Lógó Glas an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil

Rochtain ar Cheart

 

Táillí agus eisíocaíochtaí finnéithe

Tá tagairt do na forálacha sin sna hailt ó 22 go 24 faoi théarmaí agus coinníollacha Scéim na gCleachtóirí Príobháideacha don Chúirt Chuarda:

22. Má mheasann aturnae nó gnólacht go bhfuil bearta eile riachtanach chun éileamh cliaint a chur chun cinn agus go gcosnóidh siad níos mó ná mar atá údaraithe sa teastas, má mheasann sé nó sí mar shampla gur cóir tuairisc ghairmiúil a fháil nó go bhfuil finnéithe gairmiúla nó eile ag teastáil, ní mór iarratas a dhéanamh i scríbhinn chuig an mBord ag iarradh leasú ar an teastas chun a leithéid de chaiteachas a cheadú. Ba chóir dóthain faisnéise a sholáthar in iarratas den sórt ag insint go háirithe faoin gcaoi a rachadh an caiteachas breise chun tairbhe do chás an chliaint, chun go bhféadfar cinneadh a dhéanamh faoi agus go bhféadfaidh an Bord géilleadh d'fhorálacha an Achta nuair atá an t-iarratas á mheas.

23. Cuirfidh an Bord teastas leasaithe ar fáil má chinntítear faomhadh a thabhairt don iarratas. Ní iarrfaidh aturnae tuairiscí, ní fhostóidh finnéithe agus ní thabhóidh costais nó speansais ach amháin faoi mar atá údaraithe de bhun Teastais nó teastais leasaithe. Ní bheidh an Bord freagrach as aon chostas nó speansas ach amháin iad sin ar tugadh faomhadh roimh ré i scríbhinn dóibh.

24. Féadfar na nósanna imeachta bainteacha maidir le hathbhreithniú agus achomhairc atá sna Rialacháin um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta 1996 (Rialachán 12) a úsáid má chinneann an Bhoird diúltú d'iarratais chun finnéithe gairmiúla nó finnéithe saineolacha a fháil.

Is chuig Ionad na gCleachtóirí Príobháideacha is chóir iarratais a dhéanamh le haghaidh leasaithe ar theastais chúnaimh dhlíthiúil. Tá scála an Bhoird um tháillí finnéithe nó saineolaithe leagtha amach thíos. Tá roinnt míreanna eisíoca ann a bheidh an t-iarratasóir freagrach astu de gnáth.

Táillí agus Speansais le haghaidh Finnéithe Gairmiúla agus Saineolacha

Is iad seo a leanas na táillí atá iníoctha le cleachtóirí míochaine:-
1. Gnáthráta / Liachleachtóir Ginearálta €232.00

Síciatraithe
Scrúdú agus tuairisc €255.00
Scrúdú agus tuairisc ar dara duine den teaghlach €255.00
Gach ball breise teaghlaigh €155.00
Gach seisiún grúpa - agallamh €155.00

Síceolaithe
Scrúdú agus tuairisc €232.00
Scrúdú agus tuairisc ar dara duine den teaghlach €232.00
Gach ball breise teaghlaigh €155.00
Gach seisiún grúpa - agallamh €155.00

2. Tuairisc a leanann uaidh
Caighdeánach / Liachleachtóir Ginearálta €204.00
Síceolaí €204.00
Síceolaí €223.00

3. Freastal ar an gCúirt
(Lena n-áirítear dul i gcomhairle le habhcóide ar lá na héisteachta más gá)
Leathlá (maidin nó tráthnóna) €571.00
Lá iomlán €800.00

4. Dul i gcomhairle le habhcóide ar lá eile seachas lá na héisteachta
I seomraí comhairliúcháin €156.00
Lá iomlán €232.00

5. Dul i gcomhairle le comhairleoir míochaine an pháirtí eile
Ar an teileafón €48.00
Trí chomhfhreagras €97.00
Trína bheith i láthair ag scrúdú €136.00


Táillí do bheith ar fuireachas
Táillí fuireachais laistigh de 20 mhíle ó ospidéal nó cleachtas comhairligh
- 25% den táille freastail cuí
Táille fuireachais maidir le bheith i láthair ag cúirt breis agus 20 mhíle ó ospidéal nó cleachtas an chomhairligh
- 50% den táille freastail cuí

Finnéithe Gairmiúla seachas Cleachtóirí Míochaine
Is iad seo thíos na huastáillí ar féidir a íoc agus ba chóir dul i mbun caibidlíochta más féidir chun táillí níos ísle a shocrú. Ba chóir socrú a dhéanamh roimh ré faoi táille iomlán amháin le haghaidh cásanna casta/fada
Cuntasóirí
Comhpháirtithe suas le - €112.00 ina aghaidh na huaire
Cúntóirí suas le - €60.00 ina aghaidh na huaire
Innealtóirí, Ailtirí agus Suirbhéirí Cainníochta
Suas le - €112.00 ina aghaidh na huaire
Grianghraif
Ráta a cheadófar le haghaidh finné saineolach - 3.75 in aghaidh an ghrianghraif
Ba chóir go léireofaí ar sonraisc a fhaightear ó na grúpaí thuas an ráta in aghaidh na huaire agus ba chóir dóibh a léiriú an méid oibre a rinneadh i ndáiríre agus cé a rinne é.
Finnéithe Sibhialta
Ba chóir a insint roimh ré do gach finné sibhialta a bheidh ag freastal ar an gcúirt go gcaithfear dearbháin a chur ar fáil mar chruthúnas i leith speansais ar nós táillí tacsaí, tuilleamh caillte, páirceáil, béilí agus taisteal. Ní íocfar éilimh mura bhfuil dearbháin mar thacaíocht leo. Tá liosta thíos de na rátaí cuí nuair a úsáidtear gluaisteáin phríobháideacha. Ba chóir iompar poiblí a úsáid nuair is féidir. Má tá ar fhinné a g(h)luaisteán príobháideach a úsáid is iad seo a leanas an ráta in aghaidh an mhíle do thuras timpeall:
Cent in aghaidh an mhíle
Suas go 100 míle 60
ó 100 go 150 míle 75
ó 150 go 180 míle 90
ó 180 go 200 míle 105
ó 200 go 250 míle 112
ó 250 go 300 míle 120

Ní mór d'fhostóir an iarrthóra dearbhú maidir le tuilleamh a cailleadh agus
ní foláir an mórchaillteanas agus an glanchaillteanas tuillimh atá á éileamh a léiriú. Ní mór do dhuine féinfhostaithe nóta a fháil óna c(h)untasóir ag dearbhú go bhfuil an caillteanas tuillimh fíor. Táthar ag súil nach gcaillfidh fostaithe in Eagraíochtaí Stáit ar nós Údarás Áitiúil agus Boird Sláinte aon ioncaim agus nach mbeidh orthu saoire bhliantúil a ghlacadh nuair a bhíonn siad ag freastal ar Chúirteanna mar fhinnéithe i gcásanna ina bhfuil cúnamh dlíthiúil ag daoine. Má éilíonn a leithéid de dhaoine cúiteamh de bharr tuilleamh a bheith caillte acu nó toisc go raibh orthu saoire bhliantúil a ghlacadh ba chóir a insint dóibh faoin tuiscint seo agus iarradh orthu labhairt lena bhfostóirí. Tá sé thar a bheith tábhachtach go n-iarrfaí ar fhinnéithe a speansais a choinneáil ar leibhéal réasúnta, go mór mór má bhíonn orthu taisteal ó thíortha thar lear.

Eisíoc / Táillí - Freagracht an Té a bhfuil Cúnamh Dlíthiúil aige nó aici
Tá roinnt catagóirí ann ina meastar go bhfuil an té a bhfuil cúnamh dlíthiúil aige nó aici freagrach as táillí agus eisíoc. Is iad sin:
Táillí Coimisinéara
Beidh an cliant freagrach as an táille a íoc má bhíonn air nó uirthi mionn a thabhairt faoi mhionnscríbhinn. Tá sé seo sa bhreis ar an ranníocaíocht.
Luachálacha
Is é an chaoi a bhfuil cúrsaí faoi láthair ná go bhfuil leas ag na daoine bainteacha i réadmhaoin agus,
ós rud é go bhfuil siad ag iarradh luach na réadmhaoine a dheimhniú, ba chóir go mbeidís in ann íoc as. Iarradh ar Lárionaid Dhlí comhluacháil a shocrú ina mbíonn siad ag seasamh thar cheann an dá pháirtí agus an socrú sin a iarradh fiú amháin má tá ionadaíocht phríobháideach ag páirtí amháin.
Fógraí
Tá duine a bhfuil cúnamh dlíthiúil aige nó aici freagrach as seoladh an freagróra atá á mholadh in aon imeachtaí a fháil amach agus beidh air nó uirthi íoc as costas fógraí a chur sna meáin má iarrann cúirt go ndéanfaí é sin.

Cruatan agus Cinntí i gCoitinne
In ainneoin na nithe sin uile tá sé de rogha ag an mBord cinneadh a dhéanamh faoi gach aon
chás ar fhíricí an cháis féin, agus go mór mór má bhíonn an chosúlacht air go mbeadh cruatan i gceist mura n-údarófaí caiteachas.




Lógó tsuímh idirlín OneGov