Lógó Glas an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil

Rochtain ar Cheart

 

    Anailís Timpeallachta


Timpeallacht Sheachtrach: Na hathruithe is dóichí ar mó a n-éifeacht ar an mBord i rith shaol an Phlean.

    >Athruithe leanúnacha sna caidrimh shóisialta agus i gcomhdhéanamh an teaghlaigh;
    >Athruithe reachtúla agus polasaí a théann i gcion ar sholáthar na seirbhíse;
    >Tosca eacnamaíochta na tíre faoi láthair;
    >An daonra ag dul in éagsúlacht, mar a aithnítear ar phróifíl na n-úsáideoirí agus agus na n-úsáideoirí dóchúla;
    >Méid na n-acmhainní a chuirtear ar fáil don Bhord chun a ghnó a déanamh;
    >Athruithe ar an timpeallacht rialachais a bhaineann leis na gairmeacha dlí;
    >Tionscnaimh pholasaí an Rialtais mar a leagtar amach iad i I dtreo 2016 agus comhaontuithe bainteacha;
    >An clár athraithe atá ar siúl sa tseirbhís phoiblí, lena n-áirítear na tionscnaimh a eascraíonn as Athbhreithniú an OECD (Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta) ar Sheirbhís Phoiblí na hÉireann;
    >Athruithe atá ar siúl maidir leis an rialachas, lena n-áirítear an chuntasacht airgeadais agus pholaitiúil;
    >Béim is mó fós ar luach ar airgead agus ar thorthaí inmheasta;
    >Ról an Phríomhfheidhmeannaigh ina cháil mar Oifigeach Freagrach chun an Choiste um Chuntais Phoiblí de bhun an Achta um an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha) 2008;
    >Struchtúir athraitheacha maidir leis an inimirce agus an tearmann, lena n-áirítear an éifeacht a bheidh ag an mBille um Inimirce, Chónaí agus Chosaint 2008;
    >An dlús atá á chur leis an nuálaíocht agus an athrú i dteicneolaíocht na faisnéise, go háirithe maidir lena a cumas feabhas a chur ar sholáthar na seirbhíse;
    >Éileamh méadaitheach an phobail maidir le cáilíocht na seirbhíse agus leis an gcaoi a gcuirtear ar fáil í;
    >An riachtanas atá ann dul i gcomhairle agus a bheith ag plé le grúpaí tacaíochta agus leasa maidir le forbairt polasaí agus soláthar na seirbhíse;
    >Forbairtí idirnáisiúnta sa dlí sibhialta, lena n-áirítear cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, agus an gá atá le teagmháil is mó fós a bheith ann le dlínsí agus le hinstitiúidí eile;
    >An t-éileamh méadaitheach is dócha a thiocfaidh ar sheirbhísí dlí, agus cumas an Bhoird riar ar an éileamh seo; agus
    >Suim mhéadaitheach na meán cumarsáide i seirbhísí an Bhoird


Timpeallacht Inmheánach: príomhthionchair sa limistéar seo i rith shaol an Phlean

    >Béim ar an gComhpháirtíocht mar mheán éifeachtach chun bainistíocht agus cinntí a dhéanamh sa Bhord;
    >Líonraí inmheánacha a úsáid mar mheán cumarsáide agus páirtíochta;
    >Ceannasaíocht éifeachtach ar gach leibhéal;
    >Bainistíocht éifeachtach na feidhmíochta trí bhíthin an Chóras Bhainistíochta agus Forbartha Feidhmíochta
    >Béim leanúnach ar thacú le foghlaim agus forbairt na mball foirne;
    >Athbhreithniú ar gach gné de sholáthar seirbhíse agus de struchtúir eagraíochtúla an Bhoird lena chinntiú go gcuirtear an tseirbhís ar fáil do na cliaint ar an mbealach is éifeachtúla agus is éifeachtaí is féidir;
    >Monatóireacht agus meastóireacht ar chumas agus éifeachtacht an Bhoird agus é ag iarraidh na haidhmeanna straitéiseacha a bhaint amach agus freagairt ar na héilimh athraitheacha ar bhealach nuálaíoch;
    >An gá atá le cumarsáid éifeachtach ar fud na heagraíochta;
    >Forbairt straitéise TFC nua don Bhord a thacóidh le comhlíonadh na ngealltanas atá sa Phlean seo;
    >An gá atá le hathbhreithniú ar bhainistíocht an eolais laistigh den Bhord;
    >An tseirbhís a bheith scaipthe ina cineál go geografach.

    Breis Eolais:

    Aidhmeanna Ardleibhéil (AA)

    AA 1 Seirbhís

    AA 2 Cumarsáid

    AA 3 Bainistíocht Acmhainní

    AA 4 Nuálaíocht

    AA 5 Forbairt Cumais

    Feidhmiú an Phlean Chorparáidigh


Lógó tsuímh idirlín OneGov