|
Cúnamh dlí a Chúlghairm / a Fhoirceannadh
Prionsabail ghinearálta
Is éard is aidhm do na nósanna imeachta seo a chinntiú go gcloífidh na socruithe a chuirtear i bhfeidhm d'fhonn teastas cúnaimh dhlí a chúlghairm / a fhoirceannadh le gnáthaimh chothroma agus le riachtanais an cheartais aiceanta agus an cheartais bhunreachtúil, agus nach amháin go ndéanfar an ceart ach go bhfeicfidh an duine atá ag fáil seirbhíse dlí go bhfuil sé á dhéanamh.
Is é tuairim an Bhoird go gcloíonn na gnáthaimh seo leis an aidhm. Níor mhór roinnt pointí a thabhairt faoi deara ó thús:-
> Ní haon "chinneadh" lena mbaineann an gnáthamh athbhreithnithe nó achomhairc í an intinn teastas a chúlghairm nó a fhoirceannadh;
> ní éilíonn na Rialacháin go gcuirfear na cúiseanna a bhí le foirceannadh nó cúlghairm an teastais in iúl don iarratasóir. Mar sin féin, ní fhéadfadh an t-iarratasóir cúis a shuíomh nár cheart an teastas a chúlghairm / a fhoirceannadh ("cúis a shuíomh") mura gcuirfí na cúiseanna a bhí leis an gcinneadh a bhí á bheartú in iúl dó. Éilíonn riachtanais an cheartais aiceanta agus an cheartais bhunreachtúil go gcuirfí ar an eolas é/í; agus
> soláthraíonn na gnáthaimh a mhionsonraítear thíos do thosca áirithe inar féidir cumarsáid dhíreach a bheith ann idir an t-iarratasóir agus an tIonad Cleachtóirí Príobháideacha. Má dhéantar a leithéid, coinneofar an t-aturnae ar an eolas faoi na himeachtaí.
Cúlghairm teastas cúnaimh dhlí
Tá údarás an Bhoird maidir le teastas cúnaimh dhlí a chúlghairm leagtha síos sna Rialacháin 9(4) agus 13(5)(b) den Acht um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta ("an tAcht"). Mar shampla, ceadaíonn Rialachán 9(4) an chúlghairm más amhlaidh a rinne an duine ráiteas bréagach faoina chuid acmhainní san iarratas ar chúnamh dlí nó murar nocht sé aon fhíric ábhartha. Ina theannta sin, forálann Rialachán 9(2) go mbeidh an duine a gcúlghairtear a theastas freagrach sna costais go léir a thabhaigh an Bord i leith an teastais sin. Eascróidh na tosca a thabharfaidh ar an mBord rogha a dhéanamh an teastas a chúlghairm de bharr:-
> gur chuir aturnae an duine na tosca áirithe in iúl don Bhord; nó
> go bhfuair an Bord an fhaisnéis ó fhoinse eile.
Foirceannadh teastas cúnaimh dhlí
Tá roinnt foras ann ar dá réir a fhéadfaidh an Bord rogha a dhéanamh teastas cúnaimh dhlí a fhoirceannadh. Ní bhaineann cuid de na forais seo le hiompar an duine, is é sin le rá:-
> ar iarratas an duine féin (Rialachán 9 (3)(a));
> má tá an duine chun deiridh níos faide ná 21 lá sa ranníocaíocht nó níl sé/sí ag cloí le coinníoll a ghabhann le teastas (Rialachán 9(3)(b)); nó
> mura bhfuil an duine i dteideal cúnaimh dhlíthiúil níos mó ar ábhar airgeadais(Rialachán 9(3)(d)).
Má chuirtear tús leis na ngnáthamh foirceanta ar cheann den dá ábhar dheireanacha seo, ba cheart don duine dul i gcumarsáid leis an mBord tríd an aturnae d'fhonn cúis a shuíomh, mar is ábhair oibiachtúla ar fad iad seo.
B'fhéidir go dtarraingeoidh foinsí eile aird an Bhoird ar thosca a thabharfaidh ar an mBord rogha a dhéanamh teastas cúnaimh dhlí a fhoirceannadh.
Cuireann na naisc thíos tuilleadh eolais ar fáil ar an ábhar seo:
Gnáthaimh mhionsonraithe maidir le comhairle dlí a tharraingt siar agus cúnamh dlí a chúlghairm/a fhoirceannadh
Athbhreithniú ar chinneadh
Iompar míréasúnta
Coiste na nAchomharc
|