Lógó Glas an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil

Rochtain ar Cheart

 

Earcaíocht

Fáilte go dtí leathanach Earcaíochta an Bhoird um Chúnamh Dhlíthiúil.

Earcaíonn an Bord um Chúnamh Dlíthiúil dlíodóirí go díreach trí fhógraí poiblí sna nuachtáin náisiúnta agus áitiúla chuí agus ar shuíomh idirlín Cumann Corpraithe Dlí na hÉireann. Bíonn an Bord ag earcú chomh maith do phoist riaracháin, pharaidhlíthiúla agus sainoilte sa tseirbhís phoiblí ó am go ham, de réir téarmaí ceadúnas earcaíochta a bhronn an Coimisiún um Cheapacháin sa tSeirbhís Phoiblí (CCSP) ar an mBord. Tá rogha ag an mBord chomh maith chun earcaigh nua (seachas dlíodóirí) a fháil ó Sheirbhís na gCeapachán Poiblí (SCP), os rud é go leanann sí de sheirbhís earcaíochta lárnaithe a chur ar fáil don státseirbhís go léir.

Tá na caighdeáin earcaíochta agus roghnaithe a bhíonn in úsáid ag an mBord, leagtha amach sna Cóid Chleachtais atá foilsithe ag an CPSA agus tá siad ar fáil ar líne ag www.cpsa-online.ie. Is féidir dul i dteagmháil le Seirbhís na gCeapachán Poiblí (SCP) ag www.publicjobs.ie.

Folúntais /deiseanna reatha:

Níl aon fholúntais/deiseanna ar fáil faoi láthair.


Lógó tsuímh idirlín OneGov