Lógó Glas an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil

Rochtain ar Cheart

 

Seirbhís curtha ar fáil do chosaint chúnta

Is féidir leat iarratas a chur isteach ar chosaint chúnta, chuig an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, san aon chás amháin go ndiúltaítear d'iarratas ar stádas teifigh. Beidh foirm iarratais leis an litir ón Aire chun tú a chur ar an eolas faoin diúltú. Cuirfidh an fhoirm iarratais seo ar do chumas iarratas a chur isteach ar chosaint chúnta. Má cheapann tú go bhféadfá a bheith i dteideal cosaint chúnta a fháil, cabhróidh an SDD leat an t-iarratas a dhréachtadh.

Is ionann cosaint chúnta agus cosaint seachas stádas teifigh ar phriacal fíorúil de "dhíobháil thromchúiseach". Mar chuid de seo bheadh:
(a) píonós an bháis nó bású; nó
(b) céasadh nó caitheamh go mídhaonna nó go táireach le duine, nó pionós a bheith gearrtha ar an iarrthóir ina t(h)ír bhunaidh; nó
(c) bagairt thromchúiseach nó bagairt ar leith do bheatha sibhialaigh nó duine de bharr foréigean neamhidirdhealaitheach i gcásanna de choimhlint armtha go hidirnáisiúnta nó go hinmheánach.


Lógó tsuímh idirlín OneGov