cás deimhin a dhéanamh de go bhfuil a gcliant ar an eolas faoi
na costais a d'fhéadfadh a bheith acu.

Costas Seirbhísí Dlíthiúla a Sholáthar - Ráta in aghaidh na hUaire
Déanann an Bord athmheasúnú ó am go chéile ar an ráta in aghaidh na huaire a úsáidtear chun costas seirbhísí dlíthiúla a chur ar fáil i gcásanna faoi leith. Is é €150 an ráta in aghaidh na huaire faoi láthair. Seo an figiúr a úsáidtear chun na costais a bheith le haisghabháil ó dhuine a mheas agus chun an méid cruinn a áireamh a bheidh le h-íoc má tá an cliant tar éis a chur isteach go foirmiúil ar chúnamh dlíthiúil ón 1ú Aibreán, 2006 ar aghaidh. Tá an ráta €110 fós i bhfeidhm sna cásanna sin inar chuir an cliant isteach air go foirmiúil roimh an 1ú Aibreán, 2006.

Treoirlíne maidir le Léirmhíniú Chruatan Airgeadais

Réamhrá
Rinne an Bord measúnú ar chiall an "chruatain" ó thaobh an Achta de maidir le haisghabháil costas agus rinneadar é sin d'fhonn a chinntiú go ndéanfar cinntí go comhsheasmhach agus go gcaithfear go cothrom leis na daoine go léir a bhfuil cúnamh dlíthiúil acu nuair a thagann ceist cruatain chun cinn.
Tá an foráil seo a leanas in Alt 33(8) den Acht:-
"Féadfaidh an Bord an ceart atá aige i leith aon airgead nó réadmhaoin a bhfuil sé i dteideal a fháil faoin Alt seo a tharscaoileadh ina iomláine nó ina chuid más é tuairim an Bhoird go mba chúis chruatain é don té sin a fuair an cúnamh nó an chomhairle dhlíthiúil mura ndéanfaí é seo.”
Fágann Alt 33(8) an rogha ag an mBord a chearta maidir le haisghabháil a chuid costas a tharscaoileadh má mheasann sé go mbeadh sé "ina chúis chruatain" ag an té sin mura ndéanfaí é sin.
Cé gur léir go mbainfidh ceist chruatain le tosca cáis faoi leith, measann an Bord go bhfuil sé riachtanach prionsabail, critéir agus treoirlínte a leagadh síos le cabhrú le cinneadh a dhéanamh an rachadh sé crua ar dhuine dá ndéanfadh an Bord iarracht a chuid costas a aisghabháil.

Na Prionsabail atá le cur i bhfeidhm maidir le hAlt 33(8)
Shocraigh an Bord na prionsabail seo a leanas:-
> tá cruatan le meas i gcomhthéacs stádais dhuine a bhfuil cúnamh dlíthiúil aige nó aici nuair atá na seirbhísí sin curtha ar fáil; agus
> ní mór stádas airgeadais an té sin a mheas ag an dáta a bhfuil cinneadh á dhéanamh faoi cheist chruatain; agus
> tá sé fíor-riachtanach go mbunófaí critéir a chaithfear a chur san áireamh agus go n-ullmhófaí treoirlínte le cinntiú go gcaithfear go comhsheasmhach leis na daoine go léir nuair atá an Bord ag iarraidh costais a choinneáil maidir le soláthar seirbhísí dlíthiúla; agus
> cé go bhfuil treoirlínte lán-riachtanach chun critéir chomhsheasmhacha chaighdeánacha a chur ar fáil le cur san áireamh nuair atá cinneadh á dhéanamh, mar sin féin caithfidh an Bord rogha bhreithiúnach a dhéanamh faoi gach aon cás agus cinneadh a dhéanamh faoi na tosca faoi leith a bhaineann le gach cás díobh.

Critéir a gCaithfear a chur san Áireamh
Caithfear na critéir seo a leanas a chur san áireamh nuair atá cinneadh á dhéanamh an mbeadh cruatan i gceist
in aon chás faoi leith:-
> tosca reatha airgeadais an duine, lena n-áirítear sócmhainn/dliteanas ar bith,
trí thástáil nua acmhainne a chríochnú;
> an méid airgid nó réadmhaoine a aisghabhadh/caomhnaíodh;
> an cuspóir lena n-úsáidfear an t-airgead nó an réadmhaoin;
> an méid gur féidir le duine airgid eile a chruinniú, trí mhorgáiste mar shampla;
> méid na gcostas;
Thairis sin ba chóir aird faoi leith a thabhairt do na pointí seo a leanas:-
> ar fhulaing an duine caillteanas airgid agus na hairgid a aisghabhadh le húsáid chun an caillteanas sin a chur ina cheart;
> an bhfuil luach na n-airgead a aisghabhadh chomh beag sin go ndéanfaí an tairbhe don cliant a laghdú go mór nó a chur ar ceal ar fad dá ndéanfaí forghníomhú; agus
> tosca pearsanta an té sin.

Treoirlínte Ginearálta
Ós rud é nach bhfuil treoirlínte ar bith san Acht maidir leis an gcur chuige atá le húsáid i leith an téarma
"cruatan a chruthú", thug an Bord faomhadh do na treoirlínte ginearálta seo a leanas, faoi réir ag
na prionsabail agus na critéir thuasluaite:-
> tá an tuairim choitianta ann go bhfuil sé réasúnta gan an €4,000 tosaigh de shuimeanna airgid
a fhaigheann duine a bhfuil cúnamh dlíthiúil aige nó aici a chur san áireamh nuair atá cinneadh á dhéanamh an mbeadh chúis cruatain ann
mar gheall ar choinneáil na gcostas;
> nuair a fhaigheann duine airgid de bharr ordú athchoigeartaithe réadmhaoine i gcás áras an teaghlaigh in imeachtaí pósta, mar shampla, meastar go mbeadh sé
réasúnta gan an chéad €57,000 dá leithéid de shuim airgead a chur san áireamh maidir le haisghabháil costas, agus gur cóir scála comhghluaisteach a úsáid maidir le haisghabháil costas ina dhiaidh sin, agus aisghabháil iomlán a bheith i gceist ag €76,000; agus
> má tá na hairgid a aisghabhtar idir €4,000 agus €18,000, ba chóir scála comhghluaisteach a úsáid maidir le haisghabháil costas agus aisghabháil iomlán a bheith i gceist ag €18,000.
Caithfidh an duine a bheith i dteideal seirbhísí dlíthiúla a fháil ar chúinsí airgeadais i ngach ceann de na samplaí thuas. Meastar nach mbeadh an éifeacht chéanna ag na treoirlínte mura mbeadh an duine incháilithe, ach gur chóir iad a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh.
Ní chuireann na treoirlínte seo srian leis an gcumhacht rogha a dhéanamh cuid de na costais nó
na costais go léir faoi bhun nó os cionn na dteorainneacha sin a tharscaoileadh.


Lógó tsuímh idirlín OneGov