|
Iarratais ar Thearmann
Iarratas tosaigh ar thearmann
Nuair a chuireann duine iarratas isteach ar thearmann chuig Oifig an Coimisinéir Iarratais do Dhídeannaithe(OCID), bíonn ar an duine ceistenoir a líonadh isteach chun sonrú a dhéanamh ar a (h)éileamh ar thearmann. Ba cheart duit an ceistneoir seo a líonadh isteach tú féin, mar is é an bunús fíriciúil le d'iarratas ar thearmann agus is tusa an duine is fearr le rá cén fáth a bhfuil tú ag lorg tearmainn. Cuirfidh OCID faoi agallamh thú tar éis duit an ceistneoir a chur isteach.
Cuirfidh SDD eolas agus comhairle ar fáil duit faoi:
> an próiseas tearmainn;
> an gá atá le bheith fírinneach agus chun a bheith ag comhoibriú le OCID;
do cheistneoir; agus
> freastal ar agallamh le OCID.
Más mionaoiseach nó duine leochaileach eile thú, mar shampla, cuirfidh SDD cúnamh ar fáil duit chun an ceistneoir a chomhlánú agus d'fhéadfaidís a bheith i láthair leat ag an agallamh.
|